Abair liom arís, a Mhamaí, cad é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael?

Smaointe fánacha faoi lá stairiúil i saol na tire, faoin gcomhrialtas nua agus faoin dúshlán atá rompu

Abair liom arís, a Mhamaí, cad é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael?

Pictiúr: Áras an Uachtaráin

Cuirfidh an víreas corónach brú as cuimse ó thús ar cheannairí agus ar airí an chomhrialtais nua.

Tá deireadh curtha leis an idirlinn a thosaigh 140 lá ó shin agus tá an rialtas nua ar tí tabhairt faoin obair achrannach a bheidh riachtanach leis an dochar atá á dhéanamh do gach gné de shaol na tíre a leigheas.

Ní heol do dhuine ar bith fós cén t-achar a mhairfidh an tréimhse athnuachana agus téarnaimh, mar a thug an Taoiseach nua air.

Ach seo a leanas smaointe fánacha a spreag seisiún na Dála inné agus na himeachtaí eile in Áras an Uachtaráin agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Grafaic: Tuairisc.ie

Lá stairiúil (1): Is fada an lá ó bhí baint dáiríre ag Cogadh na gCarad leis an deighilt idir Fianna Fáil agus Fine Gael. Ach d’oir sé don dá pháirti an bhearna eatarthu a choimeád go dtí Dé hAoine. Is ionann admháil an mhóraimh san dá pháirtí nach bhfuil aon dul as acu anois ach tarraingt le chéile agus admháil nach bhfuil aon difríocht bhunúsach eatarthu níos mó. Tuigfear go forleathan feasta nach bhfuil iontu i bhfírinne ach dhá chleite ar éan amháin. Abair liom arís, a Mhamaí, cad é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael?

Lá stairiúil (2): Ní sa rialtas amháin a cuireadh athrú stairiúil i gcrích Dé Sathairn. Is í Mary Lou McDonald ceannaire nua an fhreasúra (an chéad bhean riamh a bhain an gradam amach) agus is é Sinn Féin príomhpháirtí an fhreasúra. Is ag Sinn Féin a bheidh an tosaíocht as seo amach, beidh deis gach lá ag Teachtaí Dála an pháirtí an chéad cheist a chur ar an Taoiseach agus ar airí rialtais.

Áthas: Is ag Norma Foley, Teachta Dála nuathofa Fhianna Fáil i gCiarraí, a bhí an chúis áthais is mó nuair a dúirt Micheál Martin léi go raibh sí á ceapadh mar aire oideachais. De ghnáth ní thugtar post rialtais do Theachta Dála nuathofa. Ceapadh seachtar eile mar airí sinsearacha den chéad uair: Barry Cowen, Michael McGrath, Darragh O’Brien agus Stephen Donnelly ó Fhianna Fáil, Helen McEntee ó Fhine Gael, agus Catherine Martin agus Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas.

Aiféala: Dheimhnigh bunú an chomhrialtais idir trí pháirtí nach raibh aon dul as ag ceannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael ach daoine sinsearacha a bhrú i leataobh. Ar na daoine sin bhí na hiar-airí de chuid Fhine Gael, Richard Bruton, Michael Creed, Charlie Flanagan, Josepha Madigan, Joe McHugh agus Eoghan Murphy agus scata Teachtaí Dála i bhFianna Fáil a shíl go raibh cúis réasúnta dóchais acu go gceapfaí iad, daoine amhail Anne Rabbitte, Jack Chambers, Thomas Byrne, Jim O’Callaghan, Robert Troy agus Dara Calleary (a ceapadh ina Phríomh-Aoire).

Airí Stáit: Beidh Micheál Martin agus Leo Varadkar beirt ag iarraidh freastal ar dhá thrá agus airí stáit á roghnú acu. Beidh ábhar sóláis á lorg ag dream nach beag sa dá pháirtí nach bhfuair poist mar airí sinsearacha, agus beidh fonn orthu ardú céime a thabhairt do chorrTheachta Dála óg. Thairis sin, áfach, beidh orthu smaoineamh ar chúrsaí tíreolais.

Contaetha gan aire: Ceapadh Teachtaí Dála as seacht gcontae mar airi rialtais Dé Sathairn. Fágann sin nach mbeidh ionadaí sinsearach sa rialtas ag 18 contae: Dún na nGall, Liatroim, Sligeach, an Cabhán, Maigh Eo, Ros Comáin, Gaillimh, An Longfort, an Iarmhí, Laois, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Loch Garman, Port Láirge, Tiobraid Árann, Luimneach agus an Clár.

 Mná na hÉireann: Ceapadh ceathrar ban mar airí sa rialtas nua: Heather Humphreys, Helen McEntee, Catherine Martin agus Norma Foley. Ní haon dul chun cinne é: bhí ceathrar ban sa rialtas a chuaigh as oifig chomh maith. Is díol suntais é mar sin go bhfuil naonúr ban i measc an t-aon Seanadóir déag a d’ainmnigh an Taoiseach in éineacht le Leo Varadkar agus Eamonn Ryan.

An scaradh sóisialta: Bhí rian léanmhar an choróinvíris soiléir le linn imeachtaí uile an lae i Lárionad Comhdhála Bhaile Átha Cliath, in Áras an Uachtaráin agus i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Chuir an víreas bac ar mhuintir an Taoisigh agus na n-airí nua a bheith i láthair, ar chroitheadh lámh agus ar an gceiliúradh croíúil a fheictear gach uair a thoghtar Taoiseach agus rialtas nua.

Léirigh an scaradh sóisialta a bhí i réim ar feadh an lae go follasach an tslí ina bhfuil saol na tíre curtha as a riocht. Ní foláir smaoineamh i gcónaí ar an mbrú síceolaíoch a chuireann an feachtas in aghaidh an víris ar pholaiteoirí, fearacht gach duine sa tír.

Fág freagra ar 'Abair liom arís, a Mhamaí, cad é an difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael?'

  • Tiarnan de Fréine

    Níl aon difir, a stór! Trí litir, síneadh fada amháin, agus beagnach céad bliain!!

  • Des O Murchu

    Na bac beidh muid scrioste le canacha mora breise muid fagtha gan pingin gan aras!