An Coimisinéir Teanga ag éirí as a chúram chun dul ag obair le Coimisiún na Meán

Beidh Rónán Ó Domhnaill, atá ina Choimisinéir Teanga ó 2014, ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua agus beidh forbairt na meán Gaeilge i measc na gcúraimí  a bheidh air

An Coimisinéir Teanga ag éirí as a chúram chun dul ag obair le Coimisiún na Meán

Tá an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag éirí as a chúram chun dul ag obair le Coimisiún na Meán.

Beidh Ó Domhnaill, atá ina Choimisinéir Teanga ó 2014, ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua.

D’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin ceapachán Uí Dhomhnaill ar maidin.

Beidh sé ar dhuine de thriúr coimisinéirí a bheidh ag obair don Choimisiún nua atá á bhunú in áit an BAI.

Beidh forbairt na meán Gaeilge i measc na gcúraimí a bheidh ar Ó Domhnaill ina phost nua.

Is é a bheidh freagrach as an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá beartaithe ag an gCoimisiún nua.

“Onóir cheart chríochnaithe” a bhí ina thréimhse ocht mbliana mar Choimisinéir Teanga, a dúirt Ó Domhnaill.

“Tá bród as cuimse orm as an dúthracht mhór a chaith foireann m’Oifige le cearta teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn leanúnach,” a dúirt sé.

Dúirt sé go gcabhródh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 “le daingniú a dhéanamh ar chultúr agus cleachtas na gceart teanga san earnáil phoiblí”.

“Is beart tairbheach é go bhfuil Coiste Comhairleach bunaithe ag an Rialtas chun Plean do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ullmhú.

“Is cinnte go mbeidh obair an Choiste cinniúnach chun an sprioc 20%  d’earcaigh nua sa tSeirbhís Phoiblí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bhaint amach faoi 2030. Ardtosaíocht phráinneach náisiúnta atá ann, dar liom.”

Ar na rudaí is suntasaí a rinne sé le linn a thréimhse in Oifig an Coimisinéara Teanga bhí imscrúduithe faoi chraoladh na Gaeilge ar RTÉ, faoi pholasaí na Roinne Oideachais maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge agus dualgas na n-údarás áitiúil maidir le gnóthaí pleanála sa Ghaeltacht.

Leag sé tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais a bhain le heaspa Gardaí ar cainteoirí Gaeilge iad sa Ghaeltacht agus bhain tuarascáil eile a leag sé faoi bhráid an Rialtais le faillí an chórais Eircode i leith na Gaeilge.

I lár mhí Feabhra a rachaidh Rónán Ó Domhnaill i mbun a chúraim nua. Trí bliana a bhí fágtha aige ina dhara téarma mar Choimisinéir Teanga agus beidh folúntas le líonadh anois san oifig sin.

Ina ról mar an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán beidh Ó Domhnaill freagrach as moltaí áirithe i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm.

I measc na moltaí sin tá comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn in earnáil na meán; athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile; agus scéimeanna tacaíochta nua a chur ar fáil d’earnáil na meán trí chéile.

Is é an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán a dhéanfaidh stiúradh ar thionscnaimh oideachais agus oiliúna maidir le feidhmeanna an Choimisiúin, i gcomhar le comhpháirtnéirí ábhartha in earnálacha an oideachais agus na meán.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh sé ag súil leas earnáil na meán a chur chun cinn le Coimisiún na Meán agus a bheith ag obair le Cathaoirleach Feidhmiúcháin an Choimisiúin agus an bheirt Choimisinéirí eile a bheidh ag obair don rialálaí nua.

Fág freagra ar 'An Coimisinéir Teanga ag éirí as a chúram chun dul ag obair le Coimisiún na Meán'