Amhras faoi chúrsaí airgeadais i Stormont…

D’fhéadfadh scannal NAMA ó Thuaidh stangadh a bhaint as saol na polaitíochta fós

Stormont. Pictiúr: Photocall
Stormont. Pictiúr: Photocall

Tá Stormont faoi néal i ngeall ar na líomhaintí a rinne an Teachta Dála Mick Wallace faoi ‘scannal’ NAMA i leith sealúchais i dTuaisceart Éireann. Má chruthaítear go raibh polaiteoir ag éileamh ‘táille’ as idirbheart airgeadais bainfear croitheadh ollmhór as na hinstitiúidí polaitíochta.

Sin é an t-ábhar is mó atá ag caitheamh amhrais ar ionracas airgeadais na bpolaiteoirí ach ní hé an t-aon ábhar amháin é. Bhí mionscannal ann cheana i dtaca le costais agus tá moltaí úra foilsithe anois chun rialacha maidir le maoiniú poiblí do pholaiteoirí a dhaingniú.

Bhí an Tionól ar fionraí cheana féin le haghaidh shaoire an tsamhraidh nuair a rinneadh na líomhaintí faoi mhargadh £1.3 billiún a rinne NAMA le comhlacht Meiriceánach, Cerberus. Bhí 850 foirgneamh i dTuaisceart Éireann san áireamh sa mhargadh sin ach tá eolas breise tagtha chun solais anois faoi £7 milliún a bheith curtha i gcuntas rúnda ar Oileán Mhanann i dtaca leis an idirbheart. Táthar ag líomhain go raibh airgead le tabhairt do pholaiteoir agus do dhaoine eile nár ainmníodh go fóill as an £7 milliún sin.

Thuairiscigh an Irish News go bhfuil 30 uair an chloig de chomhrá a taifeadadh ar téip i dtaisce ag comhlacht dlíodóirí i mBéal Feirste. I ngan fhios a rinneadh an taifeadadh agus is cosúil go míníonn an comhrá conas a cuireadh an £7 milliún ar fáil do ‘éascaitheoirí’ an mhargaidh. Scéal mór atá ann cheana; d’fhéadfadh gur scéal millteanach a bheidh ann faoina dheireadh.

Rinneadh Coiste Airgeadais an Tionóil a athghairm maidin Dé Máirt chun an scéal a fhiosrú ach ceaptar nach nochtfar iomlán na fírinne go ceann tamaill. Beidh an coiste ag éileamh eolais ó Cerberus, ó Mick Wallace, ó NAMA, ó chomhairleoirí logánta a bhí ag obair le Nama, agus ó dhlíodóirí Tughans, ar b’é a iar-phríomh phairtnéir a chuir an t-airgead sa chuntas in Oileán Mhanann. Tá ceisteanna ag tarraingt ceisteanna eile agus freagraí dlite do shaoránaigh thuaidh agus theas.


 

Is é an rud is annamh is iontach ach bhí gach páirtí ó Thuaidh ar aon fhocal faoi mhionghné de phróiseas comhairliúcháin atá foilsithe ag an bhforas a rialaíonn costais.

Baineann an próiseas comhairliúcháin seo le costais taistil, le hoifigí toghcheantair agus le cúram leanaí. Tá moltaí fiúntacha leagtha amach, mar shampla laghdú a dhéanamh ar an tsuim a cheadaítear do Theachta aonair le haghaidh cíos oifige má bhíonn an oifig sin á roinnt le hionadaí eile – £8,000 do theachta aonair; £6,000 do bheirt teachtaí; £4,000 do theachta atá in aon oifig le feisire Parlaiminte nó le Comhairleoir. Teastaíonn aischothú ón bpainéal freisin faoin mholadh laghdú a dhéanamh ar mhaoiniú muna mbíonn oifigí oscailte sa tráthnóna uair sa tseachtain agus ar an Satharn uair sa mhí. Tá athruithe suntasacha ar chostais taistil molta freisin. Éilíonn roinnt Teachtaí suas le £12,000 sa bhliain le taisteal go Stormont agus go himeachtaí sa toghcheantar, ach tá Teachtaí eile ann nach n-éilíonn tada. Táthar ag cuimhneamh ar chóras nua maoinithe a thabhairt isteach agus é bunaithe ar fhairsinge an toghcheantair agus ar a fhaide is atá sé ó Stormont féin.

Ní hiad na moltaí sin a tharraing an t-aontú neamhghnách, áfach, ach na cinn a d’éiligh go mbeadh oifigí toghcheantair ‘neodrach,’ gan bhratacha ná suaitheantais iontu, agus go ngearrfaí costais orthu dá ndéanfadh siad a mhalairt.

Níl mórán céille leis mar mholadh. Ba dheacair a leithéid de riail a shamhlú a bheith i bhfeidhm i Sasana, in Albain nó sa Bhreatain Bheag. Níos measa fós, tharraing sé aird an phobail ó na moltaí fiúntacha a rinneadh faoi fhreagracht i leith airgid phoiblí. Is mó a theastaíonn an fhreagracht sin anois ná riamh.

Fág freagra ar 'Amhras faoi chúrsaí airgeadais i Stormont…'