Tá cleachtadh maith ag Seán Mulkerrin ar thurais fhada. Chomh fada is nach bhfuil an trácht go dona is go bhfuil an fharraige socair, tógann sé thart ar dhá uair an chloig taisteal ó Chill Rónáin ar Inis Mór chomh fada le hionad traenála na Gaillimhe i Leacht Seoirse. Is iondúil go gcaitear an oíche a chaitheamh ar an mórthír sular féidir an turas abhaile a dhéanamh ar an mbád.
Aistear réidh atá ansin le hais an chinn atá Mulkerrin tar éis a chur dó le cúpla bliain anuas, áfach. Tar éis dó a bheith ina chaptaen a fhoirne mionúir agus faoi 20 na Gaillimhe, ba é Mulkerrin an chéad fhear ó oileáin Árann a d’imir d’fhoireann shinsir na Gaillimhe ach ar an drochuair, cuireadh stop tobann leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aige i mí Eanáir 2022.
Agus é ag imirt d’fhoireann Ollscoil na Gaillimhe oíche fhuar gheimhridh i mBaile Átha Cliath, rinneadh smionagar de chaipín glúine Mulkerrin. Thóg sé chomh fada sin ar otharcharr an pháirc a bhaint amach gur cuireadh an chuid eile den chluiche ar ceal agus an Gaillimheach leonta fágtha sínte, é clúdaithe le cótaí agus geansaithe chun faoiseamh a thabhairt dó ón bhfuacht.
Is mór a chaill Mulkerrin agus é gortaithe. Ar an taobhlíne ar mhaidí croise a bhí sé nuair a bhuaigh OÉ Gaillimh Corn Mhic Shigiúir an t-earrach sin agus níor ghlac sé aon pháirt ach an oiread in aistear na Gaillimhe chomh fada le cluiche ceannais sinsir na hÉireann an bhliain chéanna. Bhí an gortú chomh dona sin go raibh amhras ann an éireodh le Mulkerrin imirt go deo arís.
“Déanta na fírinne, bhí muid ag ceapadh, agus níl’s agam céard a cheap sé féin, ach bhí muide ag ceapadh nach n-imreodh sé aon pheil go deo arís. Fiú don chlub,” a deir athair Sheán Mulkerrin, Martin Joe. “Níor cheap muid go dtarlódh sé.”
Léiriú ar thiomantas agus ar dhíograis Uí Mhaoilchiaráin é nach é amháin go bhfuil sé tagtha chuige féin agus é ag imirt arís d’fhoireann na Gaillimhe ach go bhfuil sé ag imirt níos fearr anois ná bhí riamh. Tháinig sé isteach mar ionadaí sa chluiche grúpa i gcoinne na hIarmhí Domhnach Cincíse agus tá a áit ar an bhfoireann coinnithe ó shin ag Mulkerrin. Agus é ag imirt ar an gcliathán, bhí fear Oileáin Árann ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ag Gaillimh sa chuiche a bhuaigh siad ar sheaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, sna babhtaí ceathrú ceannais agus é anois ina chuid thábhachtach do chosaint láidir na foirne.
“Bhí sé an-chrua air,” a deir Martin Joe faoin tréimhse nuair a bhí a mhac gortaithe, “ach rinne sé gach a ndúradh leis. Bhí cage mór timpeall ar a ghlúin ar feadh tamaillín ach thóg sé céim ar chéim é. Tháinig sé tríd uile.”
Bhí Martin Joe agus a bhean Bridie leis chuile céim den aistear chomh maith. Is minic go ndéantar fear nó bean tacsaí de thuismitheoirí a bhfuil gasúr acu atá gafa leis an spórt ach nuair is ag teacht agus ag imeacht ó Inis Mór atá tú, bíonn cúrsaí níos casta fós.
“Bhí sé crua go maith mar bhí tú ag faire ar bhád i gcónaí nuair a bhí tú ag dul in áit éigin,” a deir Martin Joe. “Is cuimhin liom nuair a bhí Seán istigh leis na development squads, bhíodh siad ag traenáil thuas in Uachtar Ard. Bhíodh muid ag dul suas agus anuas bóthar Sheanadh Phéistín agus bhíodh air an traenáil a fhágáil trí cheathrú den bhealach tríd chun an bád a fháil le bheith ar ais [ar an oileán] arís.”
Ní cumas peile amháin atá ag Mulkerrin agus tá craobh uile-Éireann tugtha amach go hÁrainn aige cheana féin. Bhuaigh an cosantóir agus beirt deartháireacha leis, Pádraig agus Éamonn, an tsraith The All-Ireland Talent Show sa bhliain 2009 agus an tír faoi gheasa ag Seán óg agus é ag damhsa ar an sean-nós agus ag seinm an bhainseó.
Tugadh tús áite don pheil agus Mulkerrin ag dul ó neart go neart le foirne na Gaillimhe ach dhéanadh sé iarracht i gcónaí seinm ag seisiúin cheoil lena dheartháireacha, cé go bhfágadh sin níos mó taistil le déanamh ag Martin Joe uaireanta.
“Is cuimhin liom tiomáint suas go Dún na nGall uair amháin, sílim go raibh foireann faoi 20 na Gaillimhe ag imirt cluiche dúshláin thuas i mBéal Átha Seanaidh. Bhí ormsa tiomáint suas leis mar bhí sé ag casadh ceoil ar an oileán an oíche chéanna agus ní bheadh sé sa mbaile in am don bhád dá rachadh sé abhaile leis an bhfoireann, a bhí le plaic a ithe ar an mbealach. Chuaigh mise suas, léim sé isteach sa gcarr théis an chluiche agus síos linn díreach go dtí Ros an Mhíl mar mura ndéanfadh sé an oíche sin, bheadh duine de na deartháireacha leis féin ag casadh ceoil.
“Tá tú ag caint ar trí uair an chloig suas go Dún na nGall, trí uair an chloig abhaile. Bhí mé tugtha traochta ach, ag deireadh an lae, déanfaidh tú é. B’fhiú é.”
Agus é anois ag múineadh i gColáiste Bhaile Chláir lena chomrádaithe Paul Conroy agus Damien Comer, tá Seán in ann a bhealach fhéin a dhéanamh chuig an traenáil agus na cluichí ach níl stop leis an taisteal ag Martin Joe agus Bridie, nár chaill cluiche ar bith ag peileadóirí na Gaillimhe go dtí seo i mbliana.
“Bhí muid thall i Londain, suas ó thuaidh, chuile áit. Bhí daoine as na trí oileán a rinne an turas go Londain agus bhí gang maith as Conamara atá ag maireachtáil thall ann chomh maith, bhí sé go deas.
“Don chuid is mó de na cluichí, téann muid ar bhus Lally so bíonn an gang céanna ann i gcónaí agus bíonn sé deas. Two-day job a bhíonn ann dúinne mar ní bheadh tú sa mbaile in am don bhád,” a deir sé.
Cé go bhfuil na mílte míle taistealaithe acu chun Seán a fheiceáil ag imirt, ba bheag nár chaill siad ceann de na cluichí is tábhachtaí a bhí aige, ceann a imríodh i bhfad níos gaire don bhaile.
Agus breis is 15 mí caite aige ag teacht chuige féin ón ngortú glúine, d’fhill Mulkerrin ar pháirc na himeartha den chéad uair nuair a d’imir sé d’Oileáin Árann in Aibreán na bliana seo caite. Deir Martin Joe nach scaoileann Seán rún ar bith leo maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh sé ag imirt do Ghaillimh agus is léir go bhfuil an cur chuige céanna aige leis an gclub mar ní raibh tada ráite aige lena thuismitheoirí an uair seo.
“Ní raibh a fhios againn fiú go mbeadh sé ag imirt. Cluiche sraithe a bhí ann istigh anseo in Árainn in aghaidh an Spidéil. Ní raibh a fhios againn fiú go raibh sé le bheith ag imirt. Leandeáil muid ag leath ama agus bhí iontas orainn é a fheiceáil amuigh ar an bpáirc,” arsa Martin Joe.
Bhí ar Mulkerrin fanacht beagáinín níos faide chun geansaí na Gaillimhe a chaitheamh arís ach, agus é ag imirt i mbliana, ní cheapfá riamh gur fear é a raibh gortú chomh dona sin ag cur as dó.
“D’fhoghlaim sé an oiread sin le cúpla bliain anuas ó bheith ag éisteacht leis na cóitseálaithe difriúla a bhí aige, Stephen Joyce [le hOileáin Árann] agus Pádraic Joyce,” arsa Martin Joe.
“Nuair a bhí sé gortaithe, bhíodh sé ag dul isteach chuig seisiúin traenála na Gaillimhe ar fad ag fáil physio. Níor chaill sé amach ar mhórán.
“Rinne siad maor uisce de agus tá mise ag ceapadh gur fhoghlaim sé an oiread an uair sin. Níl tú in ann a bheith amuigh ar an bpáirc ach má bhíonn an intinn ceart, foghlaimeoidh tú an oiread sin faoi theaicticí agus mar sin de.”
Deir Martin Joe go bhfuil “buzz” maith ar Inis Mór faoi láthair agus gach duine ag réiteach don chluiche ceannais. Tá cúpla turas fada eile rompu an deireadh seachtaine seo ach má bhíonn an toradh ceart ann, beidh turas bád ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin nach ndéanfar dearmad go deo air i ndán dóibh.
Fág freagra ar 'Aistear fada ó Inis Mór curtha dó ag Seán Mulkerrin le Páirc an Chrócaigh a bhaint amach'