Ag dul sa bhearna bhaoil den uair dheireanach (le físeáin)

An Satharn seo, tabharfaidh Steven Gerrard aghaidh ar a shean-namhaid, Everton, den uair dheireanach. Breathnaíonn Tuairisc.ie siar ar chuid de na cluichí is fearr, agus is measa, a d’imir sé ina n-aghaidh

Steven Gerrard ag aimsiú cúil in aghaidh Everton i 2009. Pictiúr: INPHO/Getty Imeaglú
Steven Gerrard ag aimsiú cúil in aghaidh Everton i 2009. Pictiúr: INPHO/Getty Imeaglú

An Satharn seo, beidh Steven Gerrard ag fáil faoi réir le dul chun páirce in aghaidh Everton i bPáirc Goodison. Anois agus an cinneadh déanta aige Liverpool a fhágáil ag deireadh an tséasúir, is é an cluiche seo an 33ú uair, agus an uair dheireanach aige, go mbeidh captaen Liverpool ag tabhairt aghaidh ar Everton.

Tar éis dó 90 nóiméad a imirt in aghaidh Bolton i rith na seachtaine, níl sé deimhnithe fós go dtosóidh Gerrard, ach mar gheall gurb é an ‘Merseyside derby’ deireanach a bheidh aige é, féadfaimís a bheith ionann is cinnte go bhfeicfidh muid ag pointe éigin e.

idir laethanta maithe agus drochlaethanta feicthe ag Gerrard in aghaidh Everton go dtí seo agus níor mhiste, dá réir sin, breathnú siar ar chuid de na coimhlintí a mbeidh sé ag iarraidh dearmad a dhéanamh orthu agus na cinn eile a mbeidh cuimhní geala aige orthu nuair a bheidh sé ag imirt thall i Los Angeles.


03/04/1999 – Liverpool 3-2 Everton

Ba é seo an chéad uair a chuaigh Gerrard chun páirce in aghaidh na gcomharsan ar an dtaobh thall de Pháirc Stanley. Nuair a tháinig sé isteach in áit Vegard Heggem don 20 nóiméad deireanach ba é a naoú cluiche ag Gerrard do Liverpool. Cé gur scóráil Francis Jeffers cúl d’Everton agus cúig nóiméad fágtha, bhí Liverpool fós 3-1 chun cinn, a bhuíochas le cúil ó Robbie Fowler (2) agus Patrik Berger. Agus é thiar i measc na gcosantóirí, choiméad Gerrard an liathróid amach ón gcúl faoi dhó sna nóiméid dheireanacha, é ag deimhniú an bhua dá fhoireann.


22/09/1999 – Liverpool 0-1 Everton

An chéad uair eile a chas na foirne ar a chéile, bhí áit buan bainte amach ag Gerrard i lár na páirce do Liverpool. Bhí drochthús ceart ag an bhfoireann baile agus scóráil Kevin Campbell tar éis ceithre nóiméad d’Everton.

Is in olcas a chuaigh rudaí do Liverpool ina dhiaidh sin. Cuireadh an cúl báire, Sander Westerveld den pháirc agus ceathrú huaire fágtha agus ansin, in am cúitimh, taispeánadh cárta dearg do Gerrard tar éis dó droch-chailís a dhéanamh ar Campbell.


15/09/2001 – Everton 1-3 Liverpool

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí tús iontach arís ag Everton a bhuíochas arís le Kevin Campbell, é ag scóráil tar éis cúig nóiméad an uair seo. Ach bhí Liverpool cothrom taobh istigh de ceathrú huaire, Gerrard féin ag scóráil don chéad uair in aghaidh Everton. Ghlac sé seilbh ar an liathróid ar ar imeall an bhosca, rinne sé spás dó féin agus bhuail sé urchar trasna an chúil agus isteach i gcoirnéal na heangaí. Thug sé sin spreagadh do Liverpool agus bhuaigh siad sa deireadh, 3-1.


09/09/2006 – Everton 3-0 Liverpool

Thug Liverpool uathu ceann de na taispeántais is measa in aghaidh Everton dá bhfacthas riamh sa chluiche seo agus ba é an cailliúnt ba mheasa a chonaic Gerrard féin in aghaidh a shean-namhad. Bhí captaen Liverpool mar laoch ag lucht tacaíochta Liverpool faoin dtráth seo agus cé go ndearna sé a dhícheall rudaí a chur ina gceart níor éirigh leis an taoide a chasadh. Nuair a bhuail Gerrard an posta agus Liverpool 2-0 chun deiridh, ba léir do chách nach raibh aon teacht anair i ndán dóibh.


20/10/2007 – Everton 1-2 Liverpool

Cé gur bhuaigh Liverpool i bPáirc Goodison an turas seo, is cluiche é nach mbeidh dea-chuimhne ag Gerrard air. Bhí na foirne ar comhscór, 1-1, tar éis 60 nóiméad nuair a rinne bainisteoir Liverpool, Rafa Benitez, cinneadh a chuir iontas ar lucht tacaíochta an dá fhoireann. Bhain sé Gerrard, imreoir áitiúil agus a chaptaen, den pháirc agus chuir sé isteach Lucas Leiva, fear nach raibh cúl scóráilte aige do Liverpool riamh. Mar a tharla, tugadh cic pionóis do Liverpool sa nóiméad deireanach agus bháigh Dirk Kuyt é chun an cluiche a bhuachan, agus Gerrard ag faire ar chúrsaí ón mbinse.


12/03/2012 – Liverpool 3-0 Everton

Faoi stiúir Kenny Dalglish, an t-aon imreoir a bhfuil níos mó measa ag lucht tacaíochta Liverpool air, scóráil Gerrard trí chúl in Anfield. Sárthaispeántas ba ea é. Ba é an chéad imreoir a d’aimsigh trí chúl i gcoinne Everton ó rinne Ian Rush an t-éacht céanna 30 bliain roimhe sin. Chun barr smaise a chur ar an scéal, is os comhair an Kop sa nóiméad deireanach a d’aimsigh Gerrard an tríú cúl.