Achainí déanta ag an Uachtarán ar pháistí na tíre an Ghaeilge a labhairt

Agus é faoi agallamh ar news2day dúirt Micheál D Ó hUigínn le páistí na hÉireann gur orthu a bhí todhchaí na teanga ag brath

Achainí déanta ag an Uachtarán ar pháistí na tíre an Ghaeilge a labhairt

Tá achainí déanta ag Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn ar pháistí na tíre pé Gaeilge atá acu a labhairt chun í a choimeád beo.

Bhí an tUachtarán ag caint ar eagrán speisialta de news2day, seirbhís nuachta RTÉ do dhaoine óga atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer inniu.

D’fhreagair an tUachtarán ceisteanna ó dhaltaí i Scoil Náisiúnta an Bhaile Bhig i dTiobraid Árann a thug cuairt ar Áras an Uachtaráin don ócáid.

Le linn an agallaimh d’achainigh an tUachtarán ar pháistí na tíre an Ghaeilge a úsáid, taitneamh a bhaint aisti agus gan aon imní a bheith orthu faoina labhairt. Dúirt sé gur chuma cé mhéad Gaeilge a bhí acu go raibh sé an-tábhachtach go n-úsáidfeadh siad í mar gur orthu atá slánú na teanga ag brath.

Mura n-úsáideann páistí na tíre na Ghaeilge ní mhairfidh sí, a dúirt an tUachtarán.

Mhol sé chomh maith do pháistí a bheith fiosrach faoin saol agus taitneamh a bhain as eolas a roinnt.

Tá an cairdeas an-tábhachtach, a dúirt sé agus ní foláir a chinntiú go bhfuil cairde ag gach duine agus bheith istigh ag gach duine

Mhol sé do dhaoine óga an misneach a bheith acu an fód a sheasamh ar a son féin agus deis a thabhairt do dhaoine eile an fód a sheasamh ar a son féin chomh maith.

Fág freagra ar 'Achainí déanta ag an Uachtarán ar pháistí na tíre an Ghaeilge a labhairt'