‘An cineál cur i gcéill atá sa chaint faoi chathair dhátheangach na Gaillimhe?’

Deir comhairleoirí cathrach as Gaillimh go bhfuil ceisteanna le cur faoina laghad maoinithe a thugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe d’eagraíochtaí amhail na Taibhdhearc

‘An cineál cur i gcéill atá sa chaint faoi chathair dhátheangach na Gaillimhe?’

Tá ráite ag Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i gcathair na Gaillimhe, John Connolly, go gcaithfear breathnú ar mhaoiniú na n-ealaíon i gcathair na Gaillimhe i bhfianaise a laghad de atá ag dul i dtreo na Gaeilge. 

Tá cáineadh déanta ag John Connolly agus roinnt comhairleoirí eile ar an gcinneadh a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe gan ach €2,000 as buiséad €400,000 a bhronnadh ar An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. 

€20,000 a bhí á lorg ag na Taibhdhearc, a bhfuil an comhlacht Fíbín ina feighil.

Tharraing an Comhairleoir John Connolly aird ar an gceist ar dtús ag cruinniú de chuid na Comhairle Cathrach le deireanas, áit a raibh deontais ealaíon na Comhairle Cathrach á bplé. Dúirt sé gur gá breathnú arís ar mhaoiniú na n-ealaíon, agus nach bhfuil sé ceart ná cóir nár tugadh ach méid “fíorbheag” de dheontas d’eagraíochtaí Gaeilge.

Agus é ag labhairt le Tuairisc, dúirt an Comhairleoir John Connolly nach raibh sé sásta ar chor ar bith leis an easpa maoinithe a tugadh d’eagraíochtaí Gaeilge.

“Rud a thug mé faoi deara maidir leis an leithdháileadh maoinithe do na healaíona ná an easpa airgid a bhí á thabhairt do ghrúpaí nó d’eagraíochtaí a chuireann na healaíona chun cinn trí Ghaeilge. Tá an Taibhdhearc ar cheann de na heagraíochtaí seo agus tá sé suntasach nár tugadh dóibh ach €2,000 den €20,000 a d’iarr siad.”

Deir Gary McMahon, Oifigeach Ealaíon Chathair na Gaillimhe, gur chas sé go neamhfhoirmiúil le foireann na Taibhdheirce an tseachtain seo.

“Níl aon cheisteanna eadrainn ag eascairt as na Deontais Ealaíon…agus táimid tiomanta do leanúint lenár gcaidreamh an-mhaith. Tacaím go mór leis an obair atá ar siúl ag Philip Doherty agus a fhoireann sa Taibhdhearc agus táim ag tnúth go mór le ‘Muc Rí’ a fheiceáil le linn Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mí Iúil,” a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir John Connolly, áfach, nach bhfuil an “tacaíocht” sin le feiceáil sa leithdháileadh a rinneadh le deireanaí.

“D’éirigh le Branar deontas a fháil, agus déanann siad obair ar son na Gaeilge, ach bheadh cáil stairiúil ar leith ar an Taibhdhearc as sin a dhéanamh. Bheadh cáil orthu as a gcuid léirithe i nGaeilge. 

“Thug mé faoi deara go ndearna Fíbín, a rinne comhiarratas leis An Taibhdhearc, iarratas ar dheontas €20,000 agus nach bhfuair siad ach €2,000. Shíl mé i bhfianaise gach a bhfuil le rá againn mar chathair dhátheangach go mb’fhéidir go raibh an difríocht sin suntasach go leor.”

Dúirt John Connolly go mbaintear úsáid go minic as an téarma ‘cathair dhátheangach’ i leith na Gaillimhe mar chleas margaíochta, ach go bhfuil amhras air an bhfuil beart á dhéanamh de réir briathair.

“Cloisim, agus léim, agus feicim go mbaineann an chathair, agus an Chomhairle Cathrach san áireamh, an-úsáid go deo as an stádas dátheangach. Tá siad an-bhródúil as mar is ceart ach an bhfuil an obair á déanamh chun an stádas sin a thuilleamh, nó an cineál cur i gcéill atá ann? An bhfuil muid ag déanamh na ngnáthrudaí ó lá go lá chun an stádas dátheangach seo a fhíorú?”

Deir John Connolly gur cheart leas a bhaint as deiseanna amhail na deontais do na healaíona chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus nach bhfuil sé seo ag tarlú i láthair na huaire.

Creideann an comhairleoir gur cheart buntáiste a thabhairt d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí Gaeilge atá ag cur isteach ar mhaoiniú faoi scéimeanna dá leithéid.

“Ba cheart buntáiste a bheith acu sa bpróiseas iarratais agus measúnaithe,” ar sé. “Níl sé seo sách maith. Ba mhaith liom a cheapadh amach anseo go mbeadh na deontais ealaíon ag lorg grúpaí atá ag tabhairt faoi léiriúcháin agus léirithe go príomha i nGaeilge agus go mbeadh ualú breise ina n-iarratas a chiallódh go bhfaigheadh siad deontais mhéadaithe.

Deir John Connolly gur thug sé faoi deara freisin nár chuir dream ar bith isteach ar mhaoiniú chun an damhsa Gaelach nó an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa gcathair.

“Is mór an trua é,” ar sé. “Níor chuir dream ar bith isteach ar mhaoiniú, ní hé gur diúltaíodh dóibh sa gcás seo.”

Dheimhnigh John Connolly nár chuir aon ghrúpa isteach ar mhaoiniú do litríocht na Gaeilge ach an oiread.

Phléigh comhairleoirí eile an cheist ag an gcruinniú freisin, ina measc an Comhairleoir Owen Hanley a dúirt go raibh sé “truamhéalach go leor i gcathair dhátheangach’ agus d’fhiafraigh freisin ‘conas nár tugadh ach 10% den mhaoiniú a iarradh?”.

Tharraing an Comhairleoir Imelda Byrne an cheist faoi “easpa maoinithe d’eagraíochtaí Gaeilge” aníos, agus chuir an Comhairleoir Frank Fahey ceist freisin faoin maoiniú a cuireadh ar fáil don Taibhdhearc.

Fág freagra ar '‘An cineál cur i gcéill atá sa chaint faoi chathair dhátheangach na Gaillimhe?’'

  • Antóin

    A Thuairisc,

    Tá Oifigeach Ealaíon Chathair na Gaillimhe ag tnúth go mór le ‘Muc Rí’ a fheiceáil le linn Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe i mí Iúil. Is cinnte go bhfuil. Agus tá An Taibhdhearc ag tnúth go mór leis an €18,000 eile.

    “Níor chuir dream ar bith isteach ar mhaoiniú chun an damhsa Gaelach nó an ceol traidisiúnta a chur chun cinn sa gcathair. Níor chuir aon ghrúpa isteach ar mhaoiniú do litríocht na Gaeilge ach an oiread”. Conas a tharla sé sin? An raibh na dreamanna sin ar an eolas faoin maoiniú a bhí ar fáil? agus ceist amháin eile a Thuairisc,

    As buiséad €400,000 bronnadh €2,000 ar ar An Taibhdhearc. Cé a fuair an chuid eile den airgead seo?