Tá Acht Teanga do Thuaisceart Éireann éilithe ag 35 eagras pobail.
Sheol Conradh na Gaeilge litir chuig Theresa Villiers MP, Státrúnaí na Breataine do Thuaisceart Éireann, thar ceann na n-eagras inné.
Is í Villiers atá ina cathaoirleach ar na cainteanna traspháirtithe atá ar bun faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag na cainteanna seo cruacheisteanna polaitíochta an Tuaiscirt a réiteach, ina measc sin ceist na mbratacha agus na mórshiúlta.
Sa litir, éilíodh “go dtabharfaí tosaíocht d’Acht Gaeilge san idirbheartaíocht atá ag dul ar aghaidh faoi láthair” agus éilíodh ar Westminster Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm “dá mba rud é nach mbeadh tacaíocht traspháirtí le fáil chuige sin.”
Tagraíodh don bhorradh a tháinig faoi ghluaiseacht na Gaeilge le tamall anuas agus don “easpa tacaíochta” don teanga i Stormont.
“Tá gluaiseacht chomhtháithe teanga i ndiaidh teacht chun tosaigh de thoradh comhordú idir grúpaí pobail teanga áitiúla.
Eagraíodh mórshiúl a raibh na mílte duine páirteach ann i lár chathair Bhéal Feirste ar an 12ú d’Aibreán i mbliana mar léiriú ar fhrustachas phobail na Gaeilge faoin easpa tacaíochta traspháirtí i Stormont i dtaca le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach.
Ba é seo an léirsiú ba mhó riamh ag pobal na Gaeilge agus b’imeacht dea-eagraithe, síochánta é.
Tá sé d’aidhm ag pobal na Gaeilge go ndearbhófaí ár gceart a bheith inár bpáirt den tsochaí seo agus, dá réir sin, go neartóimis le sochaí atá forásach agus aibí.”
Tagraíodh freisin do Chomhaontú Chill Rímhinn, a shínigh Rialtais na hÉireann agus na Breataine sa bhliain 2006, a dhearbhaíonn go dtabharfaí Acht Gaeilge isteach le forbairt na Gaeilge a chosaint agus a fheabhsú. Maíodh gur theip ar an dá Rialtas an reachtaíocht a thabhairt i bhfeidhm.
“Is drochtheist ar an rialtas reatha é gurb é seo an t-aon réigiún ar na hoileáin seo nach bhfuil reachtaíocht ann leis an teanga dhúchasach a chosaint, agus an Ghaeilge ar na teangacha is sine agus saibhre san Eoraip,” a scríobhadh.
Seo í an triú litir ar an ábhar seo a cuireadh chuig polaiteoirí le mí anuas.
Chuir na heagrais Turas agus POBAL agus daltaí Choláiste Feirste litreacha chuig páirtithe polaitíochta Stormont agus ráitis Gregory Campbell á gcáineadh acu. Chuir Turas agus POBAL cóip dá litir siúd chuig Theresa Villiers freisin agus Acht Gaeilge á éileamh acu.
Seo a leanas na heagrais a chuir a n-ainm leis an litir:
Éamonn Ó Gribín
Níl teanga oifigiúil ag an Ríocht Aontaithe.
Níl teanga oifigiúil sa Tuaisceart ach oiread.
Ní thuigim éileamh Shinn Féin Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart, áit nach bhfuil fiú Acht Béarla ann!
B’fhearr go mór Acht Teanga (Béarla agus Gaeilge) a bheith rite tríd Westminster.