Ag taoscadh na farraige is ag snámh in aghaidh easa – saothar sollúnta tráthúil faoi dhíobháil na dtuilte

Mheabhraigh ‘Tuilte’ ar TG4 díobháil an athraithe aeráide agus contúirt na dtuilte dúinn

Ag taoscadh na farraige is ag snámh in aghaidh easa – saothar sollúnta tráthúil faoi dhíobháil na dtuilte

“Humanity is in the hot seat, the era of global warming has ended, the era of global boiling has arrived.” B’in a bhí le rá António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe i mí Iúil na bliana 2023 agus tuairisc dhuairc eile faoin athrú aeráide á seoladh. Táthar ag tuar an oilc go rialta ach an bhfuiltear ag éisteacht?

Mheabhraigh an clár faisnéise Tuilte (TG4, Dé Céadaoin) díobháil an athraithe aeráide dúinn agus an tionchar atá aige ar thuilte, mar aon le damáiste na dtuilte céanna a chur abhaile orainn.

Ar na saolta seo samhlaítear dom go bhfuil cód dearg amháin ag rith isteach sa cheann eile, go bhfuil tuairisc nuachta amháin faoi thuilte ag rith isteach sa cheann eile agus go bhfuil an oiread sin stoirmeacha ag gabháil aniar gur gearr go rithimid as ainmneacha.

Faoi mar a dúirt an tOllamh Michael Cronin linn as Gaeilge i gclár na Céadaoin, níor cheart a bheith ag caint a thuilleadh faoi na hócáidí aimsire amhail is gur rudaí eisceachtúla iad, seo an gnáthrud; ‘the new normal’ mar a deir an Béarla.

Le guthú Michelle Nic Grianna ár dtionlacan tugtar ar chamchuairt sinn ó Inis Eoghain go Gaillimh agus as sin go Muineachán agus Béal Feirste. A dtubaistí agus scéalta cráite féin acu ar fad. Cuireadh abhaile orainn nach é an t-athrú aeráide amháin is cúis leis na tuilte seo, go bhfuil lorg an duine ar an tírdhreach ag cur leis an bhfadhb; draenáil na talún, ag tógaint ar bhogaigh agus an t-uirbiú (le tarmac is coincréit ar an talamh) ag cosc sú nádúrtha na talún. Baineadh úsáid as léaráidí/grafaicí deasa agus míniúcháin shimplí i rith an chláir le heolaíocht na haimsire agus an tírdhreacha a mhíniú dúinn.

Fuaireas an-bhlas ar na hiarrachtaí nádúrtha dul i ngleic le tuilte; dambaí adhmaid nach gcuireann as do shruth nádúrtha na talún, ballaí tuilte déanta as crainn is fásra agus iarrachtaí eile nach iad. Labhair an Dr. Mary Bourke go heolgaiseach faoin ábhar agus í den tuairim go bhfuil gá le hinnealtóireacht “bhog” den sórt sin agus innealtóireacht “chrua” na coincréite le dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin atá le teacht.

Ba dheas mar a labhair Cronin agus an Dr. Micheál Ó Cinnéide faoin nasc idir an duine agus an tírdhreach. Cronin ag cur abhaile orainn go bhfuil an dá cheann spleách ar a chéile, fite fuaite ina chéile. Ó Cinnéide den tuairim go bhfuil an nasc traidisiúnta a bhíodh idir an duine agus talamh ina thimpeall briste mar gheall ar an uirbiú agus daoine ag bogadh óna bhfód dúchais. Dá réir ní thugaimid na hathruithe faoi deara, ní thuigimid an tionchar atá againn.

Bhí meascán breá d’aíonna sa chlár agus breis agus leath acu ag caint as Gaeilge. Ionchur tomhaiste breá againn ó dhaoine amhail Cronin, Ó Cinnéide, Éamonn Ó Ciardha agus Ferdia McCrann ó Met Éireann.

Saothar sollúnta a mheabhraigh díobháil agus contúirt na dtuilte dúinn mar aon le bóthar chun cinn a mholadh. Caithfear éisteacht.

Fág freagra ar 'Ag taoscadh na farraige is ag snámh in aghaidh easa – saothar sollúnta tráthúil faoi dhíobháil na dtuilte'

  • Máirín

    Seachas “panic” is fainic a ba chóir ar aon duine atá ag smaoineamh ar teach nó árasán a cheannacht i gcathracha agus bailte ar abhann nó cois cósta.

    Dar leis na Náisiúin Aontaithe “Fiú agus iarrachtaí chun téamh domhanda a theorannú go 1.5°C, táthar ag súil go leanfaidh leibhéil na mara domhanda ag ardú, ag cruthú contúirtí suntasacha do phobail ar fud an domhain…agus tá limistéir uirbeacha ísle an-leochaileach.”

    https://unstats.un.org/sdgs/report/2023/Goal-13/

    Tá forbróirí na hÉireann fós ag tógáil cois aibhneacha agus ar cóstaí ísle le cead iomlán an Stáit.

  • jpmorley0@gmail.com

    A Chara. Tá súil agam go raghaidh tú ag féachaint ar Perfect Days sara fada. Agus go ndéanfair léirmheas air? Tá buaite glan aige mar scannán ar aon rud a chífir ag Oscars…