An chéad dúshlán dlí faoi thorthaí Ardteiste curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte

Tugadh le fios san Ard-Chúirt go raibh cuid mhaith cásanna faoi ghráid mheasta na hArdteiste ar na bacáin

An chéad dúshlán dlí faoi thorthaí Ardteiste curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte

Tá an chéad dúshlán dlí maidir le córas marcála na hArdteiste curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte.

Áine Finnegan, as Fionnradharc i mBaile Átha Cliath 3, atá ag tabhairt an dúshláin chúirte i gcoinne chóras na ngrád measta a tugadh isteach i mbliana nuair a cuireadh gnáthscrúduithe na hArdteise ar ceal de dheasca na paindéime.

Deir Áine Finnegan go raibh sí “trína chéile” nuair nár éirigh léi áit a fháil ar an gcúrsa leighis i gColáiste na Tríonóide toisc í a bheith dhá phointe gann. Íslíodh na marcanna measta a thug a múinteoirí di i dtrí ábhar. 6 H1 agus H2 amháin a bhronn a múinteoirí uirthi ach deineadh H2 de thrí cinn de na H1 sin nuair a cuireadh na torthaí faoi bhráid chóras caighdeánaithe na Roinne Oideachais.

D’fhreastail sí ar an Institute of Education i mBaile Átha Cliath, scoil táille.

Cuireadh iarratas an dalta faoi bhráid an Bhreithimh Charles Meenan inniu agus tugadh le fios dó go raibh cuid mhaith cásanna eile dá leithéid ar na bacáin.

Fág freagra ar 'An chéad dúshlán dlí faoi thorthaí Ardteiste curtha faoi bhráid na hArd-Chúirte'