AN DÍOSPÓIREACHT: Ní Riada agus Ó hUigínn ab fhearr a chruthaigh agus Casey ar nós cuma liom

Léirigh Liadh Ní Riada aréir gurb í is mó atá ag teacht in aibíocht mar iarrthóir de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh, ach cá stadfaidh Peter Casey?

AN DÍOSPÓIREACHT: Ní Riada agus Ó hUigínn ab fhearr a chruthaigh agus Casey ar nós cuma liom

Murab ionann agus díospóireacht RTÉ i dtús na seachtaine, bhí Micheál D Ó hUigínn é féin i láthair ag Pat Kenny’s Big Debate chun ‘seiceáil bheo’ a dhéanamh ar na fíricí.

Bhí ar Pat Kenny an méid sin a mheabhrú dó ag pointe amháin nuair a dúirt an tUachtarán leis an láithreoir gur ghá dó ceartú a dhéanamh ar ‘an absolute untruth’.

Chuir Kenny i gcuimhne dó go bhféadfadh sé na ceartúcháin a dhéanamh é féin an turas seo ó tharla é a bheith i láthair.

‘You’re here,’ arsa Kenny.

‘Oh, yes, I am…’ arsa Ó hUigínn.

Agus figiúirí pobalbhreithe ag an Uachtarán a mbeadh mórán deachtóirí i bhformad leo, ba é an rud ba mhó arbh fhiú é a sheiceáil aréír ná na hiarrthóirí eile féachaint an raibh aon chomharthaí beatha iontu.

Ní baol do Peter Casey. Is léir go bhfuil sé siúd sásta troid go héag don gcúigiú háit sa rás agus más gá mionlach nó dhó a mhaslú is cuma leis san ach paiste seoigh a bheith aige chomh maith le seans a mhaíomh gurb é an t-aon iarrthóir atá sásta an rud atá ar intinn aige a rá amach gan fiacail a chur ann.

Tá a fhios ag madraí an Uachtaráin faoin dtráth seo gur fear é Casey a bhíonn ar nós cuma liom faoi dhea-bhéasa toghchánaíochta, ach do dhuine a deir nach bhfuil aon mheas faoin spéir aige ar Donald Trump is maith mar atá sé ag baint leas as cuid de sheifteanna feachtasaíochta fhear an Tí Bháin.

Sea, níor casadh aon chonspóid ar Casey fós nár mheas sé gurbh é an rud ab fhearr le déanamh ná a bheith ag adú léi.

B’amhlaidh an scéal aréir agus gan aon phioc den aithreachas air faoina ráiteas conspóideach i dtaobh an lucht siúil agus thagair sé gan cás gan náire arís don scéal ina aitheasc oscailte réamhullmhaithe.

Cén mhaith a dhéanfadh sé dó é a sheachaint?

Chinntigh an chonspóid gurbh é is mó a bhí i mbéal an phobail i gcaitheamh an lae inné agus gur tugadh an chéad fiche nóiméad nach mór de dhíospóireacht na hoíche aréir á phlé.

B’in tús an chláir.

Cuireadh críoch leis le ráiteas láidir ó Liadh Ní Riada faoi cheist na teanga. Dúirt iarrthóir Shinn Féin go raibh sé ‘extraordinary’ nár cuireadh aon cheist faoin nGaeilge le linn na díospóireachta. Mar a bheadh cuileog á smiotadh aige, dúirt Kenny nach bhféadfaí gach aon rud a phlé agus go raibh go leor a bhí tábhachtach pléite acu.

Ba dheacair aontú leis.

Agus na teidil chreidiúna ag teacht aníos ar an scáileán, d’aontaigh Ó hUigínn le Ní Riada go raibh an Ghaeilge “an-tábhachtach”. “Agus tá an ceart againn í a labhairt,” ar sé agus a chuid focal á múchadh ag an gceol teidil.

Má bhí léiriú maith riamh ann ar chás na teanga b’shin agat é.

Níl aon amhras ach go bhfuil speach i gcónaí i Ní Riada. Léirigh bean na Gaeltachta aréir gurb í is mó atá ag teacht in aibíocht mar iarrthóir de réir mar a théann an feachtas ar aghaidh. Bhí sí údarásach agus nádúrtha agus fiú nuair a bhí sí faoi bhrú ag ceist maidir lena a dearcadh faoi cad is ionsaí sceimhlitheoireachta ann, ba chabhair di Pat Kenny agus an fonn a bhíonn air i gcónaí a chruthú gurb é an buachaill is cliste sa tseomra ranga é, nó an ‘primus inter parus’ mar a déarfadh sé féin. Ná bíodh amrhras ar aon duine gur Pat Kenny’s Big Debate a bhí anseo.

Thug Ní Riada dúshlán a ‘seanchara’ Ó hUigínn uair nó dhó leis, ach bhí sí níos staidéartha ná an chuid eile acu a bhí ar a gcroí dícheall ó thús deireadh ag iarraidh aon bhuille in aon chor a bhualadh ar an Uachtarán.

Dhein Ó hUigínn go maith guaim a choimeád air féin agus d’éirigh leis sa phríomhchúram a bhí air: gan aon bhotún mór a dhéanamh.

Cé nach raibh aon cheal cainte air ná baol air, níor chuaigh sé sa ghleo ach amháin nuair a bhí géarghá leis agus labhair sé go heolgaiseach deisbhéalach agus gan iomad toirtéise faoi.

Mar a dúirt sé féin agus ceisteanna á bhfreagairt aige faoi cad ina thaobh nár fhreastail sé ar dhíospóireachtaí eile, “I’ve been showing up since 1969”.

Is é an sealbhóir oifige agus rogha láidir na coitiantachta agus is ciallmhar dá réir an cur chuige aige gan aon ionsaí a dhéanamh ar na hiarrthóirí eile, cé go raibh sé toilteanach eisceacht a dhéanamh i gcás Casey ar chuir sé ina leith go raibh liosta ‘scéalta fantasaíochta’ aige.

Chualamar roinnt aréir faoin ‘Éire nua-aimseartha ilchineálach’ seo atá ‘ag síorathrú’ agus gheall Joan Freeman ag tráth amháin go ndéanfadh sí smidiríní den ‘status quo’ ach ba mhó an bhéim a bhí ag Kenny ar phearsantachtaí na n-iarrthóirí agus ar mhionchonspóidí an fheachtais go n-uige seo – caiteachas an Árais, póstaeir, cúrsaí seilge agus iasachtaí airgid.

Ba mhó de chlár siamsaíochta ná clár ceart díospóireachta a bhí ann, agus ní raibh sé thar mholadh beirte mar chlár siamsaíochta ach oiread. Ar a laghad níor chualamar dá bharr an oiread céanna den phlámás agus den bhéarlagair gan bhrí faoin bhfís seo agus faoin bhfís siúd, caint a bhfuilimid cráite ár ndóthain aige le cúpla seachtain anuas agus níos mó físeanna acu go léir ná mar a bheadh ag cruinniú de chuid na gceanneagraíochtaí Gaeilge.

Óiche mhaith a bhí ann mar sin do Liadh Ní Riada agus do Mhicheál D Ó hUigínn. Éiríonn le Joan Freeman a sprioc a aimsiú ó am go chéile, ach ba dhóigh leat go bhfuil olc uirthi faoin dtráth seo ní hamháin chuig a gcéilithe comhraic ach chuig an saol go léir. Tá Posh Dragon, Baby Dragon agus Scary Dragon ag treabhadh leo.

Thug an fear caidreamh poiblí Gavin Duffy taispeántas cuibheasach snasta uaidh, ach ní dócha go mbeadh sé róshásta leis dá mba chliant aige féin a bhí ann. Bunaithe ar thaispeántas gan ghus Sheáin Gallagher agus a spleáchas ar a script leamh beidh jab aige críochnú sa dara háit an uair seo.

Maidir le Peter Casey, stad ní thiocfaidh air siúd nó go bhfuil an piléar deireanach caite aige.

Tá ocht lá eile fágtha.

 

Fág freagra ar 'AN DÍOSPÓIREACHT: Ní Riada agus Ó hUigínn ab fhearr a chruthaigh agus Casey ar nós cuma liom'

  • seoirsinn morris

    Níor luaigh tú Seán Gallager – léargas ar a laghad agus a bhí a thionchar ar an bplé?

  • Micil Mór

    Is é Pat Kenny an caillteoir nó an caillteánach ba mhó sa díospóireacht aréir. Bhí cuma na hainise air, é lán de chonach agus de ghumh agus é ag ceapadh, babhtaí, go raibh sé féin mar iarrthóir sa toghchán. Níor chaith sé go féireálta in aon chor le Liadh Ní Riada. Do chuir sé corc i Liadh agus i Michael D nuair a bheartaíodar labhairt ar a bpolasaithe maidir le cur chun cinn na teanga dhúchais agus an chultúir Ghaelaigh. Tá sé san am corc a chur i bPat Kenny féin anois agus é a ligean amach ar féarach…..Fairplay do Gavin Duffy – thug sé cúpla focal Gaelainne isteach sa díospóireacht…. Is é m’oipiniún go bhfuil réalt Liadh ag éirí agus gur gearr go mbeidh sí sa dara háit sna pobalbhreitheanna…