Ciarraí
D’fhéadfadh Daingean Uí Chúis a bheith ag imirt i gCraobh na Mumhan níos deireanaí i mbliana tar éis don chumann Craobh Shinsir Peile na gClubanna i gCiarraí a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Farasbarr aon phointe amháin a bhí ag fir an Daingin ar Sheamróga Neidín, 1-9 in aghaidh 0-11, agus an chraobh buaite acu den dara huair riamh.
Má éiríonn le foireann dúiche Craobh Shinsir Peile Chiarraí a bhuachan, mar atá déanta ag Ciarraí Thoir trí huaire le ceithre bliana anuas, is iad buaiteoirí Chraobh Shinsir na gClubanna – an Daingean i mbliana – a rachaidh ar aghaidh chun imirt i gcraobh an chúige.
Beidh foireann an Daingin ag iarraidh craobh an chontae a chur le craobh na gclubanna, áfach. Meastar go mbeidh sé thar a bheith deacair Ciarraí Thoir, a bhfuil David Clifford mar laoch acu, a stopadh arís i mbliana ach meastar an Daingean ar cheann de na foirne is láidre sa chontae agus iad ag iarraidh craobh an chontae a bhuachan den chéad uair le 75 bliain. Ní bheidh a n-aistear gan dúshlán, áfach, agus cluiche in aghaidh fhathaigh Chill Airne, Na Crócaigh, rompu Dé Domhnaigh seo chugainn, chomh maith le cluichí in aghaidh na nGael agus Naomh Breandán i nGrúpa 4.
Tabharfaidh bua an deireadh seachtaine seo caite misneach dóibh, áfach. Muintir Geaney a rinne an scóráil uile don Daingean sa chluiche ceannais in aghaidh Sheamróga Neidín – 1-3 ag Dylan agus trí phointe an duine ag Paul agus Conor.
Bhí geansaí a chumainn dúchais á chaitheamh ag Mark O’Connor den chéad uair i mbliana agus cead faighte ag an imreoir AFL imirt don Daingean san fhómhar agus cuireadh ag marcáil réalta Chiarraí, Seán O’Shea, an Conchúrach.
Chuir an Daingean tús maith leis an chluiche agus iad 1-4 in aghaidh 0-2 chun tosaigh taobh istigh de 20 nóiméad ach bhí an bhearna idir na foirne laghdaithe go dtí aon phointe amháin faoi leath ama, O’Shea agus imreoir eile Chiarraí, Stephen O’Brien, ag aimsiú na sprice don Neidín.
Agus 48 nóiméad ar an gclog, bhí Seamróga Neidín imithe dhá phointe chun tosaigh agus imreoir breise acu tar éis do Liam O’Connor a bheith curtha den pháirc ach chuir pointí ó Dylan agus Conor Geaney na foirne ar ais ar comhscór agus d’aimsigh Dylan cúilín an bhua ó mharc in am cúitimh.
Corcaigh
Tá péire de na trí chumann peile Gaeltachta i Múscraí tríd go dtí na chéad bhabhtaí eile ina gcraobhacha agus cluichí ceathrú ceannais le himirt ag Béal Átha an Ghaorthaidh agus Cill na Martrra.
Chaill Béal Átha an Ghaorthaidh leis an aon phointe amháin, 1-11 i gcoinne 0-13, in aghaidh na Coiscéime i gCraobh Shinsir Peile A Chorcaí ag an deireadh seachtaine ach rachaidh fir na Gaeltachta ar aghaidh go dtí na babhtaí ceathrú ceannais mar sin féin, áit a gcasfaidh siad ar Chnoc na Graí.
Bhí an-chluiche ag an bhfear mór lár páirce, Conchúr Ó Loingsigh, do Bhéal Átha an Ghaorthaidh in aghaidh na Coiscéime ar an nDomhnach agus sé phointe aimsithe aige ach níor leor é chun an cluiche a bhuachan.
Bhí cúrsaí níos éasca ag Cill na Martra sa Phríomhchraobh Idirmheánach agus greadadh buailte acu ar Na Piarsaigh ar an Satharn, 5-13 in aghaidh 2-7.
D’aimsigh Dan Ó Duinnín agus Micheál Ó Deasúna cúil do Chill na Martra sa chéad leath chun iad a fhágáil 2-10 in aghaidh 2-4 chun tosaigh ag leath ama agus mhéadaigh siad an bhearna i ndiaidh an bhrisidh. D’aimsigh Criostóir Ó Meachair an tríú cúl do Chill na Marta sula bhfuair Shane Ó Duinnín, a d’aimsigh 2-5 ar fad, dhá chúl eile chun cuma na maitheasa a chur ar chúrsaí.
Imreoidh Cill na Martra anois i gcoinne dream eile as Múscraí, Uíbh Laoghaire, sna babhtaí ceathrú ceannais seachtain ón Aoine, an 22 Meán Fómhair.
Chuir Uíbh Laoghaire deireadh le feachtas Naomh Abán ar an Satharn agus bua cúig phointe acu ar chumann Bhaile Bhuirne, 2-9 in aghaidh 0-10. Bheadh na babhtaí ceathrú ceannais bainte amach ag Naomh Abán dá n-éireodh leo an cluiche sin a bhuachan agus cé go raibh na foirne cothrom ag leath ama, 0-4 an taobh, bhí Uíbh Laoghaire níos láidre i dtreo dheireadh an chluiche agus dhá chúl aimsithe sa 20 nóiméad deireanach, ceann acu ón imreoir contae Chris Óg Jones, chun ceannas a thógáil ar an gcoimhlint.
Gaillimh
Tá seaimpíní na bliana seo caite tríd go dtí babhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe cheana féin agus a n-áit bainte amach ag Maigh Cuilinn sa chéad bhabhta eile fiú agus cluiche amháin fós le n-imirt acu i nGrúpa 1.
Tá a gceithre chluiche go dtí seo buaite ag foireann Don Connellan ach rinne siad obair chrua den chluiche is deireanaí acu agus Naomh Anna, Leitir Móir cloíte faoi dheireadh acu ar an Domhnach, 2-16 in aghaidh 3-7. Bhí Maigh Cuilinn trí cinn déag de phointí chun tosaigh in aghaidh Naomh Anna, 1-14 in aghaidh 1-1 agus 20 nóiméad fágtha sa chluiche eatarthu ach ghlac fir Cheantar na nOileán ceannas ar chúrsaí ina dhiaidh sin agus 2-6 aimsithe acu i dtréimhse 15 nóiméad chun teacht ar ais sa choimhlint, na cúil aimsithe ag Fionn Mac Donnacha.
Bhí deis ag Naomh Anna teacht ar ais ar comhscór agus an t-am nach mór caite ach shábháil cúl báire Mhaigh Cuilinn Jamie Cox cic éirice ó Mhaitias Bairéad théis 57 nóiméad, an dara ceann a shábháil Cox sa chluiche, agus fuair Conor Bohan cúl ag fíordheireadh na himeartha leis an mbua a chinntiú do Mhaigh Cuilinn.
Cinntíonn an toradh sin go mbeidh Naomh Anna agus An Spidéal, a chaill 1-9 in aghaidh 0-7 i gcoinne Naomh Séamus ar an Domhnach, sna babhtaí dícháilithe i gCraobh Shinsir na Gaillimhe ach an cluiche idir na foirne sin faoi cheann coicíse a shocróidh cé acu sna réamhbhabhtaí nó i mbabhta an ghrúpa a bheifear.
Bhí bua tábhachtach ag an bhfoireann Ghaeltachta eile sa gCraobh Shinsir i nGaillimh ar an Satharn agus an ceann is fearr faighte ag Bearna ar Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach, 0-9 in aghaidh 0-8. Ba iad Oisín Gormley, Dónal Ó Cualáin agus Seán Dunne is mó a d’aimsigh na pointí d’fhir Bhearna agus d’fhéadfadh siad na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Chora Finne faoi cheann coicíse agus a n-áit cinntithe ag Cora Finne sna babhtaí sin cheana féin.
Sa Chraobh Idirmheánach, tá Oileáin Árann agus Micheál Breathnach tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais. Bhí bua cumasach ag Oileáin Árann ar Órán Mór-Mearaí, 1-11 in aghaidh 1-4, agus iad críochnaithe ar bharr Ghrúpa 4. Chaill Micheál Breathnach in aghaidh Chill Chonla ar an Satharn, 2-13 in aghaidh 0-16, ach bhí an cumann as Cois Fharraige cinnte d’áit sa chéad bhabhta eile ar aon chaoi.
Tá obair le déanamh ag an gCeathrú Rua nó beidh ísliú céime eile i ndán dóibh. Thit an Cheathrú Rua ón gCraobh Shinsir anuraidh den chéad uair le blianta fada ach, tar éis dóibh cailliúint in aghaidh Bhaile Liam ag an deireadh seachtaine, 1-13 in aghaidh 0-10, tá a dtrí chluiche sa Chraobh Idirmheánach i mbliana caillte acu agus na babhtaí dícháilithe rompu.
Dún na nGall
I gCraobh Shinsir Dhún na nGall, bhain Aodh Ruadh, Naomh Adhamhnáin, Naomh Conaill agus Cill Charthaigh áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais an deireadh seachtaine seo.
Bhí ar sheaimpíní 2022 Naomh Conaill teacht aniar a dhéanamh in aghaidh Ghleann tSúilí chun dul ar aghaidh díreach go dtí na babhtaí ceathrú ceannais. D’fhág dhá chúl ó Michael Murphy go raibh Gleann tSúilí pointe chun tosaigh ag leath ama, 2-3 in aghaidh 0-8, ach chríochnaigh Naomh Conaill go láidir chun an cluiche a bhuachan 0-15 in aghaidh 2-5.
Comhscór a bhí ag Cill Charthaigh in aghaidh Sheáin Mhic Cumhaill, 0-14 an taobh. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an cluiche buaite ag Patrick McBrearty nuair a chuir sé Cill Charthaigh chun tosaigh den chéad uair sa 59ú nóiméad ach d’aimsigh imreoir idirchontae eile, Oisín Gallen, an comhscór do Sheán Mhic Cumhaill.
Beidh trí seachtaine de bhriseadh ag na foirne a chríochnaigh sa chéad cheithre áit ar an tábla sa Chraobh Shinsir agus iad ag fanacht ar bhuaiteoirí na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais, a imreofar faoi cheann coicíse.
Chríochnaigh Gaoth Dobhair sa séú háit ar an tábla tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an gClochán Liath ag an deireadh seachtaine, 0-9 in aghaidh 0-8, agus casfaidh na foirne ar a chéile arís sna réamhbhabhtaí.
Imreoidh buaiteoirí na Craoibhe Idirmheánaí dhá bhliain ó shin, Cloich Cheann Fhaola in aghaidh Ard an Rátha i réamhbhabhta eile. Bhí bua dhá phointe ag Cloich Cheann Fhaola ar Na Ceithre Máistrí Dé Sathairn, 2-9 in aghaidh 2-7, agus bhuaigh Ard an Rátha ar Bhaile na nGallóglach ar scór 0-12 in aghaidh 0-10.
Beidh Gleann Fhinne agus Gleann tSúilí le chéile i réamhbhabhta ceathrú ceannais eile agus casfaidh Seán Mac Cumhaill ar na Ceithre Máistrí.
Sna babhtaí dícháilithe, imreoidh Naomh Náille in aghaidh na gCeall Beag agus casfaidh Naomh Micheál ar Bhaile na nGallóglach.
Sa Chraobh Idirmheánach, tá Gaeil Fhánada, an Tearmann, Naomh Columba agus na Dúnaibh uile tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.
An Mhí
I gcontae na Mí, tá seaimpíní Chomórtas Peile 2023, Bhulf Tón, tríd go dtí babhtaí leathcheannais chraobh shinsir an chontae tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Shíomóin Dé Sathairn.
D’aimsigh Fiachra Ward cúl tábhachtach roimh leath ama chun Bhulf Tón a fhágáil 1-5 in aghaidh 0-4 ach d’fhág cúl ó Bhaile Shíomóin nach raibh ach trí phointe idir na foirne agus deich nóiméad fágtha. Sheas Bhulf Tón an fód, áfach, agus scóráil Oisín Martin cúl eile dóibh ag deireadh an chluiche chun bearna mhór a chur idir na foirne, 2-11 in aghaidh 1-5.
Imreoidh Bhulf Tón anois in aghaidh Ráth Tó sna babhtaí leathcheannais.
Fág freagra ar 'An Daingean ag ceiliúradh agus leithéidí Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Ghaoth Dobhair agus Bhulf Tón tríd'