“Go luath san earrach” a thiocfaidh an reachtaíocht atá le toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais os comhair na Dála arís, dar le hAire na Gaeltachta.
Thug an tAire Dara Calleary le fios sa Dáil gur sa mbliain nua a chuirfí tús arís leis an bplé ar An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, píosa reachtaíochta a gealladh ar dtús breis is cúig bliana ó shin.
Ní hamháin go bhfuil na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais faoin reachtaíocht leasaithe ach tá tuilleadh cumhachtaí maidir le cúrsaí tithíochta le tabhairt don Údarás chomh maith in iarracht dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta sa nGaeltacht.
Ba i mí Bealtaine na bliana seo go deireadh a tháinig an bille os comhair na bpolaiteoirí i dTeach Laighean.
Bhí spriocdháta mór amháin caillte faoin am sin agus é i gceist ar dtús go mbeadh an reachtaíocht réidh chun go bhféadfaí toghcháin an Údarás a reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla a bhí ann mí an Mheithimh 2024.
Is in 2020 a gealladh ar dtús go dtabharfaí ar ais an toghchán do bhord an Údaráis. Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta, 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta.
Faoin struchtúr nua atá beartaithe ag an Rialtas, 16 comhalta a bheidh i gceist, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.
Toghfar triúr chun an bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.
Tá cumhachtaí sonracha i leith cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht le tabhairt don Údarás faoin mbille chomh maith. Deirtear sa mbille go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.
Mhol an freasúra roinnt leasuithe ar an dréachtreachtaíocht chun tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Údarás chun tithíocht a thógáil ach níor ghlac an rialtas leo go dtí seo.
Agus é ag labhairt sa Dáil le déanaí, dúirt an tAire Calleary nach fiú cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás nach mbeadh sé in ann a úsáid.
“Tá mé ag obair chun go mbeidh tuiscint idir mé féin agus an tÚdarás faoi stádas pleanála na talún atá aige i ngach chuid den Ghaeltacht,” ar sé.
“Níl aon fhadhb agam cumhachtaí a thabhairt don Údarás don talamh atá aige ag an bpointe seo ach tá sé tábhachtach go dtuigfimid céard é stádas na talún sin ag an bpointe seo agus cé na hathruithe atá déanta. Níl aon phointe cumhacht a thabhairt don Údarás murar féidir leis an chumhacht sin a úsáid mar gheall ar chúrsaí pleanála nó aon rialachán a bheidh ar an talamh sin.”
Moladh i bplean náisiúnta tithíochta nua an Rialtais go “bhfiosrófaí an fhéidearthacht” go n-oibreodh Údarás na Gaeltachta, Uisce Éireann, agus na húdaráis áitiúla as lámha a chéile chun tithíocht a thógáil sa nGaeltacht agus dúirt an tAire Calleary go raibh sé i gceist aige bualadh le Príomhfheidhmeannach an Údaráis chun comhoibriú le hUisce Éireann a phlé.
Dúirt sé go raibh cruinniú le bheith aige freisin mí Eanáir leis na húdaráis áitiúla Ghaeltachta “chun brú a chur orthu” maidir le cúrsaí pleanála sa nGaeltacht.
Fág freagra ar 'Bille Údarás na Gaeltachta le teacht os comhair na Dála arís in earrach 2026'