Amhránaithe óga ar an sean-nós ag triall ar Ghaillimh do chomórtas tríú leibhéal

Is é an t-aon chomórtas dá leithéid atá dírithe ag an sean-nós ag an tríú leibhéal agus tá an comórtas ag treisiú ó bhliain go bliain

Amhránaithe óga ar an sean-nós ag triall ar Ghaillimh do chomórtas tríú leibhéal

Tá ardú i mbliana ar líon na n-iarratas atá faighte don chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, Corn Uí Chon Cheanainn, a bheidh ar bun in Ollscoil na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo. Tá an comórtas seo dírithe ar mhic léinn atá cláraithe in institiúidí tríú leibhéal ar fud na hÉireann agus thar lear.

Is é an t-aon chomórtas dá leithéid atá dírithe ag an sean-nós ag an tríú leibhéal agus tá an comórtas ag treisiú ó bhliain go bliain.

Fear óg as Gleann Trasna, Conamara, Rónán Ó Conghaile, a thug an chraobh leis anuraidh sa gcomórtas.

I gcuimhne ar an amhránaí sean-nóis, Ciarán Ó Con Cheanainn a bunaíodh an comórtas sa mbliain 2015 i mBaile Átha Cliath. Is iad a chairde agus a chomhghleacaithe san gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a bhunaigh an comórtas bliantúil chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht Chiaráin agus chun deis a thabhairt do scoláirí tríú leibhéal a mbuanna agus a dtallann amhránaíochta a léiriú agus a cheiliúradh.

Beidh an comórtas á reáchtáil in Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, áit a ndearna Ciarán a bhunchéim, agus an comórtas ar iasacht ag an ollscoil le trí bliana anuas.

Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sáile Chuanna, i gCois Fharraige, áit a bhfuil cónaí fós ar a mháthair, Brídín. D’fhreastail sé ar Scoil Shailearna agus ar Choláiste Cholmcille agus fiú agus é an-óg, bhí gealladh faoi agus is iomaí duais litríochta a ghnóthaigh sé.

Fios agus craic a thug go ranganna amhránaíochta Mháire Pheitir Uí Dhroighneáin é ach thuig sé féin agus a mheantóir tar éis tamaill go raibh bua na hamhránaíochta aige. Is iomaí comórtas amhránaíochta a bhuaigh Ciarán: Fleadh Cheoil na hÉireann, Corn Mháire Nic Dhonnchadha, Comórtas Sean-nós na bhFear agus ba é an duine ab óige é ag an am a chroch leis Corn Uí Riada in 2008. Scoláire léannta a bhí ann chomh maith agus is ag gabháil den PhD a bhí sé nuair a bhásaigh sé i mí Feabhra na bliana 2009.

Bhí slua breá i láthair ag comórtas na bliana seo caite agus tá an lucht eagraithe ag súil go mbeidh freastal láidir ar an ócáid arís i mbliana. Tá urraíocht fhlaithiúil faighte acu ó Oireachtas na Gaeilge, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Foras na Gaeilge, Ciste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge, Gaillimh le Gaeilge, Gael linn agus Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Déanfar beoshruthú freisin ar an gcomórtas ar leathanach facebook Corn Uí Chon Cheanainn. Cuirfear tús leis an gcomórtas ar an Satharn, 8 Márta ag 1.00 i.n. in Áras na nGael in Ollscoil na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Amhránaithe óga ar an sean-nós ag triall ar Ghaillimh do chomórtas tríú leibhéal'