An bhratach Bhriotánach is mó riamh ardaithe in Nantes

De réir na bpobalbhreitheanna is mian le daoine go n-athcheanglófaí Nantes agus ceantar an ‘Loire-Atlantique’ leis an gcuid eile den Bhriotáin stairiúil

An bhratach Bhriotánach is mó riamh ardaithe in Nantes

I Nantes [Naoned] an deireadh seachtaine seo nochtadh, nó ba chirte a rá leathadh amach an bhratach náisiúnta Bhriotánach is mó a déanadh riamh: 45 méadar ar fhad, 30 méadar ar leithead. 

Tá glactha go forleathan anois leis an ‘Gwenn ha Du’ – an ‘Bán is Dubh’ mar shiombail na Briotáine. Dearadh an bhratach i 1925 agus tá brí leis na stríocaí dubha agus bána (naoi ndeoise na Briotáine) agus na heirmíní, siombail ársa de chuid na tíre. Bíonn sí ar foluain ar fhoirgnimh phoiblí, le feiceáil ar fhógraíocht chultúrtha agus tráchtála. 

Tugtar aitheantas dó mar shiombail oifigiúil fiú ag údaráis stát na Fraince ar chláruimhreacha carranna 4 cinn de 5 rann tíre na Briotáine stairiúla. 

Os comhair chaisleán dhiúcanna na Briotáine i gcathair Nantes a tharla searmanas nochtaithe na brataí ollmhóire. Cé gurbh é Nantes cathair thiarnaí na tíre fadó, fágadh an chathair agus an ceantar máguaird amach as an réigiún oifigiúil ‘Bretagne’ a chruthaigh rialtas Vichy i 1941 le linn an Dara Cogadh. 

Chloígh rialtais na Fraince leis an leagan amach sin ó shin i leith, in ainneoin go n-aithníonn sciar maith den phobal i gceantar Nantes gur Briotánaigh iad agus go bhfuil eagrais agus imeachtaí Briotánacha ann i gcónaí. 

Ta pobalbhreitheanna agus guthaíochtaí déanta le roinnt blianta anuas ar dhá thaobh na críochdheighilte seo a léiríonn mian go n-athcheanglófaí Nantes agus ceantar an ‘Loire-Atlantique’ leis an gcuid eile den Bhriotáin stairiúil. 

Is mar chomhartha de sin a leathadh an bhratach Dé Sathairn an 19 Feabhra os comhair an tseanchaisleáin.

Fág freagra ar 'An bhratach Bhriotánach is mó riamh ardaithe in Nantes'