Acht Gaeilge don Tuaisceart ‘práinneach agus bunreachtúil’ — Coiste Oireachtais

Tá molta i dtuarascáil nua faoi thionchar an Bhreatimeachta ar chúrsaí teanga go gcuirfeadh rialtas na hÉireann in iúl do Rialtas na Breataine cén chomh tábhachtach is atá Acht Gaeilge don Tuaisceart

Acht Gaeilge don Tuaisceart ‘práinneach agus bunreachtúil’ — Coiste Oireachtais

Tá sé “práinneach agus bunreachtúil”  go n-achtófar Acht Gaeilge don Tuaisceart “chomh luath agus is féidir” agus go mbeidh Coimisinéir Teanga mar chuid d’fhorálacha na reachtaíochta sin, dar leis an gCoiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais.

Tá molta i dtuarascáil nua faoi thionchar an Bhreatimeachta ar chúrsaí teanga, a d’fhoilsigh an Coiste inniu, go gcuirfeadh rialtas na hÉireann in iúl do Rialtas na Breataine cén chomh tábhachtach is atá Acht Gaeilge don réigiún.

“Ar na hábhair buartha is mó atá ann tá gan aon bhunús dlíthiúil a bheith ann chun aitheantas agus coimirce a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart na hÉireann faoi láthair.

“Nuair a éireoidh an Bhreatain as an Aontas Eorpach, beidh an chontúirt ann go ndéanfaidh Rialtas na Breataine an tAcht um Chearta an Duine sa Ríocht Aontaithe a aisghairm, agus sa chomhthéacs sin, beidh gá le reachtaíocht eile a bheith i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chosaint agus a chothú,” a scríobhtar sa tuarascáil.

Mhaígh an Coiste go bhfuil an baol ann go laghdófar na naisc atá tógtha idir pobal na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas dá dtiocfadh teorainn chrua i bhfeidhm idir an Tuaisceart agus an chuid eile den tír.

“Tá daoine fostaithe sa dá dhlínse ar an oileán seo san earnáil Ghaeilge agus bíonn na daoine sin ag taisteal agus ag feidhmiú trasna na teorann gach uile lá. Tá daltaí ann freisin i ngach cuid den earnáil oideachais sa chás céanna. Tá an Ghaeilge agus gach rud a bhaineann léi fite fuaite lena chéile agus aithníonn an Coiste, ní hamháin an gá ach an tábhacht atá ann an gréasán sin a choimeád beo agus a neartú,” a scríobhadh.

Tá imní léirithe freisin ag an gCoiste faoina bhfuil i ndán don Ghaeilge ó thaobh maoinithe de. Nuair a bhí ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge os comhair an Choiste níos luaithe i mbliana thug siad le fios go ndéanfar dochar d’eagraíochtaí Gaeilge nuair a stopfar an maoiniú Eorpach le haghaidh tionscadail teanga.

Tá molta ag an gCoiste do Rialtas na hÉireann ceist an mhaoinithe seo a phlé le Rialtas na Breataine sa chaoi is nach ar rialtas na hÉireann amháin a thitfidh an cúram maoiniú a chur ar fáil in áit an mhaoinithe Eorpaigh.

Molann an Coiste don Rialtas a chinntiú leis an Aontas Eorpach féin, agus le Tionól Stormont freisin, go bpléifí ceist an mhaoinithe agus go gcuirfí socruithe cinnte i gcrích ionas “go mairfidh” na heagraíochtaí agus comhlachtaí Gaeilge san am atá le teacht agus nach mbeidh siad “ag brath ar bhallraíocht na Breataine san Aontas Eorpach”.

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge don Tuaisceart ‘práinneach agus bunreachtúil’ — Coiste Oireachtais'

  • Mánus

    Brexit ina bhagairt mhór dos na teangacha Ceilteacha ceart go leor ach acht Ghaeilge Bunreachtúil á mholadh ag polaiteoirí ón Deiscirt! Abair sin leis na Gaeilgeoirí sa Deisceart go mbíonn urthu cur suas le seirbhísí stáit i mBéarla amháin fiú amháin ón Roinn Oideachais!