Aighneacht le déanamh ag Údarás na Gaeltachta maidir le hiarratas ar chearta bainte feamainne ar chladaí Chonamara

Tá iarratais déanta ag Arramara, atá lonnaithe i gCill Chiaráin, ar cheadúnais bainte feamainne ar stráicí móra de chladaí Chonamara, ó Ros an Mhíl siar chomh fada le Cloch na Rón

Aighneacht le déanamh ag Údarás na Gaeltachta maidir le hiarratas ar chearta bainte feamainne ar chladaí Chonamara

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear chun aighneacht a chur faoi bhráid na háisíneachta stáit atá i mbun measúnaithe ar iarratais ón gcomhlacht Arramara ar cheadúnais bainte feamainne i gConamara, ach “nach mbeadh sé oiriúnach” aon rud a rá faoin scéal i láthair na huaire.

Tá iarratais déanta ag Arramara, atá lonnaithe i gCill Chiaráin, ar cheadúnais bainte feamainne ar stráicí móra de chladaí Chonamara, ó Ros an Mhíl siar chomh fada le Cloch na Rón ach tá imní léirithe ag muintir na háite go mbainfear na cearta bainte traidisiúnta a bhí acu díobh.

Tá na hiarratais á meas ag an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí (MARA) i láthair na huaire agus próiseas comhairliúcháin ar bun inar féidir le comhlachtaí poiblí a dtuairimí a thabhairt.

Dheimhnigh Údarás na Gaeltachta le Tuairisc go raibh sé ar intinn ag an eagraíocht aighneacht a chuir faoi bhráid MARA sula dtagann deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin ag deireadh na míosa seo chugainn, ach diúltaíodh aon eolas maidir le hábhar na haighneachta a thabhairt.

Iar-chliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é Arramara, ach dúirt urlabhraí ón Údarás nach raibh aon teagmháil acu le hArramara maidir leis na hiarratais atá déanta. Níl aon chúram bainistíochta ná úinéireachta ar an Údarás maidir leis an gcomhlacht, a dúradh.

Thacaigh comhairleoirí Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo le rún go gcuirfeadh an chomhairle aighneacht faoi bhráid MARA ina gcuirfí in iúl go raibh cearta bainte traidisiúnta ag go leor de mhuintir na háite cois cósta i gConamara agus go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaí cosaint do na cearta sin.

An Comhairleoir Máirtín Lee, atá ar bhord Údarás na Gaeltachta freisin, a mhol an rún. Dúirt sé go raibh ról tábhachtach ag na comhlachtaí feamainne ach nach raibh muintir na háite ag iarraidh go gcaillfí na ceart atá acusan feamainn a bhaint.

“Tá sé tábhachtach go n-aithneofaí go bhfuil cearta traidisiúnta ag daoine,” a dúirt an Comhairleoir Lee ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i rith na seachtaine. “Bheadh faitíos orainn gurb é an chaoi go bhfuiltear ag iarraidh greim a fháil ar ár gcuid cladaí agus iad a thógáil uainn, rud nach bhfuil ceart ná cóir.”

Pléadh an scéal sa Dáil le déanaí agus dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh an rialtas ag iarraidh “cearta chosmhuintir na háite agus na dúiche sin a chosaint” chomh fada agus ab fhéidir leo.

“Caithfidh muid é a dhéanamh i gceart, áfach. Is áis nádúrtha thábhachtach í an fheamainn. Caithfidh muid éagsúlacht na háite a chur san áireamh, mar aon leis na nithe eile ar gá machnamh a dhéanamh orthu.”

D’fhreastail thart ar 300 duine ar chruinniú poiblí a reáchtáladh faoin scéal níos luaithe an mhí seo.

Deir Arramara go bhfuil na ceadúnais bainte, a mhairfeadh deich mbliana, á lorg do Chuan Chasla, Cuan Chill Chiaráin, Cuan an Fhir Mhóir, Ceann Mhása agus Cuan na Beirtrí Buí chun soláthar feamainne a chinntiú dá mhonarchan i gCill Chiaráin. Thart ar 20 duine atá fostaithe ag Arramara.

Rinne Arramara iarratas ar cheadúnas do cheantar níos mó in 2014 ach tarraingíodh an t-iarratas siar nuair a chinn an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil go gcaithfí comhairle a lorg ón Ard-Aighne maidir leis na cearta traidisiúnta. Tá leasú déanta ar an reachtaíocht ó shin áfach agus beidh ceadúnas ag teastáil ó lár 2028 ar aghaidh chun feamainn a bhaint.

Meastar go bhfuil breis is 2,500 fóilió i nGaillimh faoina mbronntar cearta bainte feamainne agus deir Arramara go bhfuil go leor oibre déanta le cúpla bliain anuas le Tailte Éireann chun déanamh cinnte nach bhfuil aon chladach ar a bhfuil cearta bainte ag daoine cheana féin clúdaithe sna hiarratais atá déanta ag an gcomhlacht.

Mar sin féin, tuigtear go bhfuil an-chuid bainteoirí a bhfuil cearta traidisiúnta acu nach bhfuil cláraithe le córas clárúcháin an stáit agus a bheadh i mbaol na cearta sin a chailliúint dá mbronnfaí na ceadúnais ar Arramara.

Dúirt Jim Keogh ó Arramara cheana nár cheap sé go mbeadh an comhlacht ag cur cosc ar aon duine a bhainfeadh feamainn d’úsáid phearsanta.

Tá imní ann freisin faoi cheadúnais bainte feamainne a bheith i seilbh comhlachta atá lonnaithe thar lear. Fochomhlacht de chuid Acadian Seaplants i gCeanada é Arramara ach tá sé ráite ag stiúrthóir Arramara, Jim Keogh, go bhféadfadh an stát a chinntiú nach n-aistreofaí ceadúnas chuig comhlacht atá thar lear.

Tá achainí ar líne sínithe ag beagnach 20,000 duine ag éileamh ar an Aire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil gan ceadúnais bainte feamainne a bhronnadh ar chomhlachtaí móra.

Tá go dtí an 26 Márta ag comhlachtaí poiblí aighneacht a chur faoi bhráid MARA maidir le hiarratais Arramara agus meastar go reáchtálfar comhairliúchán poiblí ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Aighneacht le déanamh ag Údarás na Gaeltachta maidir le hiarratas ar chearta bainte feamainne ar chladaí Chonamara'