LÉAMHTHUISCINT: An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile

Bhí mé ag caint le hÚna Ní Dhonghaíle, a bhí ina heagarthóir ar roinnt clár sa chéad agus sa dara sraith de The Crown, agus d’inis sí dom faoina ceird agus faoin gcumhacht a bhíonn ag eagarthóir an scéal a insint.

‘Go minic, baineann sé leis an méid nach mbíonn ráite,’ a dúirt Úna liom. ‘Nuair a fhéachaim tríd an ábhar, sula dtosaím ag gearradh an scannáin, feicim rudaí agus cuimhním orthu.’

Is iomaí duais agus gradam atá bainte amach ag Úna ó thosaigh sí ag obair mar eagarthóir. Agus cé go bhfuil sí mórtasach as an gcáil a thuill The Crown ar Netflix, tá scannáin agus sraitheanna eile teilifíse mór le rá curtha lena CV aici i rith na mblianta.

Bhí sí díreach tar éis tréimhse a chaitheamh in éindí leis an stiúrthóir/aisteoir cáiliúil as Béal Feirste, Sir Kenneth Branagh, nuair a labhair sí liomsa. Ba ise a chuir eagar ar an scannán mór dá chuid, Death on the Nile, scannán nach bhfuil scaoilte amach fós.

Músclaíodh a suim sa cheird agus i saol na scannán, ar bhealach neamhghnách. Gach samhradh, agus iad óg, thugadh a máthair an chlann go Dún Mánmhaí, i gContae Chorcaí. D’fhanadh a hathair Dónal ag obair i mBaile Átha Cliath.

‘Tá cuimhne shoiléir agam den phictiúrlann beag ansin,’ a deir Úna. ‘Thugadh mo mháthair ag an bpictiúrlann go minic muid.’

‘Caithfidh sé go raibh an cóimheas treoíochta mícheart (méid an scáileáin) á úsáid ag an bhfear sa seomra teilgin,’ a dúirt sí. ‘Ó am go chéile, d’fheiceadh muid an micreafón ‘boom’ ag sleamhnú isteach ar thaobh an phictiúir. Agus nuair a dúirt mé le mo Mham é, is éard a dúirt sise ná go raibh leagan níos saoire den scannán á thaispeáint acu i nDún Mánmhaí.’

Blianta ina dhiaidh sin, thuig sí an córas a bhí ag obair sa bpictiúrlann ach faoin am sin bhí sí gafa go hiomlán leis an draíocht ar fad a bhain leis an cineama.

‘Thuig mé ón uair a chonaic mé an ‘mike’ sin go raibh foireann mhór daoine ag obair ‘taobh thiar’ den cheamara. Mheas mé go mbeadh an obair sin an-spéisiúil,’ dúirt sí.

D’fhreastail Úna ar Scoil Naithí agus ar Choláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath. Ó bhí sí thart ar 14 bliain d’aois bhí sí meáite ar shlí bheatha a bhaint amach i saol na scannán.

Tugann sí ardmholadh do Mhuiris Mac Conghail, i measc léachtóirí eile, a thug uchtach di agus í ag freastal ar an gcoláiste scannán is teilifíse (DIT) i mBaile Átha Cliath.

‘Thaispeáin sé scannáin ar nós Poitín, agus Ballroom of Romance dúinn agus thuigeamar go raibh scannáin bunaithe ar scéalta Éireannacha á ndéanamh in Éirinn – agus go raibh siad ar comhchéim le scannáin idirnáisiúnta,’ dúirt sí. Fuair Úna ceann de na 6 áit as 500 iarratas a bhí ar an chúrsa i Scoil Náisiúnta Scannán agus Teilifíse i Sasana. 

Agus is i Londain a fuair sí obair ar an bpointe nuair a d’fhág sí an coláiste. Ar chláracha móra faisnéise, ar scannáin agus ar shraitheanna móra teilifíse a chuaigh sí ag obair ón gcéad lá – leithéidí WallanderDr Who agus Ripper Street. Níor oibrigh sí ar chláir nuachta ná cúrsaí reatha riamh – cé gur mar sin a thosaíonn go leor daoine sa ghnó.

Tá an t-ádh uirthi, ceapann sí, go bhfuil cuimhne an-ghéar aici, cuimhne fhótagrafach, a choinníonn cuimhní amhail grianghraif. Nuair a thosaigh sí amach ina ceird mar eagarthóir, is ar stiallacha scannáin a bhíodh an t-ábhar. Ghearradh an t-eagarthóir de láimh é ar mheaisín Steenbeck. Taobh thuas de do chloigeann a bhíodh na stiallacha crochta ach bhí de bhua ag Úna go gcuimhníodh sí i gcónaí cár chroch sí stiall áirithe scannáin.

Sa lá atá inniu ann agus í ag obair ar ríomhaire Avid, tá an chuimhne ghéar sin fós riachtanach. Má dhéanann a cúntóir aon atheagar nó glantachán ar an ríomhaire, cuireann sé isteach go mór uirthi toisc nach mbeidh na míreanna san áit ar chuir sí féin iad.

Agus cé go mb’fhéidir go gceapfá go mbeadh an-suim aici ina mbíonn ar siúl ar láthair an scannánaithe –‘ní théann eagarthóirí isteach ar an seit’, arsa Úna. ‘Ar an gcaoi sin, ní ghoilleann sé ort má ghearrann tú amach radharc a thóg an lá ar fad orthu a thaifeadadh.’

Ní chuireann sé isteach pioc uirthi má insíonn an stiúrthóir di gur chosain an radharc na mílte punt – is í an cheist a chuireann sise uirthi féin ná – ‘Cén luach atá ag an radharc seo sa scannán?’ Mura bhfuil luach nó tairbhe leis sa scéal, isteach sa ‘mbosca bruscair’ leis.

D’inis sí dom faoin uair a raibh cailín beag trí bliana d’aois ag teastáil le haghaidh radharc sa The Crown. Bhíodar ag athchruthú ócáid a tharla i mBéal Feirste nuair a tháinig cailín beag fhad le Banríon Shasana a bhí ar cuairt ansin agus rinne sí curtsy nó umhlú  beag. Bhí sé ag teip ar an stiúrthóir cailín den aois cheart a aimsiú don athchruthú.

‘Tá m’iníon-sa trí bliana d’aois!’ arsa Úna leo. ‘Déanfaidh sise é.’ Tugadh an cailín beag anonn go Londain agus rinneadh iarracht an t-umhlú cuí a mhúineadh di. Rud a bhí dodhéanta.

‘Is cuma,’ arsa an stiúrthóir. ‘Thugamar faoi deara nach raibh an cailín beag sa scannán nuachta ag an am in ann é a dhéanamh ach an oiread. Is cosúil go mbíonn deacrachtaí ag leanaí óga fanacht ar leathchois.’

 Cheap cairde a hiníne i Naíonra Naithí gur chas sí leis an mbanríon cheart i Londain agus gur bhronn sí bláthfhleasc uirthi.

Tá Úna an-bhródúil as an nGaeilge agus as an traidisiún agus an cultúr a bhaineann léi agus tá sí bródúil as a hainm féin. 

“Ní chreidfeá cé chomh minic a d’iarr daoine orm m’ainm a athrú agus an leagan Béarla a úsáid.’ Ach tá freagra aici dóibh.

 ‘Chuaigh sibh i gcleachtadh ar Tchaikovsky agus ar Scorsese – foghlaimígí  ‘Úna Ní Dhonghaíle!’

Gníomhaíocht 1: Triail Léamhthuisceana Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén tslí bheatha atá ag Úna Ní Dhonghaíle?
  2. Cén bua is tábhachtaí a theastaíonn don cheird sin, dar léi?
  3. Cén t-aisteoir mór le rá a bhí bainteach le Death on the Nile?
  4. Conas a spreagadh a spéis sna scannáin agus í óg?
  5. Céard atá ar eolas againn faoi oideachas Úna in Éirinn?
  6. Cén tionchar a bhí ag teagasc Mhuiris Mac Conghail uirthi?
  7. Cén fáth go bhfuil an dea-chuimhne iontach tábhachtach chun eagarthóireacht scannán a dhéanamh?
  8. Cén fáth go ndeir sí gur maith an rud nach dtéann an t-eagarthóir ar an seit riamh?
  9. Conas gur éirigh lena hiníon páirt bheag a fháil in The Crown?
  10. Céard a cheapann tú faoin dearcadh atá ag Úna faoina hainm féin? An dóigh leat gur straitéis chliste é sin?

Gníomhaíocht 2: Nathanna le cur i d’abairtí féin

i rith na mblianta, is iomaí, ar comhchéim, ag athchruthú, umhlú, ach an oiread, i gcleachtadh.

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí 

  • Faigh sampla d’ainm briathartha sa chéad abairt.
  • Faigh sampla den aimsir láithreach sa chéad alt.
  • Faigh samplaí de dhá aidiacht bhriathartha sa sliocht.
  • Aimsigh ainmfhocal baininscneach a bhfuil aidiacht leis sa sliocht.
  • Sracfhéacaint ar an Tuiseal Ginideach:

Is breá le hÚna ceird (an t-eagarthóir scannán).
Tá cuimhní iontacha aici de scáileán (an phictiúrlann bheag) i nDún Mánmhaí.
Chuir ról beag (a hiníon) áthas ar a cairde sa naíonra.
Cultúr (Éire) agus an traidisiún a spreagann Úna.
Tharraing The Crown a lán cainte faoi shaol (an bhanríon). 

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: An cainteoir líofa Gaeilge a chuir snas ar ‘The Crown’ agus cláracha móra eile'