Aengus Ó Snodaigh le ceapadh mar urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge Shinn Féin

Beidh Príomhaoire Shinn Féin ag teacht i gcomharbacht freisin ar Pheadar Tóibín mar chathaoirleach ar an Choiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mar bhall de Choiste Oireachtais na Gaeilge freisin

Aengus Ó Snodaigh le ceapadh mar urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge Shinn Féin

Is é Aengus Ó Snodaigh, Príomhaoire Shinn Féin, atá le fógairt mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí agus an té a mbíodh an cúram sin air Peadar Tóibín curtha ar fionraí ar feadh sé mhí.

Tá sé i gceist fógra a dhéanamh go luath gurb é Ó Snodaigh, a bhí sa ról céanna cheana idir 2003- 2004 agus arís in 2015, a bheidh mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí.

Cuirfear ainm Uí Snodaigh faoi bhráid Choiste Roghnúcháin an pháirtí ar maidin chun go nglacfadh sé leis na cúraimí a bhí ar Pheadar Tóibín i dTithe an Oireachtais agus cuirfear rún oifigiúil faoi bhráid na Dála Dé Máirt seo chugainn. 

Beidh Ó Snodaigh ag teacht i gcomharbacht ar Pheadar Tóibín freisin mar chathaoirleach ar an Choiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreachta agus Gaeltachta agus mar bhall de Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ó Snodaigh go raibh “dúshlán mór” ag baint leis an ról, ach go mbeadh sé “an-sásta” tabhairt faoi chúraimí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí arís.

“Chaith mé cúpla bliain mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin agus tá mé ag súil le cur leis an obair atá ar siúl ag an bpáirtí i dtaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Ó Snodaigh.

Meastar go bhfágfar cúraimí an Phríomhaoire ar Ó Snodaigh chomh maith, agus go leanfaidh sé air mar urlabhraí ar chúrsaí cosanta ag Sinn Féin.

Cuireadh Peadar Tóibín ar fionraí ar feadh sé mhí ón bpáirtí an tseachtain seo caite mar gur vótáil sé i gcoinne reachtaíocht ghinmhillte.

Bhí Tóibín ar dhuine de na polaiteoirí ba ghníomhaí sa bhfeachtas i gcoinne aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus bhí sé ar dhuine den 12 Teachta Dála a vótáil an tseachtain seo caite i gcoinne an Bhille Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil).

Fág freagra ar 'Aengus Ó Snodaigh le ceapadh mar urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge Shinn Féin'