An Bheilg dearg le fearg ag Euro 2016

Creidtear sa Bhruiséil go bhfuil an brú ar fad ar fhoireann na Beilge anois chun jab maith a dhéanamh sa chluiche in aghaidh na hÉireann tráthnóna amárach

Kevin De Bruyne
Kevin De Bruyne

Cé gur thosaigh foireann na Beilge amach mar rogha na coitiantachta i ngrúpa E ag tús an chomórtais seo, fágadh lucht tacaíochta na nDiabhal Dearg (mar a thugtar ar fhoireann náisiúnta na Beilge) dearg le fearg mar gheall ar an gcluiche díomách a bhí acu sa chéad bhabhta seo. Tá clú agus cáil ar chuid mhaith d’imreoirí na Beilge mar gheall ar a gcuid gaisce i bpríomhroinn Shasana ach, cé gurb í na Diabhail Dhearga an fhoireann náisiúnta is costasaí de réir luach na n-imreoirí sa chomórtas seo, ní dóigh le muintir na Beilge go bhfuarthas luach ar an airgead sin go dtí seo. Gan amhras, fuair na Diabhail féin cáineadh láidir i roinnt de na meáin náisiúnta mar gheall ar an gcluiche lag seo in aghaidh na hIodáile.

 Anois agus an chéad chluiche imeartha ag tús na seachtaine ag foirne na Beilge agus na hÉireann in aghaidh na hIodáile agus na Sualainne faoi seach, tá an dá fhoireann réidh chun aghaidh a thabhairt ar a chéile tráthnóna amárach in Bordeaux na Fraince. Siúlfaidh siad amach ar pháirc na himeartha, Stade de Bordeaux, tamaillín roimh a trí a chlog.

 Ó d’éirigh leis na hÉireannaigh cúl amháin agus pointe amháin a fháil ón gcéad chluiche acu an Luan seo caite i bPáras, tá an brú ar fad ar fhoireann na Beilge anois chun jab maith a dhéanamh den chluiche tábhachtach seo dóibh amárach. Gan oiread agus pointe amháin faighte acu go fóill, agus iad síos dhá chúl cheana, tá na Diabhail Dhearga fágtha ag bun an ghrúpa agus foireann na hÉireann sa dara háit.

I dtuairisc sa nuachtán Bruiséileach, Metro, maidin inné, luaitear an brú céanna seo nuair a deirtear go bhfuil ” une sensible hausse de pression sur les épaules des Diables, [qui] les oblige à remporter à tout prix le deuxième match”, sé sin, go bhfuil an-bhrú go deo ar na Diabhail Dhearga agus nach mór dóibh an bua a bhaint amach sa dara cluiche seo dóibh. Féach anseo chun teacht ar an anailís is déanaí agus chun léamh faoi chluichí eile na seachtaine seo freisin.

 Beidh sé suimiúil féachaint ar liosta na n-imreoirí a fhógrófar don chluiche seo amárach ach is féidir a bheith lánchinnte de go mbeidh focail láidre ag Marc Wilmots lena chuid tosaithe chomh maith le himreoirí lár páirce sula leagann foireann na Beilge oiread agus cos amháin ar an bhféar amárach. Faoi láthair, tá gach cuma ar an scéal go ndéanfaidh Eden Hazard agus Kevin de Bruyne ionsaí géar ar chúl-líne na hÉireann ón gcéad nóiméad sa chluiche agus nach dtabharfar faoiseamh ná sos ar bith do lucht na ngeansaithe glasa go dtí  go marcálann na Diabhail scór amháin ar an gclár.

Gan aon amhras beidh géarchomórtas idir an dá thaobh ó thús go deireadh an chluiche agus is féidir bheith ag súil le cluiche fuinniúil agus deargchogadh gan trócaire.

Ar ndóigh, bhí an teachtaireacht seo soiléir go leor in agallamh leis an nuachtán céanna nuair a mhaígh Marc Wilmots nach raibh caillte acu ach an chéad chath agus go raibh toradh deiridh an chogaidh fós gan tuar, “nous avons perdu une bataille, pas la guerre”.

Má éiríonn le foireann na hÉireann an chéad chúl a fháil, beidh sé an-tábhachtach gan an botún céanna a dhéanamh agus a rinneadh in aghaidh na hIodáile, an iomarca spáis agus saoirse a thabhairt don taobh eile.

Fág freagra ar 'An Bheilg dearg le fearg ag Euro 2016'