A roghanna iarBhreatimeachta á gcúngú ag Johnson lena phlean ‘aisteach’ – Coveney

Tá rún ag Boris Johnson reachtaíocht a thabhairt isteach a d’fhágfadh go mbeadh sé mídhleathach an idirthréimhse Bhreatimeachta a ligean níos faide ná deireadh na bliana seo chugainn

A roghanna iarBhreatimeachta á gcúngú ag Johnson lena phlean ‘aisteach’ – Coveney

Pictiúr: Sam boal/Rollingnews.ie

Tá meabhrú tugtha ag an Tánaiste Simon Coveney do Boris Johnson nach go maith a chuaigh spriocdhátaí nach bhféadfaí cloí leo don Ríocht Aontaithe le trí bliana anuas.

Bhí an Tánaiste ag tagairt don scéala go bhfuil rún ag Boris Johnson reachtaíocht a thabhairt isteach a d’fhágfadh go mbeadh sé mídhleathach an idirthréimhse Bhreatimeachta a ligean níos faide ná deireadh na bliana seo chugainn.

Dúirt Coveney gur “aisteach” an plean a bhí ag Johnson mar gurb amhlaidh go gcuirfeadh sé ceangal ar an Ríocht Aontaithe ó thaobh na roghanna a bheadh acu sna cainteanna trádála atá le teacht.

Dúirt Ardstiúrthóir Trádála an Choimisiúin Eorpaigh, Sabine Weyand, go bhfágfadh plean Johnson gur lú den uaillmhian a bheadh in aon mhargadh a dhéanfaí.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney nach raibh aon bhrú á chur ag aon duine ar an Ríocht Aontaithe síneadh ama eile a lorg do na cainteanna iarBhreatimeachta ach go mbeadh na cainteanna sin an-chasta.

“Níl iachall á chur ag aon duine ar an Ríocht Aontaithe cur isteach ar shíneadh ama leis an idirthréimhse, ach tá an rogha sin acu go dtí lár an tsamhraidh seo chugainn má tá sí ag teastáil uathu, agus is amhlaidh go bhfuil Boris Johnson ag cur as an áireamh rogha a cuireadh isteach sa chomhaontú aistarraingthe ar mhaithe leis an mBreatain.

“Tuigimid go léir go mbeidh na cainteanna i ndiaidh imeacht na Breataine as an AE an-chasta go deo. Beidh iliomad réimsí i gceist, ní comhaontú saorthrádála amháin. Caithfear déileáil chomh maith le slándáil, cosaint sonraí agus iascaireacht. Tá ualach réimsí i gceist agus beidh idirbheartaíocht mhion le déanamh fúthu ar fad,” arsa an Tánaiste Simon Coveney.

Is nuair a fhágfaidh an Bhreatain an tAE ar an 31 Eanáir a thosóidh an plé casta faoin gcaidreamh a bheidh idir an dá thaobh amach anseo. De réir an mhargaidh a rinne Boris Johnson leis an AE, fanfaidh an Ríocht Aontaithe sa mhargadh aonair agus san aontas custam go dtí an 31 Nollaig 2020 ach bheadh cead síneadh suas go dtí dhá bhliain a chur leis an idirthréimhse sin dá n-aontófaí sin a dhéanamh roimh an 1 Iúil.

Is é an rud is déanaí atá ráite ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson, áfach, go dtabharfaidh a rialtas isteach reachtaíocht a chuirfeadh an cead sin a chur ar ceal.

Fág freagra ar 'A roghanna iarBhreatimeachta á gcúngú ag Johnson lena phlean ‘aisteach’ – Coveney'