Amhráin nuachumtha Ghaeilge á lorg do Chomórtas Amhrán Náisiúnta Pan-Cheilteach

Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, ó ghrúpaí ceoil agus ó bhannaí, agus glacfar le gach saghas stíl cheoil

Amhráin nuachumtha Ghaeilge á lorg do Chomórtas Amhrán Náisiúnta Pan-Cheilteach

Tá iarratais á lorg do Chomórtas Amhrán Náisiúnta Pan-Cheilteach a bheidh ar siúl i gCeatharlach sa Mhárta seo chugainn. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus caithfidh na focail agus an ceol a bheith nuachumtha.

Cuirfear fáilte roimh amhráin ó amhránaithe aonair, ó ghrúpaí ceoil agus ó bhannaí, agus glacfar le gach saghas stíl cheoil – ceol traidisiúnta, popcheol, ceol tíre, rac-cheol, snagcheol agus seánraí eile nach iad.

Déanfar gearrliosta de na hiarratais is fearr agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh ag an gcomórtas náisiúnta a reáchtálfar in Óstán Seven Oaks, Ceatharlach ar an Satharn, an 10 Márta. Beidh ar na hiarrthóirí a n-amhrán a chanadh beo os comhair painéal moltóirí ag an ócáid agus déanfar na hamhráin  a mheasúnú ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an chur i láthair.

Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh agus canfaidh ar son na hÉireann ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan-Cheilteach 2018 a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn aimsir na Cásca. Íocfar duais airgid €1,000 leis an amhrán a roghnófar mar amhrán na hÉireann.

Beidh amhrán buacach na hÉireann san iomaíocht ag an bhféile idirnáisiúnta leis na hamhráin náisiúnta eile as Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin agus  iad sa tóir ar an trófaí Pan-Cheilteach agus príomhdhuais na féile.

Ní mór d’iarratais a bheith istigh faoi 26 Eanáir 2018 agus níor cheart don amhrán a bheith níos faide ná ceithre nóiméad go leith ar fad.

Ba í an t-amhránaí Emer Ní Fhlaitheartaigh a bhuaigh

comórtas na bliana 2017 lena hamhrán ‘Taibhse’. Chuaigh Ní Fhlaitheartaigh ar aghaidh chuig an gcomórtas idirnáisiúnta agus ba í a bhuaigh é sin freisin.

Fág freagra ar 'Amhráin nuachumtha Ghaeilge á lorg do Chomórtas Amhrán Náisiúnta Pan-Cheilteach'