Ceann de na ceisteanna a chuirtear go minic agus daoine ag caitheamh saoire sa mbaile ná ‘an bhfanfaidh cúrsaí mar atá anois – an bhfanfaidh daoine sa tír seo nuair nach mbeidh aon bhrú orthu sin a dhéanamh?’
Ceist an-mhaith í sin agus óstáin agus tithe ósta ar tí oscailt den ‘níl a fhios cé mhéad uair’ ó bhuail an phaindéim muid.
Tá siad ann fós a déarfadh nach bhfuil aon rud sa tír seo don chlann atá ar saoire, taobh amuigh de na háiteacha is mó a mbíonn tóir orthu ar an gcósta. Meastar gur thar lear a bheas an tsaoire is fear ag daoine.
Bhí sé sin fíor uair amháin. Is cuimhin liom féin nuair ab ionann ‘cupán caife’ agus caife sórt liath, tógtha as canna stáin, nó paicéad ‘ar an toirt’ caife. Is cuimhin liom an uair nach mbíodh le fáil i lár an lae ach dinnéar trí chúrsa agus boladh an chabáiste ag éalú síos an staighre agus b’fhéidir chomh fada leis an tsráid, i nGaillimh.
An cuimhin le héinne agaibh boladh an anraith ‘oxtail’ agus é leagtha amach i mias stáin?
Bhíodh slat tomhais ag cara liom uair amháin le cur síos a dhéanamh ar an ré sin. Thagraíodh sí don uair nach mbíodh fáil ar ola olóige ach amháin i siopaí poitigéirí.
Leis an bhfírinne a dhéanamh níl sé an fhad sin ón uair go mbíodh aistear fada romhat dá mbeifeá ag cuartú lón deas ná an cupán caife féin i gConamara.
Chaith mé féin roinnt mhaith séasúr seoltóireachta ag fanacht le cé, agus dá mba rud é go raibh sé de mhí-ádh orm an flaigín tae a fhágáil sa mbaile, ní raibh bolgam le n-ól ná blas le n-ithe go bhfillfimis ar an mbaile tráthnóna.
Dhéanainn dearmad gach uair nach raibh aon suim ag lucht na mbád seoil i gcúrsaí bia.
Théadh comharsana liom go Gaillimh ag déanamh a gcuid siopadóireachta agus cé go gcaithfidís roinnt uaireanta a’ chloig ann agus iad b’fhéidir taobh leis an mbus poiblí lena dtabhairt abhaile, ní smaoineoidís go brách ar chupán tae nó caife a fháil dóibh féin.
Bhí mé ag meabhrú dom féin go bhfuil an saol athraithe uilig chomh fada agus a bhaineann le caitheamh aimsire agus sólaistí anois, agus mé ag éisteacht le mír nuachta faoi na folcadáin fheamainne thiar sna hoileáin, i gConamara. ‘Ionad na Feamainne’ an-t-ainm atá air agus é suite i Leitir Mealláin. Agus tá caifé ann – chomh maith le siopa lán le hearraí atá bunaithe ar fheamainn.
Thugadh mise an fheamainn abhaile liom i mála plaisteach le folcadh feamainne a dhéanamh sa mbaile, gach uair beagnach a mbíodh mé ar cuairt i gConamara, théis dom bogadh go Baile Átha Cliath. Beidh mé ag cur folcadh in áirithe anseo feasta.
Ach dháiríre, níl rud ar bith níos fearr ar domhan ná luí siar i bhfolcadán ceart feamainne, in ionad atá feistithe i gcomhair cuairteoirí. Tá mé ag súil go mór cuairt a thabhairt air.
Agus ar mo bhealach siar beidh lón agam (portán paté Árann agus sailéad Gharraí Glas) sa bPota Café i mBaile na hAbhann nó b’fhéidir go seasfaidh mé ag an gcaifé i nDoire an Fhéich, Café Teach na Cúirte.
Tá cuimhní agam ó Dhoire an Fhéich a bhaineann le lá a chaitheamh anois is arís ag an gCúirt Dúiche ansin agus mé im’ thuairisceoir don pháipéar Amárach. Bhí tae agus bia le fáil Tigh Khitt ar ndóigh agus bhíodh an Cléireach Cúirte Paddy Carty agus na dlíodóirí istigh ann freisin ag baint sásamh as an teas sa bheár.
Ar an láimh eile de, má bhí tuairisc le déanamh ar an gcúirt sa Mhám, mar shampla, ba bheag sólaistí ná bia a bhí le fáil ach muigín tae Tigh Keane agus seans, Kit Kat, má bhí ceann fágtha ina ndiaidh ag na siúlóirí sléibhe ag an deireadh seachtaine.
Bainim an-sásamh as an bhfás ollmhór atá tagtha ar acmhainní agus ar sheirbhísí do thurasóirí. Feictear dom nach bhfuil baile beag sa tír anois nach bhfreastalaíonn ar riachtanais turasóireachta de shaghas éicint.
Agus cabhraíonn sé sin go mór lenár dtuiscint agus lenár meas ar a bhfuil le feiceáil agus le déanamh sa tír seo.
Agus mé i gCora Droma Rúisc an tseachtain seo caite, rinne mé iontas den méid bialanna éagsúla a bhí scaipthe thart ar an mbaile. Ní rabhadar ar fad oscailte ach beidh, an tseachtain seo chugainn. Bhí an chuid acu a bhí ag freastal ar bhoird taobh amuigh nó ag soláthar ‘bia beir leat’ ag déanamh thar cionn.
Agus ag fágáil cúrsaí bia de leataobh ar feadh nóiméid, tá rud eile tarlaithe in Éirinn. Tá áiseanna turasóireachta forbartha anois in áiteacha nach mbeadh tú ag súil leo. Nuair a bhí mise óg, théadh mé féin agus an deartháir óg ag iascach ar Loch Uí Ghaora, gar do Bhealach an Doirín. Slat iascaigh bambú – ceann fada tanaí – a bhíodh againn. Ar chuma éigin bhíomar in ann iad a iompar ar an rothar.
I measc an iliomad bróisiúr turasóireachta a léigh mé an tseachtain seo caite, in óstán i lár bhaile Chora Droma Rúisc, chonaic mé go bhfuil ionad úrnua ‘Lough Gara Adventures’ oscailte gar do Mhainistir na Búille agus don loch. Tá réimse spéisiúil eachtraí gur féidir leis an gclann uilig páirt a ghlacadh iontu – marcaíocht, lámhach crécholúr, spraoi le peataí agus turas báid chuig crannóg agus dún.
Ní fhaca mé aon tagairt don iascach le slat bambú. Ach ní féidir na rudaí mealltacha, iontacha ar fad a chur ar fáil ar an bpointe.
Fág freagra ar 'An bhfanfaidh daoine sa tír seo nuair nach mbeidh aon bhrú orthu sin a dhéanamh?'