A cúig oiread d’ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Tuaisceart molta i dtuarascáil nua

Rinne grúpa saineolaithe moltaí maidir le céard ba cheart a bheith sa straitéis nua Ghaeilge atá geallta do Thuaisceart Éireann

A cúig oiread d’ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Tuaisceart molta i dtuarascáil nua

20,000 cainteoir laethúil Gaeilge an sprioc ba cheart a bheith ag straitéis teanga nua don Tuaisceart.

Sin ceann de na príomh-mholtaí atá i dtuarascáil nua a d’fhoilsigh an tAire Pobal Deirdre Hargey inné.

Grúpa saineolaithe ó shaol na teanga agus ón saol acadúil a rinne na moltaí a bhfuil sé mar aidhm leo an Ghaeilge a chur chun cinn ó thuaidh agus an teanga a chosaint as seo go ceann fiche bliain.

B’ionann an sprioc 20,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bhaint amach faoi 2042 agus a cúig oiread d’ardú ar líon na gcainteoirí laethúla. De réir Dhaonáireamh 2011, bhí an Ghaeilge mar phríomhtheanga ag 4,045 duine i dTuaisceart Éireann, sin 0.24% den phobal.

Moltar go ndéanfaí an dul chun cinn ar an sprioc nua a mheas bunaithe ar fhigiúirí an daonáirimh gach deich mbliana.

Moltar chomh maith go leagfaí síos sprioc go mbeadh 500,000 duine ann a mbeadh eolas ar an nGaeilge acu ó thuaidh faoi cheann fiche bliain, beagnach a thrí oiread níos mó ná mar a bhí ansin deich mbliana ó shin. 184,898 a dúirt go raibh eolas acu ar an teanga in 2011.

An phríomhsprioc atá sa cháipéis úr freisin go ndéanfaí forbairt ar an oideachas lán-Ghaeilge agus go mbeadh gaeloideachas á chur ar 10% de dhaltaí an réigiúin faoi cheann 20 bliain.

Tá tuairimí an phobail anois á lorg ag an Roinn Pobal faoi na moltaí nua.

Gealladh straitéis nua don Ghaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua a foilsíodh breis is dhá bhliain ó shin ach tá pobal na Gaeilge ó thuaidh fós ag fanacht uirthi.

Gheall Rialtas na Breataine go dtabharfaí reachtaíocht teanga isteach in Westminster anuraidh mura ndéanfaí an cúram in Stormont. Tá súil ann anois go dtabharfar isteach an reachtaíocht roimh thoghchán an Tionóil mí na Bealtaine.

Agus na moltaí á seoladh aici, ghabh an tAire Pobal Deirdre Hargey buíochas leis an gcoiste a chuir i dtoll a chéile iad.

“Bhí a gcuid eolais agus taithí, agus a réimse leathan saineolais thar a bheith luachmhar,” a dúirt sí.

Bhí Julian de Spáinn, Jake Mac Siacais, an Dr Janet Muller, an Dr Gabrielle Nig Uidhir agus an tOllamh Malachy Ó Néill ar an bpainéal a rinne na moltaí ar an straitéis nua Ghaeilge.

17 moladh a rinne na saineolaithe chun na príomhspriocanna a luaigh siad a bhaint amach.

Baineann na moltaí leis an reachtaíocht; seirbhísí poiblí; an t-oideachas; forbairt na Gaeilge mar theanga theaghlaigh; an Ghaeilge sa phobal agus i measc na hóige; an Ghaeilge sa saol eacnamaíochta; an Ghaeilge sna meáin; agus cúrsaí taighde.

Fág freagra ar 'A cúig oiread d’ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Tuaisceart molta i dtuarascáil nua'