An ann do Neamh, d’Ifreann agus do Phurgadóir?’

CUIMHNE AGUS DEARMAD: An mhí seo: agus ár gcolúnaí ag iarraidh dul i ngleic leis an tuiscint nár aithin a mháthair féin a thuilleadh é, thosaigh áitritheoir eile san ionad cúraim d’othair Alzheimer á cheistiú faoi chúrsaí spioradálta 

An ann do Neamh, d’Ifreann agus do Phurgadóir?’

Bhí cúig mhí ann ó bhí mé sa bhaile, agus, dá bharr sin, bhí an t-achar céanna ann ó thug mé cuairt ar mo mháthair go deireanach san ionad cúraim mar a bhfuil cónaí uirthi le bliain go leith anuas, ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.

Ar chúiseanna éagsúla – ganntanas foirne san ionad cúraim sin, achar airde an-ghearr mo mháthar – níor éirigh liom labhairt léi i bhfísghlaonna ach go fíorannamh agus mé ar an taobh eile den domhan, sa Bhrasaíl.

Am lóin a bhí ann nuair a bhain mé an t-ionad cúraim amach. Bhí mo mháthair ina suí sa bhialann, a droim casta i dtreo an dorais, agus ní fhaca sí ag teacht isteach mé. Bhí sí ag útamáil leis an éadach boird. Há, a shíl mé liom féin, nach uirthi a bheidh an t-ionadh anois má bheirim barróg uirthi!

Ach ‘heileo’ féin ní raibh aisti, gan trácht ar mhiongháire nó fianaise éigin eile a léireodh gur aithin sí a céad mhac. Choinnigh sí uirthi ag méaraíocht ar an éadach boird.

Bhí fear ar an taobh eile den bhord ag cur a shúl liathghorm tríom. ‘An sagart thú?’ a d’fhiafraigh sé díom.

Bhí geansaí dubh orm, is ea, ach ní raibh Bíobla faoi m’ascaill ná buidéal den uisce beannaithe i mo ghlac nó rud ar bith mar sin. Ach níor luaithe i mo shuí ag an mbord mé – in aice leis an bhfear sin agus trasna ó mo mháthair, ag súil go n-aithneodh sí ar ball mé – nó thosaigh an fear ar fhaoistin.

‘Tá mearbhall intinne orm,’ a dúirt sé.

Dáiríre? a shíl mé liom féin, nach mór an t-iontas é sin agus cónaí ort in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil Alzheimer orthu. Ach ní dúirt mé sin.

‘Tarlaíonn sé sin dúinn uilig ó am go chéile,’ a d’fhreagair mé, teagmháil súl á seachaint agam, agus rinne miongháire le mo mham, a choinnigh uirthi leis an éadach boird.

‘Duine deacair mé,’ a dúirt an fear.

Thréaslaigh mé a chuid féintuisceana leis. ‘Ach nach iontach go dtuigeann tú féin an méid sin?’

‘Bíonn mo chuid néaróg ag cur as dom. Is é an chaoi go raibh mo dheartháir mór i gcónaí níos fearr ná mise ag chuile shórt,’ a dúirt sé agus thosaigh ar scéal fada faoi chailín a d’iompaigh ina Caitliceach ar a shon, ionas go bhféadfadh sé í a phósadh, ach a tharraing amach ag an nóiméad deireanach.*

Idir an dá linn bhí mo mháthair ag baint súmóga as muigín nach raibh aon bhainne ann. D’inis mé di faoin aistear fada trasna an Atlantaigh a bhí díreach curtha díom agam ach leathfhocal féin ní raibh aisti.

‘B’fhearr mura mbeinn tagtha ar an saol ar chor ar bith,’ a dúirt an fear taobh liom, ag cur deireadh lena fhaoistin go hachoimreach. Lean mo mháthair uirthi ag baint súmóga as an muigín folamh agus cuireadh babhlaí ar an mbord a raibh leacht patuar trédhearcach iontu ina raibh cúpla glasra ar foluain.

Gan choinne, rug an fear ar mo lámh. ‘An ann do Neamh, d’Ifreann agus do Phurgadóir?’ a d’fhiafraigh sé, ag cur na súl tríom in athuair.

Rith sé liom go raibh cosúlachtaí áirithe idir an dá áit dheireanach sin agus galar Alzheimer, ach choinnigh mé guaim orm féin. Thóg mé anáil fhada agus dúirt: ‘Ní sagart mé. Iriseoir atá ionam.’

‘Iriseoir,’ a dúirt sé go machnamhach. ‘Ní dóigh liom gur casadh iriseoir orm riamh cheana.’

‘Cén tslí bheatha a bhí agat féin?’ Bhí sé chomh maith agam beart a dhéanamh de réir mo bhriathair.

‘Bhí bácús arán seagail agam.’

Anois tháinig tuin mhachnamhach ar mo ghlór féin. ‘Arán seagail … nach aisteach an scéal é sin … Is é an chaoi go raibh bácús ag athair mo mháthar freisin … ag mo sheanathair, an dtuigeann tú? Dhéanadh sé arán cruithneachta agus cácaí agus brioscaí agus chuile shórt ach níor chuala mé riamh go ndéanadh sé arán seagail.’

Trasna uaim, ar an taobh eile den bhord, leath miongháire ar aghaidh mo mham. Ní dóigh liom gur aithin sí fós mé, ach ba léir gur thuig sí go raibh aithne mhaith agam uirthi.

An lá dár gcionn, fuair mé amach gurb é an fear céanna sin an fear a bhí i gceist san eagrán seo den cholún seo

Fág freagra ar 'An ann do Neamh, d’Ifreann agus do Phurgadóir?’'