
Tá amhras ann faoi bhailíocht an fhógra do chonradh nua do sheirbhís aeir d’Oileáin Árann agus é tugtha le fios ann gur i mBéarla amháin a ghlacfar le tairiscintí.
Ba í an Oifig um Sholáthar Rialtais ‘thar ceann’ an Aire Ealaíona, Oidhreachta agus Gaeltachta, a thug an cuireadh chun tairiscintí don chonradh nua ar an suíomh etenders.ie Dé hAoine seo caite.
San fhógra sin don chonradh aersheirbhíse, deirtear nach ceadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla.
Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go dtabharfadh comhlacht poiblí freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach a dhéantar sa teanga sin.
D’fhéadfadh iarratasóir nach n-éireodh leis ina leithéid de phróiseas tairisceana poiblí dúshlán cúirte a thabhairt sa chás go gcruthófaí go raibh amhras ann go raibh lúb ar lár sa phróiseas tairisceana.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le Tuairisc.ie nach béas lena oifig tagairt do chásanna nach bhfuil gearán ón bpobal faighte ina dtaobh, ach dheimhnigh sé nach bhfuil cead ag comhlacht poiblí a éileamh gur i dteanga oifigiúil amháin a dhéanfaí cumarsáid leis.
“Ní féidir le comhlacht poiblí aon chonstaic ná caiteachas breise a leagan ar bhall den phobal de thoradh gur roghnaigh siad comhfhreagras a dhéanamh i dteanga oifigiúil de chuid na tíre seo.
“Is ar an gcomhlacht poiblí féin a thiteann an dualgas a chinntiú go bhfuil córais chuí in áit acu chun aistriúchán cruinn a dhéanamh sa chás go dteastódh sin uathu. Leagadh síos an bunphrionsabal seo in imscrúdú a rinne an Oifig [Oifig an Choimisinéara] le linn na bliana 2008,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.
Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie gur “chóir ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana a chur chuig an Oifig um Sholáthar Rialtais”.
Dúirt an t-urlabhraí go raibh an “rogha ann” san “Iarratas ar Thairiscint féin…é a chur ar aghaidh i nGaeilge nó i mBéarla”.
Tá iarratas ar ráiteas faoin scéal déanta ag Tuairisc.ie leis an Oifig um Sholáthar Rialtais.
Dúirt an Coimisinéir Teanga le Tuairisc.ie nach bhféadfadh sé “aon réamhbhreithiúnas a thabhairt” ar aon ábhar a chuirtear faoina bhráid “gan é a bheith fiosraithe go hiomlán”.
Fág freagra ar 'Amhras faoi chonradh nua aersheirbhís Oileáin Árann agus tairiscintí iarrtha i mBéarla amháin'