Fiosrúchán cuimsitheach ar an nGarda Síochána fógartha agus éirí as an Choimisinéara fós á éileamh

Le linn caint theasaí sa Dáil inniu, d’éiligh baill den fhreasúra arís eile go n-éireodh Nóirín O’Sullivan as a cúraimí

Fiosrúchán cuimsitheach ar an nGarda Síochána fógartha agus éirí as an Choimisinéara fós á éileamh

Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh muinín ag an bpobal as aon eolas a chuireann an Garda Síochána ar fáil, a dúradh i ráiteas a d’eisigh an Rialtas tráthnóna agus fiosrúchán seachtrach á fhógairt maidir leis an gconspóid is déanaí san fhórsa.

Dúradh sa ráiteas gur aithin an Rialtas gur údar mór imní don phobal agus d’ionadaithe poiblí an chonspóid faoi thuairisciú falsaithe ar thorthaí tastálacha anála agus faoi chiontú 15,000 duine san éagóir faoin gcóras pointí píonóis.

Thug an Taoiseach le fios níos luaithe inniu sa Dáil go raibh tacaíocht an rialtais i gcónaí ag Coimisinéir na nGardaí, Nóirín O’Sullivan, in ainneoin go bhfuil roinnt mhaith daoine sa fhreasúra ag éileamh go n-éireodh sí as.

“Ní faoi aon duine amháin an scéal seo ach faoi struchtúr an Gharda Síochána,” a dúirt an Taoiseach Enda Kenny.

Le linn caint theasaí sa Dáil, d’éiligh baill den fhreasúra arís eile go n-éireodh Nóirín O’Sullivan as a cúraimí.

Beidh ceisteanna faoin gconspóid á bhfreagairt sa Dáil anocht ag an Aire Dlí agus Cirt, an Tánaiste, Frances Fitzgerald.

Tá rúin mhímhuiníne i gCoimisinéir an Gharda Síochána á gcur síos ag páirtithe éagsúla sa fhreasúra. Deir Fianna Fáil nach féidir leosan go fóill muinín a léiriú sa Choimisinéir.

Dúradh i ráiteas an rialtais go gcaithfí próiseas athchóirithe a chur i bhfeidhm sa Gharda Síochána a bheadh soiléir don phobal agus gur chóir tacaíocht uilepháirtí a bheith ag an bhfiosrúchán nua.

Pléifidh an Tánaiste na ceisteanna ar fad faoin gconspóid leis an Rialtas an tseachtain seo chugainn, a dúradh.

Fág freagra ar 'Fiosrúchán cuimsitheach ar an nGarda Síochána fógartha agus éirí as an Choimisinéara fós á éileamh'