BRIATHARCHATH: An Bille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí

Déanann Rónán Mullen agus Pól Ó Murchú scagadh ar an mBille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí agus pléid na himpleachtaí a bheidh aige do shochaí na tíre

00158641

Maítear go láidreoidh an reachtaíocht nua seo cearta na bpáistí. Is léir gur a mhalairt atá i gceist i ndáiríre.

Rónán Mullen

Dealraíonn sé go bhfuil ar intinn ag an Rialtas an Bille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí a chur trid an Dáil agus an Seanad a luaithe agus is feidir, ar ais nó ar éigean.

Tá gnéithe maithe sa Bhille ar cóir fáilte mhór a chur rompu, go háirithe mar a bhaineann sé (a.) le cearta aithreacha neamhphósta, (b.) cearta do sheantuismitheoirí agus (c.) baill den teaghlach sínte i leith coimirce páistí de, go mór mór i gcásanna nuair a fhaigheann tuismitheoirí bás nó nuair a scarann tuismitheoirí na bpáistí óna chéile agus go dtiteann dualgais chlainne ar an tseanghlúin.

Cé nach bhfuil an t-uafás cearta suntasacha á mbronnadh ar aithreacha neamhphósta, is maith ann iad mar sin féin.

Faraor géar, tá lochtanna tromchúiseacha le sonrú ar an mBille nua seo, áfach. An fhadhb is mó? Ní thugtar suntas do chearta nó riachtanais páistí áirithe beag ná mór. Mar chuid den Bhille seo, séantar go bhfuil ceart ag gach páiste ar athair agus máthair a bheith aige. Ní hamháin sin, ach níl sé de chead ag páistí a ghintear trí DAHR (Donor Assisted Human Reproduction – a bheidh iomlán dleathach i gcomhtheacs an Bhille seo) agus trí mháthairionadaíocht eolas dá laghad a bheith acu i leith a gcuid fíorthuismitheoirí ná teagmháil agus caidreamh daonna a bheith acu leo go dtí go mbíonn siad tagtha in aois – is é sin 18 bliain d’aois.

Fiú sa chás sin, níl aon dualgas ar na fíorthuismitheoirí (deontóirí speirme i gcuid mhór cásanna) ná na tuismitheoirí nádúrtha aon bhaint a bheith acu leis na páistí a ghin siad más rogha leo sin. Ní bheidh páistí na todhchaí, páistí a ghintear de thairbhe na dteicneolaíochtaí nua sin, ní bheidh siad i dteideal athair agus máthair ná i dteideal a fháil amach cé hiad fhéin.

Gach sochaí agus gach cultúr ó thús aimsire, d’fhorbair siad institiúid an phósta thar am mar gur thuig siad go maith go dtéann sé chun tairbhe gach gasúir go mbeadh máthair agus athair aige. 
An bhfuil muidne, Éireannaigh ár linne, ag ceapadh nach fiú tráithnín anois í gaois na cianaimsire a thuilleadh, agus go bhfuil léargas úrnua forásach againne ar conas an pobal a eagrú, sinne a bhfuil ionann is 6000 páiste leochaileach faoi chúram an stáit in aghaidh na bliana agus a raibh na mílte faoi choinneáil agus curtha i bhfolach sna hinstitiúidí ba ghruama agus ba bharbartha go dtí blianta beaga anuas?

Agus an mian leis an rialtas tuilleadh brú a chur ar theaghlaigh na hÉireann, teaghlaigh leochaileacha atá faoi bhrú damanta thairis sin de dheasca morgáistí ollmhóra, an cháin mhaoine, táillí uisce, an Muirear Sóisialta Uilíoch agus mar sin de go heireaball siar?

Ba cheart dúinn a bheith macánta faoin gceist seo. Tá a fhios ag an saol mór an chúis go bhfuil an oiread sin fuadair faoin rialtas chun an Bille conspóideach a chur tríd chomh tapaidh sin. Ta siad ag iarraidh an díospóireacht faoi impleachtai an Reifrinn faoin bpósadh do pháisti a sheachaint. Más féidir leis an rialtas an Bille seo a bhrú tríd an Oireachtas chomh tapaidh agus is féidir, cabhróidh sé sin leis an rialtas sa reifreann ar phósadh comhghnéis i gceann 10 seachtaine nó mar sin. Nó is é sin a cheapann siad
.

Ach chuile sheans gurb é a mhalairt a tharlóidh. Má chuirtear an reachtaíocht seo trid, agus ansin ma ghlactar leis an moladh sa Reifreann, ní feidir, ina dhiaidh sin, na lochtanna sa reachtaíocht a leasú gan reifreann eile a bheith ann! Agus is ag na polaiteoiri amhain a bhíonn cead a gcinn reifreann a fhógairt.

Sin an cleas polaitiúil atá laistiar de chur chuige an Rialtais an uair seo.

 Má éiríonn leis an reifreann comhghnéis, beidh ceann de na cearta daonna is bunúsaí atá ag gach duine againn ar an saol seo á mbaint dínn – is cuma an heitrighnéasaigh nó homaighnéasaigh muid – is é sin an ceart atá againn go léir ar athair agus máthair agus an ceart againn caidreamh a bheith againn leo.

Tuigimid go léir gur ceart grá agus urraim a bheith ag cách do dhaoine aeracha, is cuma an cairde nó gaolta linn iad. Ach ní ceart go mbeadh an comhluadar aerach á úsáid ag an rialtas chun cearta páistí a bhrú faoi chois sa reachtaíocht.

Chinn na Gearmánaigh agus na hIodálaigh gan seirbhísí IVF ná seirbhísí ADR (Assisted Human Reproduction) a cheadú ach do lánúineacha fireann/baineann – i.n. lánúin a chuimsíonn athair agus máthair); mar an gcéanna i gcás an dá thír ó thaobh mathairionadaíochta de; ní cheadaítear é.

Is é an bille seo an reachtaíocht is tromchúisí atá ann le fada an la ó thaobh na n-impleachtaí sóisialta a bheas aige ar mhuintir na hÉireann sna glúine atá romhainn.

Maítear go láidreoidh an reachtaíocht nua seo cearta na bpáistí. Is léir gur a mhalairt atá i gceist i ndáiríre.

Is seanadóir neamhspleách é Rónán Mullen

_________________________________________________

Cuirfidh an Bille seo bonn níos fearr faoin teaghlach i sochaí na hÉireann amach anseo

Pól Ó Murchú

Cé gur féidir a rá gur Bille ceannródaíoch agus réabhlóideach é an Bille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí, fiú amháin, tá an pobal ag feitheamh leis le fada. Is dóigh liom gur chóir dúinn ardmholadh a thabhairt don Iar-Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter, a bhfuil taithí na mblianta aige a bheith ag plé le dlí teaghlaigh é féin, agus do Frances Fitzgerald agus an dream a dhréachtaigh agus a réitigh an Bille seo faoi choinne na Dála.

Tríd is tríd, táthar tar éis fáilte a chur roimhe agus is maith ann an fháilte chéanna. Tá go leor sa Bhille seo a chabhraíonn le haitheantas a thabhairt do chlanna ar ann dóibh cheana; go leor a chabhraíonn le cearta agus dualgais a leagan ar dhaoine atá ag feimhiú i rólanna a éilíonn na cearta agus na dualgais sin cheana féin.

Tá go leor eile, fós, ann, áfach, a phléann le cásanna eisceachtúla nó le líon an-bheag cásanna, ceisteanna nach gcuirfidh isteach ná amach ar an mórchuid daoine i bhfírinne. Mar sin féin, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh soiléireacht ann maidir le conas is féidir bheith i do thuismitheoir agus an sainmhíniú a leathnú le tuilleadh teaghlach a thabhairt isteach faoina choimirce. Ba chóir dúinn a chinntiú go bhfuil aitheantas sa Bhille seo do theaghlaigh nua-aimseartha agus is dóigh liom go mbeidh teaghlaigh a chuirfidh timpeallacht oiriúnach ar fáil dá bpáistí.

Is gá a thabhairt chun cuimhne, áfach, nach aon leigheas ar an uile olc an reachtaíocht seo. Beidh bunfhadbanna ann maidir le páistí atá i mbaol agus iad siúd atá go mór faoi mhíbhuntaiste fós. Ba chóir don rialtas cluas le héisteacht a chur orthu fein, éisteacht leis na breithiúna agus na hoibrithe atá de shíor ag léiriú na bhfadbanna móra i bpobail éagsúla i ngach cearn den tír.

Ní mór a chinntiú go maoineofar bunseirbhísí do pháistí ár dtíre. Is dóigh liom gur féidir sochaí aon tíre a mheas ar an mbealach a gcaitheann siad lena hóige agus lena seandaoine. Conas a mheasfaí muide anois? Tá dualgas orainn feabhsú.

Ní foláir dúinn fanacht, ámh, go bhfeicfimid cén toradh fadtéarmach a bheidh ag an reachtaíocht. Caithfear a chinntiú go dtabharfar a dhóthain ama an bille a phlé ina iomláine, teacht ar aon eisceachtaí ar chóir plé leo ann agus dearbhú nach bhfuil aon lúb ar lár ann ach oiread.

Tá sé ráite ag go leor go dtógann an bille seo an tír agus an reachtaíocht isteach san am atá i láthair in áit a bheith calcaithe mar a bhíodh cheana. Tá cuid mhaith den fhírinne ansin. Anuas air sin, níl i gcuid mhór de ach aitheantas a thabhairt don suíomh ina bhfuil clanna mar atá.

I measc na ndaoine a chuirfidh i gcoinne an Bhille, beidh dream ann a luafaidh go bhfuil cearta páistí á lagú agus go bhfuiltear ag tabhairt droim láimhe leis an traidisiún i mbealach a thiocfaidh aniar aduaidh orainn amach anseo. Is dóigh liom nach fíor sin.

Cuirfidh an Bille seo bonn níos fearr faoin teaghlach i sochaí na hÉireann amach anseo agus cuirfidh se níos mó cosaintí ar fáil a rachaidh chun leasa na bpáistí.

Is aturnae é Pól Ó Murchú a bhíonn ag ple le dlí teaghlaigh agus leanaí i mBÁC.

Fág freagra ar 'BRIATHARCHATH: An Bille um Chaidrimh Teaghlaigh agus Leanaí'