Aghaidh á tabhairt ag an gCeathrú Rua ar sheaimpíní na hÉireann

Tá deireadh seachtaine mór roimh roinnt de na cumainn Ghaeltachta i gcraobh na Gaillimhe

Aghaidh á tabhairt ag an gCeathrú Rua ar sheaimpíní na hÉireann

Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Shinisr Peile na Gaillimhe agus foirne ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluichí ceathrú ceannais na craoibhe.

Beidh dhá fhoireann Ghaeltachta ag dul chun páirce tráthnóna agus níor mhór dóibh taispeántais den scoth a thabhairt uathu más leo fanacht sa chraobh.

Dúshlán mór millteach atá roimh pheileadóirí na Ceathrún Rua agus iad ag tabhairt aghaidhe ar churaidh na hÉireann le trí bliana anuas, Cora Finne, i réamhchluiche ceathrú ceannais i Staid an Phiarsaigh (7.00i.n.).

Bhí foireann Keith Uí Ghairbhín ar fheabhas nuair a bhuaigh siad ar Naomh Séamus coicís ó shin ach rud eile ar fad é an ceann is fearr a fháil ar shárfhoireann Chora Finne. Tá Paudi Mac Cormaic, Micheál Ó Briain, Éanna Mac Cormaic agus a thuilleadh d’fhir na Ceathrún Rua ag imirt go maith faoi láthair, ach is mór an chailliúint iad Oisín Ó Gríofa agus Maitiú Ó Domhnaill.

Éacht a bheadh ann dá n-éireodh leo deireadh a chur le tréimhse cheannais Chora Finne i gcraobh an chontae.

Béal dorais le Staid an Phiarsaigh, beidh cluiche tábhachtach eile anocht sa Prairie idir Micheál Breathnach agus Eanach Dhúin (7.00.i.n.). Níl cluiche ar bith buaite ag ceachtar foireann sa chraobh go dtí seo, rud a fhágann go mbeidh siad ag iarraidh buachan anocht leis na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Agus iad ar ais i ngrád na sinsear den chéad uair le roinnt blianta, bhí mí-ádh ceart ar Mhicheál Breathnach gur cuireadh sa ghrúpa is deacra i gcomórtas na bliana seo iad. Péire de na foirne is fearr sa chontae, Maigh Cuilinn agus An Creagán-Maigh Locha, a fuair an ceann is fearr orthu go dtí seo agus ní bheidh sé éasca Eanach Dhúin a bhualadh anocht agus imreoirí cumasacha acu amhail Damien Comer, Frankie Burke agus Eoghan Kerin.

Amárach, beidh Maigh Cuilinn ag imirt sa ghrúpa céanna in aghaidh an Chreagáin-Maigh Locha. Tá áit bainte amach ag an dá fhoireann sin sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin, rud a fhágann nach bhfuil le socrú sa chluiche seo i dTuaim (6.00i.n.) ach cé a chríochnóidh ar bharr an tábla.

Dé Domhnaigh, beidh Bearna agus an Spidéal ag dul chun páirce i gcluichí i nGrúpa 1. Chuir taispeántais Bhearna go dtí seo iontas a ar dhaoine. Taobh amuigh de chluichí dícháilithe, ní raibh cluiche sa chraobh shinsir buaite ag Bearna ó 2014 roimh chomórtas na bliana seo ach sháraigh siad an Spidéal agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach sa chéad dá chluiche a bhí acu i mbliana. Fágann sé sin go mbainfidh siad áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Naomh Micheál i Staid an Phiarsaigh (1.30i.n.).

Chuaigh an Spidéal chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais nuair a d’fhill siad ar an gcraobh shinsir anuraidh ach is beag seans go ndéanfaidh siad an gaisce céanna i mbliana. Chaill siad in dhá chluiche crua go dtí seo, in aghaidh Bhearna agus Naomh Micheál, agus bheadh orthu Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a bhualadh le hocht bpointe inniu le go ngabhfaidís tríd. Bheadh siad sásta na babhtaí dícháilithe a sheachaint agus beidh ar fhir an Spidéil an cluiche i Maigh Cuilinn (1.30i.n.) a bhuachan chun é sin a dhéanamh.

Beidh foirne Gaeltachta ag dul chun páirce i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chomh maith.

Amárach, beidh Naomh Anna, Leitir Móir agus Cill Chonla ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid an Phiarsaigh (3.00i.n.) agus áit i gcluiche ceathrú ceannais i ndán do na buaiteoirí. Tá Naomh Anna ag iarraidh an t-ardú céime a bhaint amach tar éis dóibh titim ó ghrád na sinsear anuraidh agus tá foireann láidir acu i mbliana. Tá amhras ann an mbeidh teacht ag Cill Chonla ar dhuine de na himreoirí is fearr atá acu, Paul Mannion, agus is mór an buntáiste a bheadh ann do Naomh Anna mura mbeadh seisean ag imirt.

Is ar an bhFairche (3.00i.n.) a bheidh cluiche Charna-Caiseal in aghaidh Sheamróga Chortúin. Ní bheidh tada éasca ag fir na Gaeltachta agus tá an dá chluiche atá imeartha go dtí seo buaite ag Seamróga Chortúin. Áirítear iad i measc na bhfoirne is fearr sa chomórtas agus tá gaiscí fós á ndéanamh ag iar-imreoir na Gaillimhe, Derek Savage, dóibh. Beidh Carna-Caiseal ag iarraidh an mórtas a spreagadh arís tar éis d’Áth Cinn greadadh a thabhairt dóibh coicís ó shin.

Is ar an Domhnach a bheidh Oileáin Árann ag imirt in aghaidh an Dúin Mhóir i dTuaim (1.30i.n.) Tá áit bainte amach ag an dá fhoireann sna cluichí ceathrú ceannais cheana féin ach beidh siad ag iarraidh an ceann seo a bhuachan chun cluiche crua a sheachaint sa chéad bhabhta eile. Tá Tyler Ó Flaithearta ag imirt ar fheabhas d’Oileáin Árann i láthair na huaire agus beidh súil acu go gcuideoidh sé leo an t-aicsean a dhéanamh.

Tá beoshruthú á dhéanamh ar chluichí na Ceathrún Rua agus Mhicheál Breathnach anocht, ar chluiche Naomh Anna amárach agus ar roinnt cluichí eile. Tá na sonraí le fáil anseo.

Fág freagra ar 'Aghaidh á tabhairt ag an gCeathrú Rua ar sheaimpíní na hÉireann'