Aire Sinsearach nua do Roinn na Gaeltachta

Ach an oiread le Heather Humphreys a bhí ann roimpi, níl Gaeilge ag an Aire nua sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan

Aire Sinsearach nua do Roinn na Gaeltachta

Tá Josepha Madigan ceaptha ina hAire sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Heather Humphreys aistrithe go dtí an Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta.

Ach an oiread le Heather Humphreys níl Gaeilge ag an Aire nua i Roinn na Gaeltachta, rud a fhágann nár cuireadh cumas Gaeilge san áireamh don aireacht seo anois ó 2011.

D’fhógair an Taoiseach an t-atheagar inniu de thoradh éirí as an Tánaiste Frances Fitzgerald mar gheall ar chonspóid chás an sceithire Maurice McCabe.

Cheap an Taoiseach an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney ina Thánaiste.

Ba mhinic eagraíochtaí Gaeilge cáinteach faoi easpa suime Heather Humphreys i ngné na Gaeltachta dá roinn agus í sásta an cúram sin a tharmligean ar fad d’aire stáit na Gaeltachta.

Beidh le feiceáil an mbeidh an cur chuige céanna ag Josepha Madigan i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Idir an dá linn, tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh cheapachán an Aire agus iad ag súil le bualadh léi go luath chun cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé léi.

Dlíodóir a bhfuil saineolas aici i réimse an cholscartha í Josepha Madigan ar toghadh ina comhairleoir contae do Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin í nuair a sheas sí don chomhairle den chéad uair in 2014.

Bhí sí i mbéal an phobail an uair sin nuair chuir sí in aghaidh ionad staid don lucht siúil i gCnoc Anville agus í den tuairim gur “cur amú airgid uafásach a bheadh ann”.

Toghadh chun na Dála í in 2016.

Ba í a chuir chun cinn an reachtaíocht nua a laghdaigh an tréimhse feithimh le colscaradh a fháil ó cheithre bliana go dhá bhliain. Bhí baint mhór aici le feachtas ceannaireachta Leo Varadkar i mbliana. Scríobh sí an t-úrscéal, a d’fhoilsigh sí féin in 2011, Negligent Behaviour. De réir bhlurba an úrscéil fhéinfhoilsithe ba scéal é faoi “sassy solicitor”.

Fág freagra ar 'Aire Sinsearach nua do Roinn na Gaeltachta'

  • Ruairí

    Bí ag caint ar cúrsaí a bheith “osréalach” mar a dúirt Catherine Connolly indteach Laighean. Nach cuma go bhfuil Varadkar agus Mc Hugh imithe ar “turasanna teanga”. In am seo na héigeandála teanga sa nGaeltacht is léir nach dtuigeann Varadkar an gá atá le duine le Gaeilge a bheith freagrach as an Ghaeltacht. Mhaise beidh De Spáinn agus Comer ó Chónradh na Gaeilge in ann do bheith ag Béarlóireacht ar a gcompord leí faoi “Irish belongs to us all”. Ba chóir “Bliain Éigeandála na Gaeltachta” a fhógairt Oích Chinnbhliana”…..

  • Seán Mag Leannáin

    Ochtú hiontas an domhain dá mbeadh Gaeilge ag Aire na Gaeilge na laethanta seo!