Tástáil le déanamh ar an gcairdeas nua i gCorca Dhuibhne
Mar a luadh sa gcolún seo an tseachtain seo caite, níor tharla sé riamh gur éirigh le cumainn as aon chontae amháin craobhacha sinsir, idirmheánach agus sóisir peile na hÉireann a bhuachan.
Agus an beart anois déanta ag an nGaeltacht agus ag Baile Mhic Eileagóid Dé Domhnaigh seo caite, d’fhéadfadh sin athrú an deireadh seachtaine seo agus bua don Daingean ag fágáil go mbeadh na trí chorn ag dul chun na Ríochta i mbliana.
Is cinnte go mbeidh imreoirí an Daingin spreagtha ag an éacht agus an ceiliúradh atá déanta ag a gcomharsana thiar le seachtain anuas agus, mar a dúirt Pádraig Óg Ó Sé i ndiaidh bhua na Gaeltachta ar Ghleann an Iolair, beidh sé níos éasca anois ag muintir na Gaeltachta dul suas go Páirc an Chrócaigh arís chun tacú leis an Daingean an deireadh seachtaine seo nuair atá a gcraobh féin buaite acu.
Chuir an choimhlint agus an dlúthcheangal sin idir an dá chumann go mór leis na sceitimíní a bhí ar mhuintir Chorca Dhuibhne le roinnt seachtainí anuas agus gaisce stairiúil a bheadh ann dá n-éireodh leis an dá dhream craobhacha uile-Éireann a bhaint in aon bhliain amháin.
Go dtí seo, is iad Cill Chuimín agus Lios an Phúca, a bhuaigh craobhacha idirmheánach agus sóisir na hÉireann faoi seach in 2019, an dá chumann is cóngaraí dá chéile a bhuaigh craobhacha na hÉireann in aon bhliain amháin agus gan ach aistear 20 nóiméad sa gcarr idir páirceanna an dá chumann.
Bheadh tú cúig nóiméad níos sciobtha ag dul idir Pháirc an Ághasaigh agus Gallaros, áfach agus go deimhin níl ort ach coiscéim amháin a thógáil in áiteanna chun dul ó dhaingean amháin go dtí an Daingean eile.
Deirtear go bhfuil gaiscí an dá chumann tar éis cuid den sean-naimhdeas a chneasú ach má tharlaíonn sé an tseachtain seo chugainn go mbeidh craobh uile-Éireann ag dream ar thaobh amháin den teorainn agus an dream eile fágtha ar an ngannchuid (bíodh go bhfuil Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin acu thoir), b’fhéidir go mbeadh cúram nua ar lucht UNIFIL sula i bhfad.
(Pádraic Ó Ciardha)
Perrett amháin ag déanamh aithrise ar Parrot eile…
Ar an chéad amharc ar phostáil de chuid Yeovil Town F.C ar na meáin shóisialta, an tseachtain seo, bhí go leor daoine den tuairim go raibh laoch sacair na hÉireann, Troy Parrot, sínithe ag an chlub, a imríonn sa tSraith Náisiúnta, an cúigiú roinn ab fhearr i Sasana.
Ar an dara hamharc, bhí sé sóiléir go raibh Tory Parrot s’againn féin ag fanacht le AZ Alkmaar, san Ísiltír, agus gur Troy Perrett, fear óg, naoi mbliana déag ón Bhreatain Bheag a shínigh conradh le Yeovil.
Bhí cúpla duine ar na meáin shóisialta a bhí iontach sásta leis an nuacht agus duine amháin ag rá, ‘seo síniú iontach, is laoch é le Poblacht na hÉireann’.
Ní bheidh sé i bhfad anois go mbeidh Éire ag brath ar a laoch aríst agus cluiche mór ag foireann na hÉireann in éadan Phoblacht na Seice sna babhtaí cáilithe do Chorn an Domhain ag deireadh mhí an Mhárta.
D’éirigh le Troy Parrot trí chúl a aimsiú do AZ Alkmaar in éadan Ajax tráthnóna Dé Céadaoin agus beidh lucht leanúna na hÉireann ag súil go leanfaidh na nósanna maithe seo ar aghaidh agus go mbeidh sé i mbarr a mhaitheasa do chluiche cinniúnach na hÉireann.
View this post on Instagram
Laoch óg an NFL ‘iontach bródúil’ as a chuid Gaeilge
Tá an t-ainm Charlie Smyth cloiste ag go leor againn faoin tráth seo. Ó fuair sé a chéad deis imirt do na New Orleans Saints san NFL anuraidh níl ach rudaí móra maithe déanta aige ar an pháirc imeartha.
Tuairiscíodh anseo cheana go raibh Smyth cáilithe mar mhúinteoir Gaeilge ach seans nár chuala go leor agaibh an fear óg ó Dhroichead Mhaigh Eo i gcontae an Dúin, ag labhairt i nGaeilge.
Le gairid, rinne Smyth agallamh beag i nGaeilge lena iar-mheánscoil, Coláiste Cholmáin san Iúr i gcontae an Dúin.
San agallamh deir sé mbíonn sé “iontach bródúil” an Ghaeilge a labhairt agus gur maith leis í a úsáid “i Meiriceá leis na himreoirí eile”, cé nach bhfuil ach “giota beag” daoine i Meiriceá a bhfuil sí acu.
Fág freagra ar 'An cairdeas nua i gCorca Dhuibhne le tástáil, Perret ag déanamh aithrise ar Parrot agus mórtas teanga Charlie Smyth'