Ar feadh na mblianta ó síníodh Comhaontuithe Osló i 1993, chuala muid ó cheannairí thíortha an Iarthair gur chóir fanacht le críoch a chur leis an bpróiseas síochána idir Iosrael agus na Palaistínigh sula dtabharfaí aitheantas do stát na Palaistíne.
Bhí an argóint seo bunaithe ar an tuiscint go mbeadh réiteach dhá stát mar thoradh ar idirbheartaíochtaí síochánta, agus go mbeadh stát Palaistíneach in aice le stát Iosraelach, ag maireachtáil go síochánta taobh le taobh.
Ach i rith na tréimhse sin, lean Iosrael ar aghaidh ag leathnú lonnaíochtaí Iosraelacha sna críocha atá faoi fhorghabháil, ag tógáil ballaí, ag cur srianta ar ghluaiseacht na bPalaistíneach, agus ag cur deireadh le haon seans réalaíoch ar stát Palaistíneach inmharthana. Tháinig méadú faoi cheathair sa tréimhse sin ar líon na lonnaitheoirí agus bhí níos mó ná dúbailt ar líon na lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar. Tá na lonnaíochtaí anois chomh fairsing sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta stát Palaistíneach a bhunú gan glanadh eitneach a dhéanamh ar na céadta míle Iosraelach atá ina gcónaí sna críocha sin.
Is ionann tíortha san Iarthar a bheith ag tabhairt aitheantais do stát na Palaistíne agus admháil go ndearna siad botún sna blianta roimhe seo. Ach tá an t-aitheantas seo tagtha ródhéanach. Ní féidir stát Palaistíneach a bhunú ar bhonn tíreolaíoch, daonra ná polaitiúil gan dul i muinín beartais atá contrártha leis an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail dhaonlathacha.
Tá gá anois le hathrú radacach i gcur chuige an phobail idirnáisiúnta agus na gceannairí Palaistíneacha. Ní leor a thuilleadh an aisling dhá stát a choinneáil beo mar fhís pholaitiúil nuair atá an réaltacht ar an talamh ag cur deireadh leis an bhféidearthacht sin. Tá sé in am glacadh leis an bhfírinne: níl aon stát Palaistíneach inmharthana fágtha.
Ina áit sin, ba chóir díriú ar fheachtas ar son cearta cothroma do Phalaistínigh laistigh de stát dénáisiúnach. Tá sampla stairiúil ann a léiríonn gur féidir le feachtas den sórt sin dul i bhfeidhm: an feachtas i gcoinne na cinedheighilte san Afraic Theas. Trí smachtbhannaí eacnamaíochta, cultúrtha agus polaitiúla, agus trí aonrú idirnáisiúnta, cuireadh brú ar an stát sin chun athrú a dhéanamh.
Is féidir an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm i gcás Iosrael. Má leanann Iosrael ar aghaidh ag diúltú cearta bunúsacha do Phalaistínigh, ní bheidh sé in ann an fód a sheasamh go deo i gcoinne feachtas domhanda ar son ceartais. Ní féidir le tír ar bith, fiú tír chomh cumhachtach le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cur i gcoinne gluaiseacht dhomhanda atá bunaithe ar phrionsabail dhaonna agus ar cheartas go deo.
Tá rogha shoiléir ag Iosrael anois: leanúint ar aghaidh mar stát Giúdach bunaithe ar chinedheighilt, nó bogadh i dtreo stát dé-náisiúnach daonlathach ina bhfuil cearta cothroma ag gach saoránach, beag beann ar a náisiúntacht, a reiligiún nó a mbunadh eitneach.
Ní mór don phobal idirnáisiúnta, do na Náisiúin Aontaithe, don Aontas Eorpach, agus do thíortha aonair a bhfuil tionchar acu, an réaltacht seo a aithint. Ní leor a thuilleadh ráitis dheasa ná aitheantas siombalach. Tá gá le gníomhartha nithiúla: smachtbhannaí, brú taidhleoireachta, agus tacaíocht do ghluaiseachtaí ar son cearta daonna.
Ag an am céanna, ní mór do cheannaireacht na bPalaistíneach athmhachnamh a dhéanamh ar a straitéis. Tá an aisling dhá stát imithe. Tá gá le fís nua – fís atá bunaithe ar chomhionannas, ar dhaonlathas agus ar chearta daonna do chách. Ní bheidh sé éasca, ach níl rogha ar bith eile fágtha. Cuireadh an tríocha bliain dheireanach amú le polasaí nach raibh mar thoradh air ach aisling náisiúnta na bPalaistíneach a mharú agus fad a chur lena bhfulaingt. An gcuirfear tríocha bliain eile amú sula nglacfar leis go bhfuil Palaistínigh agus Iosraelaigh go bunúsach ag maireachtáil sa tír chéanna?
Peter Logan
Tá go maith. Is cur síos cruinn é an píosa seo. Ba é sinn fís Tony Just sular fuar sé bás fíche bliain ó shin. Is in olchas a chuaigh na cúrsaí ó shin i leith agus Nethanyahu ag tréigh an tír go leanúnach sa dtreo agus nach bhuil cara ar bith fágtha aici ach amháin an Trumpach, mó léann.
Agus Sin Sin
Beidh Rialtas Iosrael ag tabhairt high fives dá chéile ag léamh seo. Stát Dé-náisiúnach?! Bheadh sé níos marfaí ná Bosnia agus Rwanda. Níl anseo ach cuireadh do Rialtas Iosrael chun a bhfuil fágtha de mhuintir na Palaistíne a scrios go huile is go hiomlán. :(
Dr Piarda Mór
An nglacfaidh Hamas leis an tairiscint is déanaí t’réis do Netanyahu ‘eagarthóireacht’ a dhéanamh ar an mbunchóip dá dheoin agus dá láimh féin?
Tairiscint arb ionann í agus géilleadh/dí-armáil/spochadh iomlán? An gcuirfear srian le ‘hIosrael na Breise’, fís mhór Netanyahu agus na heite deise sin atá mar chranntaca aige?
An mbronnfaí an stádas céanna saorántachta in Iosrael ‘dhaonlathach’ ar Phalaistínigh san Iosrael Breise sin más ann di?
An gcuirfí stop leis an drochíde, leis an ísliú, leis na maslaí, leis an ocras, leis an gcinedhíothú laethúil?
Ní dea-chomhartha é an clab go cluasa a bhí ar ‘Bibi’ (ainm cheana Trump air) t’réis dó bheith ‘i gcomhairle’ leis.
Ní i bpáirt leis na Palaistínigh atá Uachtarán Mheiriceá.
Nach óna ordú sin a aistríodh ambasáid SAM go hIarúsalem.
Agus, breathnaigh na billiúnaithe atá laistiar dó agus ar na daoine atá ar gach taobh dó.
Tabhair faoi deara freisin go bhfuil “USA” greanta go soiléir ar gach buama a raidtear anuas ar ainniseoirí bochta Gaza.
Pádraig
Judea & Sumaria, sin é a thugann náisiúnaithe na heite deise in Iosrael ar an mBruach Thiar agus tá mar aidhm acu na tailte sin a thógaint ar láimh agus na Pailistínigh a dhíbirt nó a mharú, céim ar chéim. Tá dlús curtha faoi bheartas na lonnaíochtaí ó Dheireadh Fómhair 2023. Níl Gaza inmharthana a thuilleadh, léirscrios ifreanda déanta ag Iosrael ar Gaza ó bhun go barr, ar thithe, árasáin, óispidéil, scoileanna, moscanna, ollscoileanna, árais chultúrtha, ar an mbonneagar séarachais, toibreacha fíoruisce (75%), stáisiúin aibhléise, feirmeacha, ainmhithe feirme, na crainn agus crainn ológa go háirithe. Ní mhaireann beo de leanaí faoi bhun 2 bhliain d’aois ach fíorbheagán. Tá nimhiú as cuimse déanta ar an ithir sa chaoi is go mbeidh cuid mhór di gan mhaith go ceann i bhfad i bhfad aimsire.
An Nakba a thabhairt chun críche a bhí agus atá mar aidhm ag na hIosraelaigh agus sin é an fáth gur mealladh Hamas isteach sa ghaiste sin i mí Dheireadh Fómhair 2023.
Bhí ‘cúis’ ag Netanyahu ansin orthu agus tá ó shin i leith.
Agus Stáit Aontaithe Mheiriceá bonn araon leis ón tús.