Aer Arann díolta ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh

Tá comhlacht aeir Phádraig Uí Chéidigh díolta aige le Jarlath Conneely, píolóta aitheanta as Bóthar na Trá i nGaillimh

Aer Arann díolta ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh

Pádraig Ó Céidigh agus Jarlath Conneely

Tá Aer Arann, an comhlacht, atá i mbun na seirbhíse aeir go dtí oileáin Árann díolta ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh le píolóta agus fear gnó as Gaillimh.

Tagann cinneadh an fhir ghnó agus an tSeanadóra Gaeltachta Aer Arann a dhíol sna sála ar an scéala gur cheannaigh an stát uaidh Aerfort na Mine i gConamara ar €2.75 milliún ag deireadh na bliana seo caite.

Cuirfidh díol Aer Arann tús le ré nua i saol an fhiontraí agus an pholaiteora a bhí sáite le blianta in earnáil an aerthaistil.

Thuairiscigh Nuacht RTÉ tráthnóna go bhfuil comhlacht aeir Uí Chéidigh díolta anois chomh maith aige agus é ceannaithe ag Jarlath Conneely, píolóta aitheanta as Bóthar na Trá i nGaillimh a bhíodh tráth ag obair don chomhlacht Eircom.

Tá conradh ag Galway Aviation Services Ltd, a bhíonn ag trádáil mar Aer Arann, leis an tseirbhís aeir go dtí trí oileán Árann a chur ar fáil go dtí deireadh na míosa seo, conradh ar fiú thart ar €800,000 in aghaidh na bliana é.

Tá sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta próiseas tairisceana nua a fhógairt i dtaca leis an gconradh aersheirbhíse go luath.

Fág freagra ar 'Aer Arann díolta ag an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh'