‘Tá an teicneolaíocht againn chun fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar Freeview,’ arsa an BBC

Tá sé deimhnithe ag an BBC gur féidir fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar BBC Alba ar Freeview

bbc alba

Dheimhnigh an BBC do Tuairisc.ie inniu go bhfuil an teicneolaíocht acu le fotheidil roghnacha a chur ar fáil do lucht féachana an stáisiúin BBC Alba.

Dúirt an BBC sa bhliain 2013 nárbh fhéidir fotheidil Bhéarla a dhéanamh roghnach ar an gcóras Freeview mar gheall ar a laghad spáis a bhí ar an mbanda sin. Ach tá athbhreithniú déanta ag an eagraíocht ar an mbanda ó shin agus tá spás a dhóthain anois ann le rogha na bhfotheideal a chur ar fáil.

Thug urlabhraí de chuid na heagraíochta le fios go bhfuil taighde á dhéanamh ag an BBC i láthair na huaire, féachaint ar spéis leis an lucht féachana na fotheidil roghnacha a bheith ar fáil acu.
“Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil formhór an lucht féachana a bhfuil Gàidhlig acu sásta leis na fotheidil ‘buana’ nó neamh-roghnacha atá anois ann agus go meallann siad sin daoine nach bhfuil Gàidhlig acu.

“Nuair a bheidh an taighde is deireanaí curtha i gcrích againn beidh muid in ann cinneadh a dhéanamh cé acu ar cheart dúinn aon athrú polasaí a dhéanamh nó nár cheart,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Tá fáilte curtha ag an eagraíocht feachtasaíochta GàidhligTV roimh an eolas nua ón BBC.

“Ba é cás Freeview an fhadhb ba mhó agus tá réiteach anois ann,” arsa urlabhra le GàidhligTV. “Faoi dheireadh, féadfaidh lucht féachana agus foghlaimeoirí sásamh a bhaint as na cláir. Níl leithscéal teicneolaíochta ag rialtóirí an stáisiúin a thuilleadh. Is ceist tosaíochta atá anois ann. Cé acu is tábhachtaí dóibh: na Gaeil (idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa) nó lucht an Bhéarla, ar a bhfuil BBC Alba ag cur an iomarca béime ná mar is ceart?”

Dúradh freisin nach aon iontas é gur féidir a leithéid a dhéanamh mar nach gcuireann fotheidil mórán d’ualach ar an mbanda ar chor ar bith. Thagair GàidhligTV do chaint an teicneolaí, Neil Wren, a bhíonn ag plé le fotheidil don chomhlacht Screen Systems.

“Subtitles are generally small and the impact of maintaining one or two languages is nothing in comparison to the other data in the stream. While the picture may require a couple of mBps, subtitles take up less than 50kbps of bandwidth,” a dúirt Wren.

Dúirt GàidhligTV go bhfuil “bealach níos fearr ann” agus go bhfuil siad ag súil go gcuirfidh BBC Alba deireadh le fotheidil bhuana Bhéarla ar a gcuid clár.

Fág freagra ar '‘Tá an teicneolaíocht againn chun fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar Freeview,’ arsa an BBC'