‘Mura bhfuil tú ag an mbord, tá tú ar an gclár bia’ – imní faoin mbaol ann go mbainfí leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge

Deir an t-abhcóide agus iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge Dáithí Mac Cárthaigh nach n-athródh Éire Aontaithe as féin “rud ar bith” i gcás cearta teanga ach go raibh an baol ann go mbainfí leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge

‘Mura bhfuil tú ag an mbord, tá tú ar an gclár bia’ – imní faoin mbaol ann go mbainfí leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge

Bhraithfeadh an stádas atá ag an nGaeilge in Éirinn Aontaithe ar an stádas a bheadh aici sa dá dhlínse “an lá roimhe”, a deir iaruachtarán de chuid Chonradh na Gaeilge.

Deir an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh nach n-athródh Éire Aontaithe as féin “rud ar bith” i gcás cearta teanga ach go raibh an baol ann go mbainfí leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge.

“Braithfidh an stádas atá aici in Éirinn Aontaithe ar an stádas a bheidh aici an lá roimhe. Nuair a thiocfaidh an dá thír le chéile, mura mbíonn daoine i dtaithí ar dhlíthe dátheangacha agus ar an nGaeilge a bheith á labhairt sa dá pharlaimint, ní athróidh Éire Aontaithe rud ar bith,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Dúirt Mac Cárthaigh, ag ócáid a reáchtáil Cumann Barra na hÉireann ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste  ag an deireadh seachtaine, go mbeadh sé an-tábhachtach cearta teanga a dhaingniú i réimsí áirithe “i bhfad roimh” aon reifreann ar Éirinn Aontaithe.

Dúirt sé go bhfuil “stádas oifigiúil” don Ghaeilge tábhachtach sa dá dhlínse ach go gcaithfidh “cearta teanga” a bheith sa reachtaíocht, sna cúirteanna, sna parlaimintí agus sa chóras oideachais.

“Caithfear iad sin a fháil i gceart ar an dá thaobh roimh ré,” a dúirt Mac Cárthaigh.

Tá an baol ann, dar leis an abhcóide, go mbainfear “leas” as Éirinn Aontaithe le “ísliú céime” a thabhairt don Ghaeilge agus go ndéanfar é sin mura mbíonn cainteoirí Gaeilge i lár an aonaigh agus an t-athaontú á phlé.

“Tá an baol ann go mbainfear leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge. Tá lucht labhartha an Bhéarla an-sásta ísliú céime a thabhairt dúinn, agus tá siad ag caint eatarthu féin fúinne. Mar a dúirt an fear a dúirt, ‘mura bhfuil tú ag an mbord, tá tú ar an gclár bia’, agus b’fhearr dúinne a bheith ag an mbord,” a dúirt sé.

Is mar “mhionlach i measc mionlaigh eile” is ceart do chainteoirí Gaeilge breathnú orthu féin sa stát nua agus ba chóir dóibh an cás a chur chun cinn gur mionlach iad taobh leis an mionlach Aontachtach agus a gcearta á lorg acu.

“Ba cheart dúinn féachaint orainn féin mar mhionlach i measc mionlaigh eile. Beidh cosaintí ag teastáil ón iarphobal Aontachtach agus uainne, agus ba cheart dúinn breathnú orainn féin sa chomhthéacs sin,” a dúirt sé.

Le linn a chuid cainte, mhol Mac Cárthaigh na polasaithe agus an reachtaíocht atá i bhfeidhm i ndlínsí eile faoi láthair agus dúirt gur chóir oibriú i dtreo reachtaíocht den chineál céanna a bhaint amach in Éirinn sna blianta roimh reifreann faoi Éirinn Aontaithe.

Dúirt sé go bhfuil an bunreacht atá i bhfeidhm i gCeanada, ina dtugtar stádas oifigiúil don Bhéarla agus don Fhraincis araon, ina eiseamláir d’Éirinn. Thagair sé freisin don stádas atá ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus an chaoi a gcuirtear an stádas sin i bhfeidhm.

Mhaígh sé go bhfuil “urlár nua” leagtha amach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh d’fheidhmiú an stádais oifigiúil atá ag teanga, agus go gcaithfeadh “Éire Aontaithe a bheith chomh Gaelach leis an Aontas Eorpach” le go mbeadh stádas agus cosaint cheart ag an nGaeilge ann.

Mhol Mac Cárthaigh go ndéanfaí leasú ar Alt 8 de Bhunreacht na hÉireann, an t-alt inar bronnadh an stádas oifigiúil ar an nGaeilge. Mhol sé go ndéanfaí tagairt áirithe don Albainis san alt leasaithe a thabharfadh le fios gur “mór le náisiún na hÉireann an tábhacht chultúrtha” a bhaineann leis an teanga sin.

Dúirt sé gur chóir aitheantas áirithe a thabhairt do Theanga Chomharthaíochta na hÉireann sa bhunreacht agus go ndéanfaí tagairt do theangacha na bpobal inimirce ann freisin.

Bhí Dáithí Mac Cárthaigh ag labhairt ag an ócáid An Ghaeilge, an Dlí agus an tAthaontú in éineacht leis an mBreitheamh Bronagh Ní Anluain, agus na habhcóidí Catherine Donnelly agus Ciarán White ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste.

Fág freagra ar '‘Mura bhfuil tú ag an mbord, tá tú ar an gclár bia’ – imní faoin mbaol ann go mbainfí leas as Éirinn Aontaithe chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge'