Ábhar machnaimh ag Foster agus O’Neill Lá Nollag na mBan

Beidh beirt cheannródaithe as an tuaisceart á gceiliúradh i Meiriceá an tseachtain seo chugainn, ach céard atá i ndán do na bancheannairí ag baile?

Ábhar machnaimh ag Foster agus O’Neill Lá Nollag na mBan

Is breá an chaoi a gcoinnímid traidisiúin beo ach iad a chur in oiriúint do shaol an lae inniu. Ceolchoirmeacha, cóisirí agus imeachtaí eile ar siúl ar fud na tíre Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag agus óstáin, só-spánna agus gnólachtaí eile ag tairiscint ‘margaí’ speisialta do mhná chun Nollaig na mBan nua-aoiseach a cheiliúradh. Lasann roinnt dhá choinneal déag istoíche mar a rinneadh fadó agus roghnaíonn mná eile a scíth a ligean – a bealach féin ag gach duine chun sásamh a bhaint as Nollaig na mBan nó Lá Nollag Beag.

Tráth machnaimh é freisin, deis ag bean chun léirmheas a dhéanamh ar a ról ina saol príobháideach agus ina cuid oibre. Seans é chomh maith chun mná a cheiliúradh sa bhaile agus i gcéin. Maidin Dé Máirt seo chugainn in Washington DC reáchtálfar ócáid Nollaig na mBan chun ceannaireacht na mban sa teaghlach agus sa phobal a chomóradh. I mBostún cuirfear ceann le ceiliúradh ar Nollaig na mBan ag ócáid in ómós do mhná Ghael-Mheiriceánacha.

Beidh bricfeasta poiblí ag club na hOllscoile in Washington in ómós don Bhanbharún May Blood as ceantar na Seanchille i mBéal Feirste. Iar-cheardchumannach i dtionscal an línéadaigh, gníomhaí pobail agus duine de bhunaitheoirí Chónaidhm na mBan í May Blood, Cathaoirleach agus crann taca an oideachais imeasctha. Dhá lá ina dhiaidh reáchtálfar ócáid i mBostún leis an iarUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa agus iarAmbasadóir na hÉireann go Meiriceá, Anne Anderson, chun aitheantas a thabhairt dá gcumas mar cheannródaithe agus dá dtionchar ar fud an domhain.

Anseo sa tuaisceart bhí aird ag a lán ar ról na mban sa saol poiblí agus measúnacht á déanamh ar a n-éifeacht sa pholaitíocht. Tá mná i gceannas ar cheithre cinn de na páirtithe polaitiúla abhus faoi láthair. Bhí an cor sin doshamhlaithe scór bliain nó fiú deich mbliana ó shin nuair a deirtí go mbeadh bail níb fhearr ar an bpolaitíocht dá mbeadh níos mó ban i gceannas. Is beag dá chosúlacht sin ar chúrsaí faoi láthair.

Ceannairí ar pháirtithe beaga iad beirt den cheathrar. Tá Naomi Long i gceannas ar Alliance ó Dheireadh Fómhair 2016 agus Clare Bailey ina ceannaire ar an gComhaontas Glas le dhá mhí. Tá siad araon fuinniúil, údarásach agus gníomhach ina dtoghcheantair. Déanann Bailey an-chuid oibre ar cheisteanna sóisialta agus ba í Long faoi ndear an t-aon ollchruinniú de pháirtithe an Tionóil le dhá bhliain, ach go praiticiúil níl aon tionchar acu ar fhuascailt na sáinne idir an DUP agus Sinn Féin.

Bhí bliain caite ag Arlene Foster i gceannas ar an DUP nuair a thit Stormont, an locht á chur ag Martin McGuinness agus Sinn Féin uirthise as teip roinnt na cumhachta. Tá sí i mbaol mar cheannaire i ngeall ar a nós a cos a chur ann go rímhinic agus i ngeall ar a ról sa phraiseach a rinneadh den scéim fuinnimh inathnuaite, an RHI. Thug margadh soláthair agus muiníne an DUP le Theresa May faoiseamh di ar feadh tamaill ach maítear anois gur ceannaire ‘ar pháipéar’ í agus gur ag na feisirí Parlaiminte atá an svae.

Ainmníodh Michelle O’Neill ina comharba ar McGuinness mar cheannaire ar Shinn Féin i Stormont dhá bhliain ó shin. An duine is óige den cheathrar ban, beidh sí 42 an tseachtain seo. Tá an triúr eile 48. Toghadh í ina leas-uachtarán ar Shinn Féin nuair a roghnaíodh Mary Lou McDonald mar uachtarán an pháirtí agus comharba Gerry Adams anuraidh.

Bhí O’Neill ar fhoireann idirbheartaíochta a páirtí sna cainteanna leis an DUP i mí Feabhra seo caite nuair a shíl Sinn Féin go raibh margadh acu le Arlene Foster. D’éirigh Foster as na cainteanna tar éis an deireadh seachtaine nuair a lig a lucht tacaíochta an gháir dhearg faoi thuairiscí go raibh an DUP ag glacadh le hAcht Gaeilge. Tá an caidreamh idir an dá pháirtí imithe in olcas ó shin agus leagan amach an dá pháirtí ar an mBreatimeacht ag cur leis an teannas. Tá Foster níos tógtha le héilimh na heite is antoiscí de na Tóraithe i bhfabhar imeacht as an Aontas Eorpach agus tá O’Neill agus Sinn Féin éagumasach faoin gceist. Níl faic déanta acu chun fóint ar phobal atá gan rialtas díláraithe, gan riail dhíreach.

Más faoi Foster agus O’Neill léirmheas a dhéanamh go hionraic ar a bhfuil déanta acu mar cheannairí ar mhaithe leis an bpobal, beidh ábhar machnaimh acu an Lá Nollag na mBan seo. An mbeadh an scéal aon bhlas níos fearr dá mbeadh fir i gceannas ar an dá pháirtí sin? Drochsheans: go deimhin deirtear gur comhcheannaireacht (fir den chuid is mó) atá ar an dá pháirtí. Mar bhean atá ag fáil locht ar bhancheannairí, ní mór dom a rá gur casadh dearfach é go bhfuil mná sa ról sin chomh coiteann gurb iad na critéir léirmheasta chéanna a úsáidtear i dtaca le fir agus mná mar cheannairí.

Fág freagra ar 'Ábhar machnaimh ag Foster agus O’Neill Lá Nollag na mBan'

  • Derry O'Sullivan

    An-suimiúil, rí-thábhachtach!