An Comhairleoir Michael Fahy slán ó chuile mhairg a bhain le cás dlí agus ar ais i bpáirtí Fhianna Fáil i nGaillimh

Deir an Comhairleoir Michael Fahy nach bhfuil “aon olc” aige do dhaoine ná do na húdaráis a chuir an dlí air ná a chuir é faoi ghlas i bpríosún – fiú agus gur go héagórach é

An Comhairleoir Michael Fahy slán ó chuile mhairg a bhain le cás dlí agus ar ais i bpáirtí Fhianna Fáil i nGaillimh

Shiúil an Comhairleoir Michael Fahy isteach i seomra cruinnithe Chomhairle Contae na Gaillimhe díreach ar bhuille an 4 a chlog Dé Céadaoin, meangadh suáilceach ar a cheannaghaidh agus hata dubh dá chaitheamh aige.

Tháinig roinnt gártha ó bhinsí Fhine Gael agus na Neamhspleách ach gártha diabhlaíochta a bhí iontu; bíonn ruainne diabhlaíochta thart ar Mhichael Fahy i gcónaí agus tá acmhainn diabhlaíochta aige féin.

Bhí sé fógartha ag an gComhairleoir Séamus Breathnach scaitheamh roimhe sin go mbeadh an Comhairleoir Fahy buille beag mall ag teacht isteach de bharr cúramaí pearsanta ach nuair a thiocfadh sé go mbeadh sé ina bhall de pháirtí Fhianna Fáil arís. Bhí socrú déanta ag cruinniú de pháirtí Fhianna Fail sa gComhairle Contae scaithín roimhe sin go dtógfaí Michael Fahy ar ais i ngrúpa comhairleoirí Fhianna Fáil arís.

Bhí Michael Fahy, a bhfuil beagnach dhá scór bliain caite aige ina bhall de Chomhairle Contae na Gaillimhe ar ais – slán anois ó chuile mharach agus chuile shórt a cuireadh ina leith ó thosaigh an chonspóid a chuir a ainm sna ceannlínte áitiúla agus náisiúnta ceithre bliana déag ó shin. Ba san am sin a scar sé ó Fhianna Fáil freisin de bharr na conspóide a bhí ina scéal mór san am.

Ciontaíodh Michael Fahy sa gCúirt Choiriúil Chuarda in 2007 as caimiléireacht – cás a bhain le hairgead de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe. Ach, caitheadh amach an breithiúnas sin de bharr achomhairc agus ordaíodh go n-éisteofaí an cás arís. Laghdaíodh an líon cúiseanna sa dara triail. Shéan Fahy na cúiseanna sin freisin agus sheas lena fhocal go raibh socrú ann go dtógfaí píosa de sconsa le taobh giota dá chuid talún in Ard Rathain mar chúiteamh ar ábhar a bhí tugtha aigesean as a chuid garrantaí le haghaidh deisiú bóthair. Ach ciontaíodh an Comhairleoir Fahy sa gCúirt Choiriúil Chuarda i gcúis amháin – €7,077 a bheith faighte aige ón gComhairle Contae ar chúinsí mí-ionraice. Cuireadh bliain phríosúnachta ar Mhichael Fahy (chaith sé téarma i bPríosún an Chaisleáin Riabhaigh) agus fíneáil €30,000.

Ach i gCúirt Achomhairc i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, chaith an Breitheamh Adrian Hardiman an cás amach uilig agus dúirt nach raibh ciontú Mhichael Fahy sábháilte ó thaobh cúrsaí dlí de.

B’shin é an chéad rud a luaigh Michael Fahy nuair a labhair sé ag deireadh chruinniú Chomhairle Contae na Gaillimhe inné. Chaith an Chúirt Achomhairc Choiriúil chuile ní a bhí curtha ina leith amach ar an 31 Bealtaine, 2011. Fear slán ó chúiseanna, ó chiontuithe agus ó mhairg a bhí ann. Ní raibh cás ná ceist le freagairt ag Michael Fahy, Comhairleoir Contae as Ard Rathain i ndeisceart na Gaillimhe a toghadh den chéad uair i 1979 d’Fhianna Fáil agus a choinnigh a shuíochán gan stró ar bith riamh ó shin.

Bhí sé ag luí le nádúr a chúlra sa bpolaitíocht, a deir Michael Fahy tráthnóna inné go dtiocfadh sé ar ais go hoifigiúil faoi scáth pháirtí Fhianna Fáil. Ba as an traidisiún polaitíochta sin a tháinig sé, a deir sé, agus chreid sé go domhain i bhfealsúnacht agus i bpolasaithe Fhianna Fáil. “Gluaiseacht náisiúnta é Fianna Fáil,” a deir Michael Fahy “agus é bainteach le chuile ghné de shaol na tíre seo”.

Níl aon olc aige do dhaoine ná do na húdaráis a chuir an dlí air ná a chuir é faoi ghlas i bpríosún – fiú agus gur go héagórach é – a deir an Comhairleoir Fahy. Níl ach aon rud amháin atá ag goilliúint air fós agus sin nár mhair a mháthair, Mai Fahy (ball de Chumann na mBan ina hóige) nó gur fógraíodh go raibh sé féin slán ó mhairg agus neamhchiontach sna cúiseanna a bhí curtha ina leith in 2007. Bhásaigh sí in aois a 99 bliain i mí na Nollag, 2008.

Bhí an Comhairleoir Fahy ag tabhairt aire di ina teach féin nó gur cuireadh i bpríosún é agus bhí uirthi a dhul isteach i dTeach Altranais ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'An Comhairleoir Michael Fahy slán ó chuile mhairg a bhain le cás dlí agus ar ais i bpáirtí Fhianna Fáil i nGaillimh'