An Dáil curtha ar athló tar éis raic faoi cheapachán Uí Chéidigh

Chuir an Ceann Comhairle imeachtaí na Dála ar athló nuair a dhiúltaigh an Teachta Dála de chuid an AAA Mick Barry suí síos agus fanacht ina thost

An Dáil curtha ar athló tar éis raic faoi cheapachán Uí Chéidigh

Cuireadh imeachtaí na Dála ar athló ar feadh tamaill tráthnóna tar éis raic faoi cheapachán an tSeanadóra Gaeltachta Pádraig Ó Céidigh ina chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais nua a bheidh ag plé le ceist na dtáillí uisce.

Chuir an Ceann Comhairle imeachtaí na Dála ar athló nuair a dhiúltaigh an Teachta Dála de chuid an AAA Mick Barry suí síos agus fanacht ina thost. Mhaígh Barry gurb iad Fine Gael agus Fianna Fáil amháin a roghnaigh an Seanadóir Ó Céidigh le bheith ina chathaoirleach ar an gcoiste agus nár chóir go roghnófaí an cathaoirleach mar sin.  Ba chóir, a dúirt sé, ligean do bhaill an choiste nua an cathaoirleach a roghnú mar a tharla i gcás coistí eile dá leithéid.

“Let’s be clear on what’s going on here. This is an attempt on the part of the government with support on the Fianna Fáil benches to pull a sly one on the issues of the water charges committee,” a dúirt Barry.

Dúirt an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl le Barry go raibh a phointe oird déanta aige agus d’iarr sé air éirí as a bheith ag caint. Nuair a dhiúltaigh an Teachta Dála an méid sin a dhéanamh d’iarr an Ceann Comhairle arís agus arís eile air suí síos.

Dúirt Ó Fearghaíl gurbh ionann pointe oird a dhéanamh agus pointe gonta a dhéanamh agus nár cheadmhach leas a bhaint as pointe oird chun tús a chur le “díospóireacht pholaitiúil”.

“Parlaimint” seachas “aonach” a bhí i nDáil Éireann, a dúirt an Ceann Comhairle agus d’fhógair sé go raibh imeachtaí na Dála á gcur ar athló aige. Léirigh Barry “drochmheas” ar dhaoine eile, a dúirt Ó Fearghaíl.

Tuairiscíodh Dé Luain go raibh Pádraig Ó Céidigh ceaptha ina Chathaoirleach ar an gCoiste Oireachtais a mbeidh sé mar chúram air teacht ar chomhaontú faoi cheist chonspóideach na dtáillí uisce.

Ba é an tAire Tithíochta Simon Coveney a d’iarr ar Ó Céidigh Dé hAoine seo caite a bheith ina Chathaoirleach ar an gcoiste Oireachtais nua.

Dúradh gur roghnaíodh an Seanadóir as an Spidéal mar gheall ar a thaithí gnó agus toisc gan é a bheith luaite le páirtí polaitíochta ar bith.

Cé go bhfuil Ó Céidigh i measc na ndaoine a d’ainmnigh an Taoiseach don Seanad, tá sé ar dhuine de thriúr Seanadóirí a roghnaigh Micheál Martin mar chuid de shocrú a rinne Fianna Fáil le Fine Gael.

Tá an bealach a roghnaíodh Ó Céidigh ina chathaoirleach ar an gcoiste uisce cáinte chomh maith ag Sinn Féin. Dúirt ceannaire an pháirtí sin Gerry Adams sa Dáil inné go ndeachaigh an tAire Coveney lasmuigh dá chúraimí nuair a cheap sé cathaoirleach an choiste.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur “duine den chéad scoth” é Ó Céidigh agus gur fear gnó é a bhfuil taithí aige bheith ag plé le “ceisteanna casta” agus ar chinntí a dhéanamh.

Fág freagra ar 'An Dáil curtha ar athló tar éis raic faoi cheapachán Uí Chéidigh'