Dhá cheann déag de thránna Gaeltachta a bhfuil an Bhratach Ghorm bronnta orthu ag An Taisce inniu.
D’éirigh le gach ceann de na tránna i gceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, Gaillimh, Ciarraí agus Maigh Eo a fuair an bhratach anuraidh an gradam a bhaint amach arís i mbliana ach níor éirigh le haon trá Ghaeltachta eile an t-aitheantas sin a fháil in 2023.
Tar éis di an Bhratach Ghorm a fháil den chéad uair riamh anuraidh, tá an gradam bainte amach arís ag Trá Inis Oírr, príomhthrá an oileáin. D’éirigh le trí thrá Ghaeltachta eile i nGaillimh an Bhratach Ghorm a fháil do 2023, mar a fuair trí thrá i nGaeltacht Mhaigh Eo, trí thrá i nGaeltacht Chiarraí agus péire i nGaeltacht Dhún na nGall.

Bhronn An Taisce Bratach Ghorm ar 84 trá ar fad ar fud na tíre, ceann níos lú ná anuraidh, agus d’éirigh le deich gcinn de mhuiríní an bhratach a bhaint amach arís i mbliana.
Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir faoina ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar an soláthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.
Chomh maith le Bratacha Gorma, bronnadh Gradam an Chósta Ghlais ar 13 eile de thránna na Gaeltachta. I Maigh Eo atá ceithre cinn acu, agus ceithre cinn eile i nDún na nGall a fuair an gradam. Tá na ceithre thrá Ghaeltachta eile i nGaillimh agus i gCiarraí. Bhí Trá Inis Oírr i nGaillimh agus Baile an Sceilg i gCiarraí ar phéire d’ocht dtrá ar fud na tíre a fuair an Bhratach Ghorm agus Gradam an Chósta Ghlais araon.
Tugann Gradam an Chósta Ghlais aitheantas don phobal agus do na daoine a ghlanann an cósta agus na tránna i gcaitheamh na bliana. Bronnadh an gradam sin ar 65 trá ar fud na tíre, níos mó ná aon bhliain eile ó bunaíodh an gradam in 2003.
Ina dtuarascáil bhliantúil ar chaighdeán an uisce snámha ar thránna ar fud na hÉireann, d’fhógair an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an tseachtain seo caite go bhfuil ‘caighdeán maith’ uisce ar 20 den 21 trá a ndéanann siadsan monatóireacht orthu sa Ghaeltacht.
Tá rabhadh tugtha don phobal gan dul ag snámh ar Thrá na mBan ar an Spidéal i gConamara, áfach, de bharr droch-chaighdeán an uisce uirthi.
Tránna Gaeltachta a fuair an Bhratach Ghorm | |
Dún na nGall | Na Dúnaibh |
An Charraig Fhinn | |
Gaillimh | An Trá Mhór, Coill Rua, Indreabhán |
Cill Mhuirbhigh, Inis Mór | |
Trá Inis Oírr | |
Trá an Dóilín, An Cheathrú Rua | |
Ciarraí | Baile an Sceilg |
Doire Fhíonáin | |
Fionntrá | |
Maigh Eo | Dumha Éige |
Cuan Oilí | |
An Mullach Rua |
Tránna Gaeltachta a fuair Gradam an Chósta Ghlais | |
Dún na nGall | Baile Thiarnáin |
An Dumhaigh | |
Droim na Tine | |
Machaire Rabhartaigh | |
Gaillimh | Trá Inis Oírr |
Trá Pholl na gCaorach, Inis Oírr | |
Ciarraí | An Béal Bán |
Baile an Sceilg | |
Maigh Eo | Port an Chlóidh |
An Chrois, Iorras | |
An tSraith | |
An Rinn Rua | |
An Tearmann |
Fág freagra ar 'An Bhratach Ghorm bronnta ar dhá cheann déag de thránna Gaeltachta'