Aire na Gaeltachta sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge ach séanann sé go bhfuil géarchéim san earnáil

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go dtuigeann sé nach leor na tacaíochtaí atá curtha ar fáil ag an stát do chúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge ach go mbeidh sé ag féachaint ‘go fabhrach’ ar chás na hearnála agus súil aige tuilleadh maoinithe a fhógairt di go gearrthéarmach agus go fadtéarmach

Aire na Gaeltachta sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge ach séanann sé go bhfuil géarchéim san earnáil

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta go dtuigeann sé go bhfuil “dúshláin” ann d’fhoilsitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge ach tá séanta aige go bhfuil géarchéim san earnáil.

Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne go dtuigeann sé nach leor an tacaíocht atá curtha ar fáil ag an stát do chúrsaí foilsitheoireachta na Gaeilge ach go mbeidh sé ag féachaint “go fabhrach” ar chás na hearnála agus súil aige tuilleadh maoinithe a fhógairt di go gearrthéarmach agus go fadtéarmach.

Bhí an tAire Stáit ag labhairt i dTeach Laighean inné agus é ag plé na tuarascála a d’fhoilsigh Coiste Gaeilge an Oireachtais anuraidh faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta na Gaeilge.

Rinneadh breis is 100 moladh sa tuarascáil sin agus an coiste ag éileamh go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil chun teacht i gcabhair ar an earnáil ach níor ghlac an tAire Stáit Byrne leis go bhfuil géarchéim ann.

“Luaitear sa tuarascáil go bhfuil ‘géarchéim’ in earnáil na foilsitheoireachta. Ní aontaím leis seo. Is cinnte go bhfuil dúshláin ann agus tuigim agus tuigeann oifigigh na Roinne é seo,” a dúirt Byrne leis an gcoiste.

“Cé go bhfuil dúshláin san earnáil, agus go maítear go bhfuil ‘easpa tacaíochta’ ón Stát, tá ag éirí le scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge saothair saibhre léitheoireachta a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.”

I measc na moltaí atá luaite i dtuarascáil an choiste, tá éileamh go n-ardófaí an maoiniú a chuirtear ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge, scéim de chuid Fhoras na Gaeilge a chuireann tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí, foilsitheoirí agus pobal léitheoireachta na Gaeilge i gcoitinne, go dtí an leibhéal a bhí i gceist in 2008 agus go dtiocfadh méadú air sin bliain i ndiaidh bliana.

Bhíodh breis is €1.8 milliún á chur ar fáil do Chlár na Leabhar Gaeilge in 2008 agus tá laghdú 40% tagtha ar an maoiniú ó shin agus buiséad €1.06 milliún a bheidh ann dó i mbliana.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go dteastódh idir €2.5 agus €3 milliún le go mbeadh an deontas do Chlár na Leabhar Gaeilge ag ardú de réir an bhoilscithe.

Tá allúntas €300,000 breise curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don Chlár le cúpla bliain anuas ach dúirt an tAire Stáit gur mhaith leis tuilleadh airgid a chur ar fáil i mbliana.

“De thairbhe a thábhachtaí is atá an réimse seo oibre don phobal agus don teanga, tá súil agam tuilleadh maoinithe a chur ar fáil don Chlár le linn na bliana seo. Arís, tuigim nach leor seo agus go bhfuil sé riachtanach buiséad bonnlíne an Chláir a ardú,” a dúirt sé.

D’admhaigh Byrne, áfach, nach mbainfí amach i mbliana an sprioc atá an coiste a mholadh.

“Níl mé chun an sprioc sin a bhaint amach i mbliana. Caithfidh mé a bheith macánta agus an fhírinne a rá,” a dúirt Byrne.

“Leanfaimid orainn sa Roinn ag féachaint ar chás na hearnála, mar atá déanta le cúpla bliain anuas ag airí eile, agus beidh mé ag féachaint go fabhrach ar an gcás seo sa ghearrthéarma ar dtús agus sa bhfadtéarma ansin.”

Dúirt an tAire Stáit Byrne go mbíonn earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge ag brath níos mó ar thacaíocht stáit mar gur mionteanga í an Ghaeilge ach go bhfuil “gach iarracht” á déanamh ag a Roinn chun “bonn inmharthanach” a chur faoin earnáil.

Maidir le tithe foilsitheoireachta, dúirt an tAire Stáit go raibh athbhreithniú déanta ag Foras na Gaeilge ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil dóibh agus go bhfuil maoiniú trí bliana anois á chur ar fáil dóibh ach “plean oibre cuimsitheach” a bheith curtha faoi bhráid an Fhorais.

“Tuigimid go léir go mbíonn tionchar diúltach ar sholáthar leabhar nuair a éiríonn oiread is foilsitheoir amháin as an earnáil agus táimid go léir ag iarraidh seo a sheachaint,” a dúirt Byrne.

Thagair an tAire Stáit freisin don Straitéis do na hEalaíona Teangabhunaithe a d’fhoilsigh a Roinn níos luaithe i mbliana.

“Léirigh an taighde a rinneadh don Straitéis seo, i measc mórán eile, gur gá glúin nua scríbhneoirí agus cleachtóirí drámaíochta, go háirithe, a oiliúint.”

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta sásta tuilleadh maoinithe a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí Gaeilge ach séanann sé go bhfuil géarchéim san earnáil'

  • Gabriel Rosenstock

    Feiceálacht! Cad is fiú cúpla céad euro sa bhreis a chur i bpóca an scríbhneora mura bhfuil
    a c(h)uid leabhar le feiceáil. Ceannaíonn na foilsitheoirí móra spás fuinneoige sna siopaí
    leabhar. Ba cheart don Aire a chuid airgid a chaitheamh sa tslí sin, mar thús.
    Fógraíocht! Cad is fiú leabhar a chur amach agus gan é a fhógairt? Ní fheicimse leabhair Ghaeilge á bhfógairt mórán sna meáin. Ba cheart don Aire a chuid airgid a chaitheamh ar fhógraíocht chomh maith.