Ainm Gaeilge á thabhairt ag Wetherspoons ar theach tábhairne nua atá beartaithe do Ghaillimh

Bhí imní léirithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe nach raibh aon Ghaeilge le feiceáil ar aghaidh an tí tábhairne san iarratas pleanála ach tá beartaithe anois ag an gcomhlacht idirnáisiúnta ainm i nGaeilge a thabhairt ar an tábhairne

Ainm Gaeilge á thabhairt ag Wetherspoons ar theach tábhairne nua atá beartaithe do Ghaillimh

Tá beartaithe ag an gcomhlacht mór le rá JD Wetherspoon ainm Gaeilge a thabhairt ar theach tábhairne nua atáthar ag iarraidh a oscailt i gcathair na Gaillimhe.

Tá an comhlacht Sasanach, a bhfuil breis is 800 teach tábhairne aige, ag lorg cead pleanála i láthair na huaire chun teach tábhairne a oscailt ar Shráid Eglington i lár na cathrach agus tá cinneadh déanta ainm Gaeilge a thabhairt air chun cuidiú le beannacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fháil le leanúint ar aghaidh leis an togra.

Mí Iúil na bliana seo caite a chuir JD Wetherspoon isteach ar chead pleanála don teach tábhairne, a bheadh lonnaithe san fhoirgneamh ina mbíodh an club oíche Carbon roimhe seo.

D’iarr an Chomhairle Cathrach tuilleadh eolais maidir le roinnt gnéithe den phlean agus léiríodh imní nach mbeadh aon Ghaeilge le feiceáil ar an gcomharthaíocht ar aghaidh an fhoirgnimh, rud atá mar pholasaí ag an gComhairle do lár na cathrach.

Deir  JD Wetherspoon anois go bhfuil sé i gceist ‘Na Trí Seolta Dearga’ a thabhairt ar an teach tábhairne in áit ‘The Three Red Sails’ chun cloí leis an bpolasaí teanga. Bheadh ‘Wetherspoon’ scríofa ar chomhartha os cionn an dorais.

Ar an eolas eile a bhí á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe maidir leis an iarratas pleanála, bhí tuilleadh sonraí maidir leis an obair fodhromchla a bhí beartaithe. De réir tuarascáil seandálaíochta a réitíodh ar son JD Wetherspoon, tá seans láidir ann go bhféadfaí teacht ar chuid de sheanbhhallaí na cathrach le linn na hoibre.

Iarradh eolas freisin faoi bhalla teorann ar chúl an fhoirgnimh, astaíocht torainn agus gnéithe eile den athchóiriú.

Tá sé i gceist ag JD Wetherspoon teach tábhairne agus bialanna a fhorbairt ar an dá urlár atá sa bhfoirgneamh. Tá sé beartaithe áit suí amuigh faoin aer a thógáil ar an dara hurlár agus cur leis an áit suí taobh amuigh atá ar urlár na talún. Bheadh áit suí do bhreis is 300 duine ar fad ann, idir istigh agus amuigh.

Tá cinneadh le déanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin iarratas pleanála ag deireadh na míosa seo.

Tá dosaen tithe tábhairne ag JD Wetherspoon in Éirinn cheana féin, thuaidh agus theas.

Fág freagra ar 'Ainm Gaeilge á thabhairt ag Wetherspoons ar theach tábhairne nua atá beartaithe do Ghaillimh'

  • Nuala Nic Dhonnchadha

    Ainm Gaeilge do Witherspoon… breá simplí

    * Spúnóg Aimsire*