‘A n-aghaidh sa ghaineamh’ ag an Roinn Oideachais faoi líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge Ardteiste

Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí teanga agus oideachais ar an Roinn Oideachais faoin scéala nach bhfuair beagnach duine as gach ceathrar daltaí ardteiste aon toradh Gaeilge i mbliana

‘A n-aghaidh sa ghaineamh’ ag an Roinn Oideachais faoi líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge Ardteiste

Tá “a n-aghaidh sa ghaineamh” ag an Roinn Oideachais maidir leis an líon ard daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge don Ardteist.

Tá cáineadh géar déanta ag eagraíochtaí teanga agus oideachais ar an Roinn Oideachais faoin scéala nach ndearna beagnach duine as gach ceathrar, aon toradh Gaeilge i mbliana.

“Peaca” atá ann go bhfuil oiread daoine nach bhfuil an Ghaeilge á déanamh ar chor ar bith acu, dar le Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas.

“Is dóigh liom gur peaca amach is amach go bhfuil an céatadán chomh hard agus nach bhfuil muid ag déanamh go leor, nach bhfuil an cúrsa ag déanamh go leor chun na scoláirí a mhealladh ag leibhéal na hArdteiste i dtreo na Gaeilge agus gan amhras, in ainneoin go bhfuil muid ag impí le fada, níl aon athrú tagtha ar an gcóras díolúine atá ag cruthú fadhbanna suntasacha agus tromchúiseacha ag leibhéal na hArdteiste,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin.

De réir anailís Tuairisc ar thorthaí na hArdteiste a foilsíodh an tseachtain seo caite, seo an ceathrú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach bhfuair aon toradh Gaeilge os cionn 20%.

Scannal é seo, a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus dar leis nach bhfuil faic á dhéanamh ag an Roinn Oideachais chun an fhadhb a leigheas.

“Nuair a chuireann tú an rud ar fad san áireamh, tá sé scannalach go bhfuil muid ag an bpointe nach bhfuil an ceathrú cuid de na daoine atá ag suí na hArdteiste ag déanamh na Gaeilge.

“Caithfear tabhairt faoi, caithfear aghaidh a thabhairt air. Sin an rud atáimid tar éis a bheith a rá leis an Roinn Oideachais le roinnt blianta anuas, ach ní dóigh liom go bhfuil aon obair ag dul ar aghaidh chun dul i ngleic leis seo.”

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

An scoilbhliain seo caite, 2023-24, bhí díolúine ón nGaeilge ag 15% de na daltaí go léir a rinne an Ardteist.

Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, ach tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ó shin.

“Faraor, níl aon iontas orm faoin laghdú leanúnach atá ag tarlú le líon na ndaltaí atá ag tógáil na bpáipéar Gaeilge ag leibhéal na hArdteiste,” a deir Bláthnaid Ní Ghréacháin.

“Is dóigh liom nuair a athraíodh an córas do na díolúintí, go bhfuil an fhadhb ag dul in olcas agus ag méadú, agus tá sciar maith de réir mar a thuigimid – 70% ar a laghad shamhlóinn den 24% nach bhfuil ag tabhairt faoin nGaeilge san Ardteist – go mbaineann sé le díolúine a bheith acu ón gcóras. Is dóigh liom gurb é sin an míniú is soiléire agus is suntasaí ar an bhfadhb atá ann.”

Deir Julian de Spáinn gur léir ó na cáipéisí a bhaineann le hullmhú an pholasaí oideachais nua don Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht nach bhfuil “aon phlean” ag an Roinn Oideachais le tabhairt faoi cheist na díolúine. Dúradh go sonrach sna cáipéisí sin nach mbeidh cás na díolúine á chur san áireamh sa pholasaí nua.

“Tá a n-aghaidh sa ghaineamh. Go bunúsach níl siad ag tabhairt faoi seo, níl aon phlean acu tabhairt faoi agus tá an fhadhb ag éirí níos measa,” a deir Julian de Spáinn.

Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.

I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go gceapann daltaí áirithe nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.

Ar na daoine sin, bíonn daltaí a théann ag staidéar thar lear.

Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil ceisteanna le freagairt chomh maith faoi líon na ndaoine nach bhfuil díolúine acu agus nach dtugann faoin nGaeilge. Deir sí go bhfuil an baol ann go bhfeictear do dhaoine nach bhfuil “aon ghá” leis an teanga chun dul ar aghaidh leis an staidéar.

Tá ceist ann freisin faoin easpa scrúdú cainte ag leibhéal na Sraithe Sóisearaí, a deir sí.

“De réir mar a thuigimid ar fad, ag leibhéal na hArdteiste tá 40% den mharc iomlán ag dul ar an scrúdú béil, ach níl aon taithí ná an t-ullmhúchán cuí mar gheall air sin faighte ag na scoláirí ar an scrúdú béil agus ar an riachtanas a bhaineann le cumarsáid nádúrtha a dhéanamh sa teanga. Is dóigh liom go míníonn sé seo go leor faoin drogall atá freisin ar scoláirí agus iad ag tabhairt faoin scrúdú.”

Polasaí nua oideachais don Ghaeilge “ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal” atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge le fada.

Polasaí “cuimsitheach comhtháite” amháin atá bunaithe ar an gComhchreat Tagartha na Eorpa um Theangacha (CEFR) atá ag teastáil, a deir Julian de Spáinn.

“Dalta a bhfuil riachtanas speisialta acu maidir leis an scríobh, mar shampla, cén fáth nach bhféadfaidís Ardteist a dhéanamh bunaithe ar an scrúdú béil amháin agus go mbeadh siad in ann teacht ar na pointí CAO agus nach mbeadh siad curtha amach as an rang Gaeilge?

”Bheadh córas i bhfad níos solúbtha, níos cuimsithí nó níos uilechuimsithí i gceist dá mbeadh an fráma in úsáid agus dá mbeadh sin in úsáid ó thús go deireadh sa chóras ar fad. Bheadh sé i bhfad níos fearr le freastal ar na daltaí agus d’fhéadfaí difear a dhéanamh faoin gcéatadán a dhéanann Gaeilge don Ardteist agus go dtiocfadh feabhas air, in ionad an rud atá ag tarlú faoi láthair – go bhfuil sé ag éirí níos measa bliain i ndiaidh bliana.”

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin go mbíonn tionchar ag an méadú ar an líon daltaí nach ndéanann scrúdú Gaeilge don Ardteist ar chás na teanga sa chóras oideachais trí chéile.

”Is dóigh liom, nuair atáimid ag plé le mionteanga ar nós na Gaeilge go mbíonn tionchar ag chuile rud ar a chéile, tá tionchar ag gach uile rud a tharlaíonn sa chóras oideachais mar a bhaineann leis an nGaeilge ar na Gaelscoileanna agus ar na Gaelcholáistí agus má tá titim i líon na scoláirí atá ag déanamh staidéar ar an teanga, tá tionchar aige sin ar sholáthar múinteoirí, ar an infheistíocht trí chéile a dhéanann an stát sa Ghaeilge, ar theagasc agus foghlaim na Gaeilge agus ar sholáthar téacsleabhar agus ar raon agus caighdeán na dtacaíochtaí.

”Is dóigh liom go bhfuil sé thar a bheith soiléir go bhfuil an dá chóras idirspleách agus ag brath ar a chéile agus tá sé an-soiléir rudaí atá ag imirt tionchar ag leibhéal na Gaeilge mar ábhar sna scoileanna meán Béarla go bhfuil tionchar indíreach agus díreach ar theagasc agus foghlaim na Gaeilge sna Gaelcholáistí agus sna Gaelscoileanna freisin.”

60,937 a rinne an Ardteistiméireacht Bhunaithe nó Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus 50,021 díobhsan a fuair toradh Gaeilge an tseachtain seo caite.

Deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon fhigiúir acu go fóill maidir le cé mhéad den 4,507 dalta a rinne an Ardteist Fheidhmeach i mbliana a fuair toradh Gaeilge.

Fágann sin go mbeidh an figiúir deireanach do líon na ndaltaí nach bhfuair aon toradh Gaeilge i mbliana níos lú ná 24%.

Dúirt an Roinn Oideachais nach mbronntar díolúine ón nGaeilge ar dhaltaí ach i gcásanna eisceachtúla agus go bhfuil an Roinn tiomanta don Ghaeilge mar dhlúthchuid den churaclam. Dúradh go ndéanann an Roinn iarracht a chinntiú go mbíonn oideachas Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do chách agus go dtugtar aitheantas ag an am céanna do na riachtanais ar leith a bhíonn ag daltaí áirithe i gcásanna eisceachtúla.

 

 

Fág freagra ar '‘A n-aghaidh sa ghaineamh’ ag an Roinn Oideachais faoi líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge Ardteiste'