Aistriúchán nua Gaeilge le Nuala Uí Dhomhnaill le stáitsiú ag Amharclann na Mainistreach

Beidh Na Peirsigh, aistriúchán Nuala Ní Dhomhnaill ar thraigéide Ghréagach Aeschylus, ar siúl mar chuid de The Gregory Project an bhliain seo chugainn

Aistriúchán nua Gaeilge le Nuala Uí Dhomhnaill le stáitsiú ag Amharclann na Mainistreach

Tá aistriúchán nua Gaeilge leis an bhfile iomráiteach Nuala Uí Dhomhnaill i measc na saothar atá beartaithe ag Amharclann na Mainistreach do cheiliúradh speisialta ar bhunú na hamharclainne an bhliain seo chugainn.

Beidh Na Peirsigh, aistriúchán Nuala Ní Dhomhnaill ar thraigéide Ghréagach Aeschylus, ar siúl mar chuid de The Gregory Project, a dhéanfaidh ceiliúradh ar oidhreacht Lady Gregory 102 bliain ó bhunaigh sí féin agus WB Yeats Amharclann na Mainistreach.

Beidh Na Peirsigh á stiúradh ag Conor Hanratty agus beidh sé ar stáitse na Péacóige mí an Mhárta agus mí Aibreáin seo chugainn.

Insítear in Na Peirsigh scéal dhíbirt na bPeirseach as an nGréig i ndiaidh Chath Salamis.

Chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar 120 bliain d’Amharclann na Mainistreach déanfar ceiliúradh le linn The Gregory Project freisin ar bhreithlá 60 bliain an drámadóra Marina Carr, ar 40 bliain den Chompántas Amharclannaíochta Rough Magic agus ar 20 bliain de Landmark.

Is minic cáineadh déanta ar Amharclann na Mainistreach as gan drámaí Gaeilge a chur ar stáitse.

In 2016 bhí An Filleadh, dráma do dhaltaí scoile le Alan Titley, ar an gcéad dráma Gaeilge ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach le cúig bliana fichead.

Fág freagra ar 'Aistriúchán nua Gaeilge le Nuala Uí Dhomhnaill le stáitsiú ag Amharclann na Mainistreach'