Alan Shatter féin i mbun ‘political assassination’ ina leabhar nua

Labhraíonn gach polaiteoir go místuama uaireanta, ach tá áibhéil dhochosanta i leabhar Alan Shatter

Alan Shatter féin i mbun ‘political assassination’ ina leabhar nua

Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

D’éirigh Alan Shatter as a phost mar aire dlí agus cirt cúig bliana go ham seo. Glacadh leis go forleathan in 2014 gurbh amhlaidh go raibh an Taoiseach Enda Kenny ar tí é a bhriseadh as a phost, ainneoin an ghnáthráitis bhuíochais a d’eisigh Kenny nuair a d’fhógair Shatter féin go raibh sé ag imeacht.

Mhol Shatter saothar an Taoisigh ina ráiteas imeachta agus ghabh sé buíochas leis as ucht gach tacaíocht agus cabhair a thug sé dó mar aire. Bhí sé ag éirí as a phost, dar leis féin, ionas nach dtarraingeofaí aird ón obair thábhachtach a bhí idir lámha ag an rialtas, agus mar sin de. 

Níor thug Kenny ná Shatter míniú sásúil ar ar tharla an uair sin, ach ba léir do chách an fáth go raibh an rialtas, agus Shatter go háirithe, faoi bhrú. Ní raibh eolas iomlán ar fáil faoi chás an tSáirsint Maurice McCabe, ach chuir an feachtas ina choinne sna Gardaí imní ar mhórán. 

Dhá mhí sular fhág Shatter an rialtas, d’éirigh Coimisinéir na nGardaí Martin Callinan as a phost. Ní dhearna Callinan ná an rialtas cur síos ar bith ar an bhfáth gur éirigh seisean as phost ach oiread.

Níl míniú sásúil ar eachtraí na bliana sin ná ar an ngéarchéim sa Gharda Síochána sa leabhar fada cáinteach atá scríofa ag Alan Shatter, Frenzy and Denial – The Anatomy of a Political Assassination. Éirim an leabhair, in aon abairt amháin: díbríodh go héagórach as oifig é mar gheall ar ráflaí, mídhílseacht agus mífhreagracht agus/nó tuairisceoireacht chlaonta sna meáin.

Chuaigh Alan Shatter chun cúirte ó shin agus tugadh breithiúnas nár caitheadh go cothrom leis agus a ndearna sé mar aire á iniúchadh. Ní ghéilleann sé sa leabhar go bhféadfadh go raibh aon bhaint ag éagumas ná drochbhreithiúnas pearsanta lenar tharla. Sin ráite, d’fhéadfaí leabhair a scríobh go leor iarpholaiteoirí eile (chaill sé a shuíochán in olltoghchán 2016) a lochtú ar an gcúis chéanna. 

Tá idir pholaiteoirí agus iriseoirí cáinte go géar agus go forleathan sa leabhar, agus beidh tuairimí éagsúla gan dabht ag léitheoirí ina thaobh.

Ach ní foláir tagairt a dhéanamh do mhír cháinteach áirithe sa leabhar ina gcuireann sé meon frithGhiúdach i leith Willie O’Dea ó Fhianna Fáil.

Tá cáineadh Shatter bunaithe ar a ndúirt an Teachta Dála as Luimneach le linn na díospóireachta ar an rún mímhuiníne i Shatter mar aire a cuireadh faoi bhráid na Dála ar an 1 Aibreán 2014, agus go háirithe ar an abairt seo a leanas: 

‘The Minister’s name has become a watchword for hubris, arrogance, intellectual superiority and the inability to admit even the slightest mistake.’

Is i gcaibidil dár teideal ‘The Arrogant and Perfidious Jew’ a cháineann Shatter an ráiteas thuas – ráiteas a bhí thar a bheith pearsanta agus maslach, dar leis. Leanann sé lena cháineadh mar seo:

‘The ‘arrogant Jew’ is a centuries old anti-Semitic depiction of Jewish people who stand up for themselves, have the courage of their convictions and who are neither servile nor compliant.’

Tabhair faoi deara gur idir uaschamóga a scríobh Alan Shatter na focail ‘arrogant Jew’ cé nár dhúirt Willie O’Dea ná aon duine eile a luaitear sa leabhar na focail sin. Níor thagair O’Dea ach oiread do chúrsaí creidimh ná cine, go díreach ná go hindíreach, agus Shatter á cháineadh aige.

Tá frithGhiúdachas nó frith-Sheimíteachas curtha i leith Willie O’Dea ag Shatter mar sin gan fianaise ar bith ann go raibh a leithéid i gceist.

Is dlúthchuid den saol polaitiúil go bhfuil lánchead ag Teachtaí Dála sotal, chomh maith le go leor drochthréithe eile, a chur i leith a chéile. Go minic, ní bhíonn mórán fianaise, nó scaití ní bhíonn fianaise ar bith ann, go bhfuil bunús réasúnta leis an gcáineadh.

Tá dualgas ar gach polaiteoir staonadh ó fhrithSheimíteachas agus ciníochas de shaghas ar bith, agus dualgas chomh maith air a leithéid a cháineadh nuair is ann dó. 

Tuilleann fuath dá leithéid i mbriathra polaiteora cáineadh gan choinníoll. Ní léir a leithéid in aon chor san óráid Dála atá faoi chaibidil i leabhar Alan Shatter. 

Frenzy and Denial – The Anatomy of a Political Assassination, Merrion Press (níl praghas luaite ar an gclúdach)

Fág freagra ar 'Alan Shatter féin i mbun ‘political assassination’ ina leabhar nua'