An choisíocht ag teip ar Dhún na nGall agus súil ag BÁC agus Ciarraí ar a chéile an athuair

Bhí dóthain sa smionagar a d’fhág Baile Átha Cliath ina ndiaidh inné a thabharfadh léas dóchais éigin do Chiarraí agus iad ag prapáil sna laethanta romhainn amach chun barrthuisle a bhaint astu

Seim-finals16-0005
Donnchadha Walsh ó Chiarraí agus báide aige i gcoinne Ros Comáin i bPáirc an Chrócaigh inné. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní bheidh aon chluichí leathcheannais sa tSraith Náisiúnta Peile an bhliain seo chugainn agus dá mbeadh aon fhianaise bhreise ag teastáil chun cinneadh Ard Chomhairle CLG a dhearbhú agus a dhaingniú, nochtadh go paiteanta i bPáirc an Chrócaigh inné í.

Le bua deich bpointe acu araon, léirigh curaidh na bliana seo caite, Áth Cliath, agus na tánaistí, Ciarraí, go bhfuil an bhearna sin idir uachtarán agus íochtarán ann i gcónaí agus más aon ní é, is ag dul i bhfairsinge atá an bhearna chéanna.

Ba iad Ciarraí agus Áth Cliath an dá fhoireann ab fhearr, an dá fhoireann ba threise, ba dhúthrachtaí agus ba chliste sa tsraith i mbliana agus níor ghá dhá chluiche aontaobhacha a imirt chun na tréithe sin a nochtadh an athuair.

Ba iad Ros Comáin, áfach, ba mhó a thug cúis mhisnigh do chontaetha eile i gcaitheamh an fheachtais sraithe lena dtaispeántais a bhí breac le dánaíocht agus le dásacht ó thús an earraigh. Ba dheacair léamh ar Dhún na nGall, leis, agus iad lán de theaspach nó go dtángadar chomh fada le Trá Lí ag tús na míosa seo caite agus dar ndóigh, ba iad na Conallaigh chomh maith, an dream deireanach a bhuaigh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh sa chluiche leathcheannais spleodrach sin i Lúnasa na bliana 2014.

Tuig, mar sin, don té atá bailithe inniu leis an dá fhoireann a smísteáladh inné.

Táthar bailithe toisc nach raibh aon rian den dánaíocht in imirt Ros Comáin agus toisc go raibh an tiarnúlacht sin a shamhlófá le foirne Dhún na nGall le cúig bliana anuas in easnamh ar fad.

Is fuirist a dtámáilteacht a thuiscint i gcás Ros Comáin. Bheadh leathshúil acu ar a gcéad chluiche craoibhe faoi cheann trí seachtaine thall i Nua-Eabhrac agus ní gach aon lá a bhíonn lucht na ngeansaithe buí ag imirt i bPáirc an Chrócaigh.

Ach i gcás Dhún na nGall agus cúig chluiche as a chéile caillte anois acu, an mbeadh sé cothrom agus cóir an cheist a chur – arb in a bhfuil iontu?

Bhí babhtaí áirithe sa dara leath inné agus d’oscail bearnaí móra mealltacha rompu amach do Karl Lacey agus Rory Kavanagh. Ní fhéadfainn, sna soicindí san, gan smaoineamh ar an ngluaiseacht dheireanach a chruthaigh Kavanagh agus a chríochnaigh Lacey le pointe breá a chur fáisc an bháis ar Chiarraí i gcluiche ceathrú ceannais craoibhe na bliana 2012.

Tá a fhios agam gur mór idir an lá inné agus an lá inniu ach ba léir don uile dhuine a bhí i láthair inné ná féadfar bheith ag brath ar an mbeirt ghaiscíoch seo chun an machaire a thomhas ina orlaí a thuilleadh. Dála na gcéadta imreoir maith rompu, tá an choisíocht ag teip agus cion beirte déanta acu araon.

Cad faoi Chiarraí agus Áth Cliath?

Bhuel, ba chosúil ón méid a bhí le feiscint inné againn go dtabharfaidh Ciarraí an dúshlán níos déine i gcluiche ceannais na sraithe d’Áth Cliath ná aon fhoireann ó thosnaigh foireann na hardchathrach ag buachtaint na sraithe ar a dtoil in 2013. Beidh Áth Cliath luite amach orthu féin faoi cheann coicíse ag iarraidh ceithre chraobh sraithe as a chéile a bhuachtaint don gcéad uair ó dhein Ciarraí amhlaidh i dtús na seachtóidí.

Aon phointe amháin a bhí idir Áth Cliath agus Tír Eoghain sa chluiche ceannais trí bliana ó shin ach bhí cúig phointe dhéag farasbairr acu ar Dhoire dhá bhliain ó shin agus aon phointe dhéag anuraidh i gcoinne Chorcaí.

Thug leithéidí Chiarán Kilkenny, Brian Fenton agus Bernard Brogan taispeántais bhreátha uathu sa dara leath inné agus chaithfeá dul siar go dtí Feabhra na bliana seo caite chun teacht ar an bhfoireann dheireanach a bhuaigh sa tsraith orthu (Ciarraí), ach ní dóigh liomsa go bhfuil a mbuille aimsithe fós i mbliana ag Áth Cliath.

Tá meas agus urraim tuillte acu as a bhfuil bainte amach acu idir shraith agus chraobh le ceithre bliana anuas ach bhí dóthain sa smionagar a d’fhágadar ina ndiaidh inné a thabharfadh léas dóchais éigin do Chiarraí agus iad ag prapáil sna laethanta romhainn amach chun barrthuisle a bhaint astu.

Fiú má bhí roinnt pasanna gleoite leis an gcois acu, ní raibh na pasanna láimhe chomh cruinn ná chomh tomhaiste is a bhíonn de ghnáth ag imreoirí Átha Cliath inné.

Anuas air sin, ní raibh an chosaint chomh diongbháilte is a bheadh laethanta eile agus dá mbeadh an toil nó an tuiscint iontu, bhí deiseanna ag tosaithe Dhún na nGall nár baineadh aon tairbhe astu.

Ní raibh taispeántas Chiarraí gan cháim ach an oiread agus, dála Dhún na nGall, beidh siadsan ag iarraidh an easpa luais atá ar roinnt dá n-imreoirí seanbhunaithe a cheilt chun gur féidir leo clabhsúr fónta a chur ar fheachtas sraithe na bliana seo.

Ba léir ón aimsir a bhí inné againn gur mó cor a chuireann lá earraigh de agus beidh cor eile sa scéal roimh dheireadh na míosa ach a n-imreofar cluiche ceannais na sraithe idir an dá fhoireann is fearr sa tír.

Ach imeacht gan teacht ar na cluichí leathcheannais!

Fág freagra ar 'An choisíocht ag teip ar Dhún na nGall agus súil ag BÁC agus Ciarraí ar a chéile an athuair'