Tá pobal na Gaeilge in “áit leochaileach” sa phlé atá ar siúl faoi láthair maidir le ‘Éire Aontaithe, de réir taighde nua.
Agus cuid den taighde atá idir lámha aici dá PhD á sheoladh aici, dúirt Róisín Nic Liam gur “minice ar fad a bhíonn an Ghaeilge á plé ar bhonn diúltach seachas bonn dearfach” agus Éire Aontaithe á plé.
Éire Aontaithe mar dheis chlaochlaitheach: ré nua don Ghaeilge agus don Ghaeilge ba theideal don chaint a thug Nic Liam ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Nic Liam gur chuir sí roimpi “scrúdú a dhéanamh ar ionad na Gaeilge sna díospóireachtaí ar fad” faoi Éirinn Aontaithe agus anailís a dhéanamh ar an bplé.
Dúirt sí go mbeidh ceist na Gaeilge “lárnach” sa chomhrá náisiúnta a tharlóidh faoi Éirinn Aontaithe ach go bhfuil an teanga in áit “an-leochaileach” agus gur gá an plé “a thiontú do sheasamh níos gníomhaí agus níos dearfaí”.
Dúirt Nic Liam go gcaitear leis an nGaeilge, den chuid is mó, mar “rud atá ina ábhar idirbheartaíochta” seachas mar rud a “chuirfeadh le saol an uile dhuine” in Éirinn Aontaithe.
Tá sraith moltaí déanta ag Nic Liam do Chonradh na Gaeilge le go bhféadfadh an eagraíocht teanga “rannpháirtíocht na nGael” sa díospóireacht faoi Éirinn Aontaithe “a mhéadú”.
Dúirt sí go ndéantar “frámáil dhiúltach” ar cheist na Gaeilge agus thug samplaí de chuid den tráchtaireacht Bhéarla a dhéantar ar an teanga i gcomhthéacs an Athaontaithe. Tagraíodh don Ghaeilge mar ‘comhcheilg’ agus mar ‘arm’ sna leabhair agus sna hailt a thaispeáin sí.
“Is fúinne atá sé dúshlán a thabhairt don tuairimíocht seo agus athfhrámáil a dhéanamh ar na díospóireachtaí seo,” a dúirt Nic Liam.
Mhaígh sí go raibh na díospóireachtaí faoi Éirinn Aontaithe “ag tosú amach ar bhonn fíordhiúltach” ó thaobh na Gaeilge de agus go gcaithfeadh cainteoirí Gaeilge a “samhlaíocht” a úsáid le dul i ngleic leis an treocht sin. Dúirt sí gur “ábhar buartha” é an chaint faoin nGaeilge atáthar a dhéanamh faoi láthair mar go bhfuil sí “ag múnlú na díospóireachta ar fad”.
Dúirt Nic Liam gur léiríodh ina cuid taighde go bhfuil “an aicme pholaitiúil agus an aicme acadúil” sásta go leanfadh “forlámhas an Bhéarla” ar aghaidh in Éirinn Aontaithe ach go bhfuil an deis ann “ré nua chomhionannais” a thabhairt isteach ach an deis a thapú.
Caithfidh lucht labhartha na Gaeilge iad féin “a eagrú mar phobal agus fís uaillmhianach dhearfach a mhúnlú” don teanga. Tá moladh déanta aici do Chonradh na Gaeilge “tús a chur le pleanáil straitéiseach” d’Éirinn Aontaithe; go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge “comhdháil acadúil” a chur ar bun ar an ábhar; agus tuarascáil a chur le chéile “le bronnadh” ar an gComhchoiste Oireachtais um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Agus é ag labhairt mar chuid de phainéal plé i ndiaidh sheoladh an taighde, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, go molann sé “go mór” an taighde agus na moltaí atá mar chuid de.
Pléadh roinnt rún ag an Ard-Fheis a bhaineann le seasamh Chonradh na Gaeilge i leith Éireann Aontaithe agus na ceisteanna a bhaineann go sainiúil leis an teanga ann.
Fág freagra ar 'Pobal na Gaeilge in ‘áit leochaileach’ sa phlé ar Éirinn Aontaithe – taighde'