‘Oíche Nollag’ le Máire Dinny Wren
Le clapsholas fríd fhuinneog na cisteanadh,
lean mise agus na páistí eile rian na réinfhianna
’s muid ag éisteacht le carúil ar an raidió.
Shamhlaigh muid na carranna sleamhnáin
ag treabhadh fríd réaltaí geala na Seisrí.
Tháinig glór m’athara chugainn ón bhóitheach,
amhrán croíúil aige ’s é ag blí na mbó;
sa chisteanach, bhí mo mháthair ag cluimhriú turcaí.
Chroch muid na stocaí cois teallaigh
’s le suantraí na habhna inár gcluasa,
chuaigh muid a luí ’s muid ag brionglóidí
ar an fhear mhór a bhí ar an bhealach ón Mhol Thuaidh
‘s muid ag guí go dtiocfadh an mhaidin go luath.
Mall san oíche ’s muid faoi shuan
‘s na coinnle ag dealramh sna fuinneogaí,
bhí scáile solais ar an domhan
’s cé nár chuala muidinne iad
go hard sna glinnte, bhí cór binn na n-aingeal
ag ceiliúradh le tréan lúcháire
breith an linbh Íosa sa stábla i mBeithil.
*D’fhoilsigh Éabhlóid an cnuasach haiku I Muinín na nDúl le Máire Dinny Wren in 2025
Fág freagra ar '‘Oíche Nollag’ le Máire Dinny Wren'