A ‘muinín ar fad’ caillte ag tuismitheoirí Choláiste Lú san LMETB agus pátrún úr á lorg acu

Reáchtáladh agóid taobh amuigh den Dáil an tseachtain seo chun aird an Aire Oideachais, Joe McHugh, a tharraingt ar an tsáinn ina bhfuil daltaí san aonad Gaeilge Coláiste Lú i nDún Dealgan

A ‘muinín ar fad’ caillte ag tuismitheoirí Choláiste Lú san LMETB agus pátrún úr á lorg acu

Tá “an mhuinín ar fad caillte” ag tuismitheoirí atá ag éileamh oideachas lán-Ghaeilge dá gclann i gColáiste Lú, an t-aonad Gaeilge i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan, agus pátrún úr á lorg acu.

Dúirt urlabhraí ó ghrúpa tuismitheoirí Choláiste Lú do Tuairisc.ie go bhfuiltear “ag amharc i dtreo” An Foras Pátrúnachta, pátrún a bhíonn ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, “ar mhaithe le hoideachais Ghaeilge a chur ar fáil i gContae Lú”.

Reáchtáladh agóid taobh amuigh den Dáil an tseachtain seo chun aird an Aire Oideachais, Joe McHugh, a tharraingt ar an tsáinn ina bhfuil daltaí de chuid Choláiste Lú, mar a bhfuil titim mhór tagtha ar líon na n-ábhar atá á múineadh trí Ghaeilge sa scoil ó thús na bliana seo.

Dúradh san achainí, a cuireadh faoi bhráid an Aire Oideachais an tseachtain seo, nár léirigh Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí, LMETB, “fís ar bith” maidir leis an oideachas lán-Ghaeilge a fheabhsú i gColáiste Lú.

Dúradh sa litir nár léir don ghrúpa tuismitheoirí go raibh an LMETB sásta “freagracht ar bith” a ghlacadh maidir leis “an droch-chás” ina bhfuil na daltaí atá ag freastal ar an aonad Gaeilge.

Maíodh sa litir chomh maith go raibh an baol ann nach mbeadh aon rogha eile acu ach a gcuid páistí a thógáil amach as Coláiste Lú.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Aidan Kinsella, urlabhraí de chuid an ghrúpa tuismitheoirí i gColáiste Lú, go raibh “teachtaireacht shoiléir” acu don Aire Oideachais.

“Ba mhaith linn go mbronnfaí pátrún nua ar Choláiste Lú. Tá teachtaireacht shoiléir againn, go bhfuil muinín caillte ar fad againn as pátrún na scoile, an LMETB, agus tá muid anois ag amharc i dtreo an Fhoras Pátrúnachta ar mhaithe le réiteach a fháil ar an scéal.”

Dúirt Kinsella, gur “údar náire” a bheadh ann dá mbainfí an t-aonad Gaeilge ón soláthar oideachais a chuireann an bord oideachais ar fáil “ach gurb í an fhírinne í go raibh Coláiste Lú anois á lua mar shampla d’aonad Gaeilge faoi stiúir Bhord Oideachais Béarla nach n-éiríonn leis ar chor ar bith”.

“Tá múnla an aonaid Ghaeilge á chur chun cinn ag an Roinn Oideachais mar rogha do thuismitheoirí atá ag cuardach oideachas trí Ghaeilge dá bpáistí. Léiríonn iompar an LMETB go bhfuil easnaimh mhóra i gcur chuige na Roinne agus cruthaíonn sé ceisteanna eile faoi bhoird oideachais Béarla a bhfuil aonad Gaeilge faoina chúram,” a dúirt Aidan Kinsella, urlabhraí an ghrúpa tuismitheoirí i gColáiste Lú.

Tá scéal Choláiste Lú go mór i mbéal an phobail ó thús na bliana, tráth ar tháinig laghdú mór ar líon na n-ábhar a bhí á dteagasc trí Ghaeilge san aonad Gaeilge atá ag feidhmiú san iarbhunscoil Béarla Coláiste Chú Chulainn.

Tá sé ráite ag Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí An Foras Pátrúnachta gur “sop in áit na scuaibe” aonaid Ghaeilge agus nach mbíonn i ndán dóibh ach  “teip”.

Dúirt Ó hEaghra gur cur chuige “iomlán faillíoch” ag an Roinn Oideachais é aonaid a bheith á gcur chun cinn acu in áit scoileanna neamhspleácha lán-Ghaeilge a bhunú.

Dúirt sé go bhfuil an fhadhb sin le feiceáil sa chonspóid faoi Choláiste Lú i gcontae Lú faoi láthair agus gur “léiriú an-mhaith” cás na scoile sin “ar na deacrachtaí a bhíonn ag aonaid”.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid An Foras Pátrúnachta go bhfuil cumarsáid leanúnach ar bun idir tuismitheoirí Choláiste Lú agus an Foras Pátrúnachta, pátrún a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge, maidir leis an soláthar oideachais lán-Ghaeilge atá á chur ar fáil i gContae Lú.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer nach raibh sé sásúil in aon chor go raibh ar dhaltaí  Choláiste Lú agus a dtuismitheoirí  “taisteal go Baile Átha Cliath lena gcearta chun oideachas trí mheán na Gaeilge, mar a bhí á fáil acu roimh bhriseadh scoile an tsamhraidh, a éileamh. Seasann Conradh na Gaeilge leo agus tacaíonn muid go láidir lena n-éileamh.”

Fág freagra ar 'A ‘muinín ar fad’ caillte ag tuismitheoirí Choláiste Lú san LMETB agus pátrún úr á lorg acu'