A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine

Naoscairí na Ríochta as alt, coimhlint ghéar i sraith na mban agus ábhar dóchais don Dún faoi dheireadh

A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Naoscairí na Ríochta as alt

“Bhí deiseanna againn agus níor thapaigh muid iad.” Sin a deir bainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice i ndiaidh dá fhoireann cailliúint Dé Domhnaigh in aghaidh Mhuineacháin ach d’fhéadfadh gur ag labhairt faoin gcluiche a chaill siad i gcoinne Mhaigh Eo coicís ó shin a bhí sé.

Nuair a thug na Connachtaigh cuairt ar Thrá Lí, theip ar Chiarraí na deiseanna a bhí acu a thapú, go háirithe sa chéad leath, agus tháinig Maigh Eo ar ais chun an bua a fháil. Tharla an rud céanna inné i Staid Mhic Gearailt agus chaithfeadh gur cúis imní do Fitzmaurice nach bhfuil an beart á dhéanamh ag a chuid tosaithe.

In aghaidh Mhaigh Eo, níor aimsigh ach beirt de na tosaithe a thosaigh an cluiche, Paul Murphy agus Jack Savage, pointí ón imirt. Ó tharla James O’Donoghue a bheith ar iarraidh don chluiche sin agus gur gortaíodh Paul Geaney sa chéad leath, b’fhéidir go raibh leithscéal ag Ciarraí.

Ní raibh an leithscéal sin acu inné i gCill Airne, áfach. Bhí O’Donoghue agus Geaney ag imirt ón tús ach mar sin féin, níor éirigh le haon tosach seachas Murphy scór a fháil ón imirt, agus ní bhfuair Murphy féin ach pointe amháin.

Fágann an chailliúint is déanaí seo go bhfuil ocht gcluiche imeartha sa bhaile ag Ciarraí sa tsraith ó thús 2015 agus cúig cinn acu sin caillte acu. Más fúthu an scéal sin a athrú, caithfidh na tosaithe acu a bheith níos cruinne.

Kevin Walsh. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Fir agus mná na Gaillimhe ag dul ó neart go neart

Tá ag éirí thar barr le foirne peile na Gaillimhe, idir fhir agus mhná, an t-earrach seo agus an dá fhoireann ar bharr a gcuid táblaí. Bhuaigh an dá fhoireann arís Dé Domhnaigh ach ní mar a chéile an bealach ar éirigh leo an t-aicsean a dhéanamh.

I Staid an Phiarsaigh, bhí bua cuimsitheach ag na fir i gcoinne an Chláir. Ocht bpointe a bhí le spáráil acu ar an bhfreasúra agus is cinnte go mbeidh Kevin Walsh sásta go maith lena bhfaca sé, go háirithe ó chuid de na himreoirí nua atá tagtha isteach le linn na sraithe.

Idir an cúl báire, Rory Lavelle, an lánchúlaí, David Walsh, agus Michael Daly sna tosaithe, is cinnte go bhfuil na himreoirí óga a bhfuil seans á tabhairt dóibh ag tapú na deise sin. Ina dteannta, bhí scata imreoirí ó Chora Finne ar ais ar an mbinse do Ghaillimh agus tá seans maith anois ag an bhfoireann ardú céime a bhaint amach go dtí Roinn 1.

Tá mná na Gaillimhe i Roinn 1 ina sraith siúd cheana féin agus rún acu an comórtas sin a bhuachan den chéad uair. Cé go raibh siad imreoir gann agus sé phointe chun deiridh agus gan ach deich nóiméad fágtha in aghaidh Ard Mhacha, d’éirigh le Gaillimh an taoide a chasadh roimh chríoch an chluiche.

Ba í Mairéad Seoige laoch na Gaillimhe, d’aimsigh sí dhá chúl sna ceithre nóiméad dheireanacha. Tháinig an dara cúl leis an gcic deireanach a d’fhág bua drámata, 2-11 in aghaidh 1-12, ag mná na Gaillimhe.

Coimhlint ghéar i sraith na mban

Beidh coimhlint ghéar ann i Roinn 1 de Shraith Náisiúnta Peile na mBan i mbliana agus trí fhoireann cothrom ar bharr an tábla faoi láthair. Tá an Ghaillimh, Corcaigh agus Baile Átha Cliath ar comhchéim agus trí bhua faighte acu ar fad ina sa gcéad cheithre chluiche.

Ar an Satharn, bhí an bua ag Corcaigh ar Mhaigh Eo i mBéal Átha na Muice, 3-9 in aghaidh 1-8. Tá Corcaigh ag iarraidh a gcúigiú sraith as a chéile a bhuachan agus tá siad ar bharr an tábla agus fiú gan fáil acu ar cheathrar de na himreoirí is mó taithí atá acu. Tá aon bhonn uile-Éireann déag ag  Briege Corkery, Rena Buckley, Bríd Stack agus Deirdre O’Reilly, ach níor imir aon duine acu fós i sraith 2017 agus ní fios an imreoidh siad ar chor ar bith i mbliana.

Is iad Baile Átha Cliath an fhoireann eile atá san iomaíocht ag barr na sraithe. Bhí farasbarr  seacht bpointe, 2-17 i gcoinne 3-7, acu in aghaidh Dhún na nGall Dé Domhnaigh agus d’aimsigh Carla Rowe agus Lyndsey Davey cúil sa dara leath.

Tá an iomaíocht chomh dian céanna ag bun na sraithe mar a bhfuil Maigh Eo, Muineachán agus Ard Mhacha uile cothrom agus trí phointe acu ar fad.

Eamon Burns. Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Ábhar dóchais ann don Dún faoi dheireadh

Nuair a chaill an Dún i gcoinne an Chláir i mBabhta 2 den tsraith peile beagán os cionn coicíse ó shin, ba é an 14ú cluiche as a chéile a chaill na hUltaigh sa tsraith agus sa chraobh. Tuairiscíodh arís i ndiaidh an chluiche sin go raibh deacrachtaí idir lucht bainistíochta an Dúin agus cuid de na himreoirí is fearr sa chontae.

Rinne bord an chontae cáineadh ar na tuairiscí sin i rith na seachtaine ach is léir nach bhfuil gach rud mar is ceart nuair nach bhfuil imreoir ar bith ó Chill Chua, a bhfuil craobh an Dúin buaite cúig huaire as a chéile acu, sásta imirt don chontae.

Pé achrann atá ann, bhí dóchais ar pháirc na himeartha ag an Dún ag an deireadh seachtaine nuair a fuair siad a gcéad bhua ó mhí Aibreáin 2015. Bhí an t-ádh leo sa chluiche sin in aghaidh na Mí oíche Dé Sathairn agus scóráladh cúl an bhua leis an mbuille deireanach. Beidh lucht leanúna an chontae ag súil go dtabharfaidh an méid sin misneach dóibh don chuid eile don tsraith.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluichí sraithe CLG an deireadh seachtaine'