An coróinvíreas tolgtha ag déagóir i mBaile Átha Cliath agus a scoil dúnta ar feadh coicíse

Buaileadh tinn an dalta scoile tamall de laethanta ó shin i ndiaidh dó filleadh ó thuras ar an Iodáil agus tá sé a choinneáil ó dhaoine eile in ospidéal i mBaile Átha Cliath

An coróinvíreas tolgtha ag déagóir i mBaile Átha Cliath agus a scoil dúnta ar feadh coicíse

Beidh scoil i mBaile Átha Cliath dúnta as seo go ceann coicíse ó tharla go bhfuil an coróinvíreas tolgtha ag duine de na daltaí.

Tá an dalta, atá sna déaga, ar an dara duine in Éirinn a bhfuarthas toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu don ghalar.

Buaileadh tinn an déagóir tamall de laethanta ó shin i ndiaidh dó filleadh ó thuras ar an Iodáil agus tá sé a choinneáil ó dhaoine eile in ospidéal i mBaile Átha Cliath.

D’ordaigh oifigigh sláinte poiblí inné go ndúnfaí an scoil go dtí an 16 Márta agus seoladh litir ón HSE go dtí tuismitheoirí na scoile ag míniú an scéil dóibh.

Dúradh gur cheart do dhaltaí na scoile fanacht ag an mbaile agus iad féin a choinneáil ó dhaoine eile.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile i dtuaisceart na cathrach go mbeadh súil á coinneáil ag oibrithe sláinte ar na daltaí as seo go ceann coicíse.

Thug príomhoide na scoile le fios do thuismitheoirí go raibh an scoil á dúnadh “mar bheart réamhchúraim”.

Sa tuaisceart a thángthas ar an gcéad chás den choróinvíreas in Éirinn agus dhearbhaigh Áisíneacht Sláinte Phoiblí Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite gur bhean an t-othar a tháinig ar ais ón Iodáil go dtí Baile Átha Cliath sula ndeachaigh sí go dtí Béal Feirste ar an dtraein.

An Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí a d’fhógair tráthnóna inné go rabhthas tagtha ar an gcéad chás den víreas ó dheas.

Meastar go gcreidtear nach bhfuil baol rómhór ann go bhfuil an galar tolgtha ag daltaí eile nó baill foirne sa scoil, ach táthar ag iarraidh orthu fanacht amach ó dhaoine eile nó go mbeidh an tréimhse ghoir thart.

Tá tíortha ar fud an domhain buailte ag ráigeanna den víreas Covid-19  a thosaigh sa tSín ag deireadh na bliana seo caite agus tá dlús á chur anseo faoin obair réamhullmhúcháin in Éirinn le tamall.

Cuireadh ar ceal cheana féin an cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Iodáil a bhí beartaithe don deireadh seachtaine seo chugainn agus tá súil á coinneáil chomh maith ar pharáidí na Féile Pádraig agus ollchruinnithe eile.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis  na Roinne Sláinte Tony Holohan, go raibh “rúndacht maidir le hothair” i gceist agus nach raibh an scoil atá i gceist á hainmniú dá bharr.

Ní raibh “tada á cheilt”, a dúirt sé, ach bhí “rud éigin á chosaint”.

Tuairiscítear go bhfuil os cionn 86,000 cás den ghalar dearbhaithe agus go bhfuil breis is 3,000 duine básaithe.

Fág freagra ar 'An coróinvíreas tolgtha ag déagóir i mBaile Átha Cliath agus a scoil dúnta ar feadh coicíse'